Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Mar a Chaitheamar É

Saorchead Isteach

Tá éadaí agus seodra sa taispeántas seo a chaith daoine in Éirinn idir na 1760idí agus na 1960idí, go príomha.

Cé go gceapann go leor daoine fós gurb iad na héadaí olla a chaití in Iarthar na hÉireann gnáthéadaí mhuintir na hÉireann ar fud an oileáin, léiríonn an taispeántas seo gur chaith tromlach mhuintir na hÉireann fadó, fiú amháin daoine a chaith fabraicí a fíodh go háitiúil (síoda, línéadach, olla agus cadás), stíleanna a d'fhéadfadh dul in iomaíocht le lucht faisin na hEorpa. Tá roinnt de na hábhair as a ndearnadh seodra le feiceáil sa taispeántas seodra, chomh maith leis na fáthann a chaitheadh daoine seodra agus an réimse stíleanna a cheannaigh agus a chaith daoine síos tríd na blianta.

Léiríonn an taispeántas seo cé gur ghléas roinnt d’fhir agus mná na hÉireann ar bhealach traidisiúnta, ach go háirithe in áiteanna iargúlta faoin tuath, chaith formhór na ndaoine éadaí a léirigh faisean a bhí ag athrú agus a bhí faoi thionchar ag stíleanna faisin in áíteanna eile san Eoraip.

Ar taispeáint tá samplaí de na hoiriúintí éadaí a chaith daoine a bhí sách gustalach agus a raibh an t-airgead acu le caitheamh ar éadaí galánta. Is iad a gcuid éadaí siúd a mhaireann, agus mhair neart rudaí toisc go raibh meas agus luach orthu, agus gur cuireadh sa stór iad agus gur tugadh ar aghaidh iad ó ghlúin go glúin; éadaí ar nós an cóta veilvite bándearg bróidnithe agus na brístí síoda a chaith duine de mhuintir Worth Newenham i gCarraig Uí Laighin, Co. Chorcaí sna 1770í; nó an gúna pósta síoda a chaith Hannah Woodcock Perry nuair a phós sí Marcus Goodbody i dTeach Tionóil na gCairde i mBaile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath, i 1848. Ní raibh sé d’ádh ar gach duine éadaí a bheith acu a d’fhéadfaí a stóráil agus a choimeád gan úsáid, agus dá bhrí sin is beag atá fágtha d’éadaí na mbocht.  

Faisean don Mheánaicme

Is minic a léiríódh mianta mheánaicme na hÉireann’s sa dá chéad deiridh i rogha na n-éadaí, maraon le tuairimí faoi mheasúlacht agus comhchosúlacht. TFiosraítear na téamaí seo agus eile, ar nós gléasadh do chompord agus do phraiticiúlacht, pátrúnacht ar dhéantús áitiúil nó náisiúnta, agus léiriú an tsaibhris trí roghanna éadaí.

TLéiríonn na héadaí ar taispeáint an chaoi inar éirigh gléasadh le stíl inrochtana don daonra i gcoitinne le fáil níos mó ar fhabraicí faiseanta saora agus le scaipeadh na stíleanna ba nua-aimseartha trí phictiúir in irisí agus páipéir.

Chuidigh forbairtí teicneolaíochta, ar nós ceapadh an innill fúála i lár na 19ú haois, le faisean a dhaonlathú, agus chuidigh siad le déantóirí éadaí gairmiúla agus teaghlaigh araon na faisin ba dhéanaí a oiriúnú agus a chóipeáil níos éasca. Scrúdaíonn an taispeántas freisin ról tábhacht eacnamaíochta a bhí ag tionscail na dteicstílí agus na n-éadí, agus mar a rinne earraí a táirgeadh in Éirinn iomaíocht i margadh an domhain. Mar shampla, bhain Baile Brigín i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath clú amach as góiséireacht ardchaighdeáin, agus bhí clú agus cáil idirnáisiúnta ar lás agus cróise na hÉireann ag deireadh na 19ú agus tús na 20ú haois.

Seodra na hÉireann

Taispeánann gailearaí an tseodra píosaí ón 17ú go dtí an 20ú haois agus fiosraíonn roinnt téamaí a bhaineann leis an gcineál seo de mhaisiú pearsanta, ó na fáthanna éagsúla le seodra a chaitheamh go dtí an réimse d’ábhair a úsáidtear chun é a chruthú.

Léirítear treoanna mór-éilimh is seodra, ar nós faisean na 18ú haois do sheodra socraithe le clocha taois; an faisean ag ús na 19ú haoise do clocha leathlómhara ar nós aimitis, agáití agus turcaid; agus an t-éileamh leanúnach do chaimeonna agus coiréal dea-ghreanta ón Iodáil. Is féidir an faisean d’athbheochan stairiúil a fheiceáíl i stíl gotach sheodra iarainn Berlin agus sa bh de phíosaí le hionsparáid ón seandálaíocht ag seodóirí Iodáileacha, Fortunato Castellani agus Carlo Giuliano.

In Éirinn, bhí foirm Cheilteach ach go háirithe ar an bhfaisem seo sa 19ú haois d’athbheochan, nuair a thosaigh comhlachtaí ar nós James West & Son, Waterhouse & Co., agus gabha airgid Edmond Johnson, ar fionnachtana seandálaíochta nua-aimsithe ar nós Dhealg na Teamhrach ón 8ú haois, a fuarthas i Mbaile an Bhiataigh i gCo, na Mí, in 1850, a athchruthú. Go minic, chaití na dealga macasamhlacha seo chun tírghrá agus bá leis an náisiúnachas a léiriú

Tá na taispeántáin éide agus seodra á dtacú ag líniocht chomhaimseartha, fógraí agus grianghrafa cartlainne. 

 

Suíomh:


Mar a Chaitheamar É suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Cé go gceapann go leor daoine fós gurb iad na héadaí olla a chaití in Iarthar na hÉireann gnáthéadaí mhuintir na hÉireann ar fud an oileáin, léiríonn an taispeántas seo gur chaith tromlach mhuintir na hÉireann fadó, fiú amháin daoine a chaith fabraicí a fíodh go háitiúil (síoda, línéadach, olla agus cadás), stíleanna a d'fhéadfadh dul in iomaíocht le lucht faisin na hEorpa.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444