Scipeáil chuig ábhar

Mar gheall ar an Músaem

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann - Ealaíona Maisiúla & Stair suite ar cheann de na láithreáin stairiúla is suaithinsí i mBaile Átha Cliath.

San iar-dhún míleata seo gheofar dhá cheann de bhailiúcháin shuimiúla atá an-difriúil ó chéile. Sna hEalaíona Maisiúla gheofar earraí airgid, ceirmeacht, gloine, troscán, éadaí, seodra agus boinn agus sa Stair gheofar scéal stair mhíleata agus réabhlóideach na hÉireann go dtí an lá. Saorchead isteach.

Áirítear ar na príomhthaispeántais Saighdiúirí agus Taoisigh, trína rianaítear stair mhíleata na hÉireann ó 1550 igo dtí an 21ú haois, agus Eileen Gray, ina bhféachtar ar shaol agus ar shaothar an dearthóra cháiliúil seo ón 20ú haois.

Cuireann an Músaem clár ceardlann, cainteanna agus turas ar fáil ó cheann cean na bliana don uile aoisghrúpa, agus clár de thaispeántais shealadacha ar théarmaí stairiúla agus comhaimseartha araon.

Tá caifé agus siopa bronntanas san fhoirgneamh seo chomh maith.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444