Scipeáil chuig ábhar

Gan chríochdháta

An Cogadh sa Láib: An Saighdiúir Éireannach sa Bheilg i samhradh 1917

Saorchead isteach

I 1917, throid dhá Rannán Éireannacha taobh le chéile, ag buachan agus ag cailleadh. 

I Meitheamh 1917, bhí sé d’ádh ar an 36ú Rannán (Uladh) agus ar an 16ú Rannán (Éireannach), tar éis ullmhú go cúramach, fórsaí Gearmánacha a bhí daingnithe go maith i dtrinsí a ruaigeadh as Messines Ridge, suíomh a raibh an-tábhacht leis. Ní fhacthas réamhbhombardú airtléire riamh a bhí chomh fíochmhar leis – phléasc trí shliogán ar línte na nGearmánach gach soicind go ceann 12 lá.  Ina diaidh phléasc 19 mianach faoi línte na nGearmánach agus maraíodh 10,000 saighdiúír Gearmánach.

Dhá mhí níos déanaí, maraíodh líon mór den dá rannán ag Cath Langemarck agus ionsaí á dhéanamh acu ar dhaingniú coincréite sa láib a lean fómhar a bhí níos fliche ná mar ba ghnách.   Fuair an ceannasaí Éireannach Hubert Gough rabhadh óna oifigigh go raibh go dona, ach d’ordaigh sé dóibh an t-ionsaí a dhéanamh. Dúirt finné súl: “Scriosadh an dá rannán Éireannacha ina smidiríní, agus dúnmharú a thug a mbriogáidirí air.” D’fhéach Gough níos déanaí leis an milleán a chur ar an 16ú Rannán as an gcliseadh. 


Tá na scéalta seo a leanas ar taispeáint anseo:
Liostáil an tAthair William Doyle as Baile Átha Cliath i 1915 agus bhí an-mheas ag na saighdiúirí Éireannacha air le linn uafáis Chath an Somme, agus níos déanaí ag Messines Ridge agus Passchendaele, mar ar maraíodh é an 16ú Lúnasa.  Ní bhfuarthas a chorp riamh.  Mhol an Ginearál Hickie Crois Victoria a bhronnadh ar an Athair Doyle, anuas ar an mBonn Míleata a bhí buaite aige cheana.  Ach áitíodh tar éis a bhás gur diúltaíodh Crois Victoria dó i ngeall “ar dhícháiliú faoi thrí as bheith ina Éireannach, ina Chaitliceach agus ina Íosánach”.   Faoi dheireadh 2017, bhí an oiread sin saighdiúirí caillte gur dheacair saighdiúirí eile a fháil don 16ú Rannán agus b’éigean dul i muinín saighdiúirí Briotanacha coinscríofa. D’fhág Hickie an rannán i mí Feabhra 1918 ar bhonn easláinte. 

Chiallaigh an líon mór básanna ar an bhFronta Thiar gur ceapadh mórchuid de na saighdiúirí a tháinig slán ina n-oifigigh in achar gearr. Is iomaí Éireannach a bhí ina measc siúd. 

Saighdiúir gairmiúil as Béal Feirste agus sáirsint i Raidhfilí Ríoga na hÉireann ab ea Samuel Morgan. Nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach, bhí dóthain taithí mhíleata aige le go gceapfaí ina dhara leifteanant é agus coimeádadh é in Éirinn é go dtí 1917, nuair a d’imigh sé féin agus a reisimint go dtí an Fronta Thiar. Ar an 19ú Iúil 1917, chuir sé cuimhneachán de nóta bainc Francach ar ais go hÉirinn, chuig a mhac Leo. Trí seachtaine ina dhiaidh sin, lámhachadh tríd an gcloigeann é agus fágadh Leo Morgan gan athair.  

Sa Rinn i mBaile Átha Cliath a saolaíodh John Patrick Hunt,  a throid agus é ina ógfhear i gCogadh na hAfraice Theas (1899-1901). D’éirigh sé as i 1913, agus chríochnaigh a shaol míleata le Cór Oiliúna na nOifigeach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.   D'athliostáil sé san arm nuair a bhris an cogadh amach i samhradh 1914, agus ceapadh ina oifigeach é gan mhoill.  Nuair a bhris Cath Messines amach, bhí sé ina Mhaor i bhFiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath agus bhí sé d’ádh air teacht slán as an gcogadh. Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉirean sna 1920í.
 
Bhí Cath Messines agus Cath Langemarck ar na deich gcath a dtugtar Ionsaí Fhlóndras 1917, nó Triú Cath Ypres or díreach Passchendaele orthu, i dteannta a chéile.  Faoi dheireadh an ionsaí seo, bhí 320,000 fear d’airm Cheanada, na Beilge, na hAstráile, na Nua-Shéalainne, na Breataine, na hAfraice Theas agus na Fraince marbh, agus idir 200,000 agus 300,000 Gearmánach mar an gcéanna.  Tá cuimhne ar an ionsaí as an gcos mhorgach, na dálaí uafásacha, an láib, an síorbháisteach agus de bhrí gurbh é an cath tnáite deiridh a troideadh ar an bhFronta Thiar.
 

Suíomh:


An Cogadh sa Láib: An Saighdiúir Éireannach sa Bheilg i samhradh 1917 suite ag:
Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7
D07 XKV4


Mínítear sa taispeántas seo ar tharla don saighdiúir Éireannach ar an bhFronta Thiar i samhradh 1917

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444