Scipeáil chuig ábhar

Inrochtaineacht an Fhoirgnimh

Faigh amach faoi na roghanna atá ar fáil do chuairteoirí ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Ealaíona Maisiúla & Stair, cuairteoirí atá ar lag-ghluaiseacht, ar lagradharc nó ar lagéisteacht.

Tá trí gheata isteach chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann - Ealaíone Maisiúla & Stair:

  • An príomhgheata ó Shráid na Binne Boirbe d'fheithiclí agus do choisithe. Tá cnoc le siúl suas ón ngeata seo go Cearnóg Uí Chléirigh.
  • Tá geata eile do chairr agus do choisithe ar chúl an láithreáin isteach ó Chnoc an Arbhair. Tá cnoc anuas ón ngeata go dtí an carrchlós.
  • Tá geata do choisithe ó stad an Luas (Músaem) go Sráid na Binne Boirbe, ach níl sé oiriúnach do chathaoireacha rotha. (Tá slí isteach do chathaoireacha rotha tríd an bpríomhgheata ar Shráid na Binne Boirbe.)

Tar éis dul isteach i gclós an Mhúsaeim, chífidh tú an príomhdhoras isteach ó Chearnóg Uí Chléirigh. Tá an slí isteach ar leibhéal na talún agus tá dhá cinn de dhoirse gloine isteach san áit fáilte.


Páirceáil

Caithfear íoc as páirceáil i gCarrchlós Dhún Uí Choileáin (ach amháin má tá cead páirceála).

  • 1 uair an chloig €2
  • 4 uair an chloig €5
  • Páirceáil lae €12

Uaireanta Oscailte an Charrchlóis:

  • Luan - Satharn 7.30 - 6 (dúntar na geataí ar a 6.30 tráthnóna)
  • Domhnach 1 - 5.30 (dúntar na geataí ar a 6 tráthnóna)

Tá seacht spás páirceála curtha i leataobh do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil suaitheantas gorm acu.


Áiseanna do dhaoine atá ar lag-ghluaiseacht

  • Tá rochtain ag cách ar Mhúsaem na nEalaíon Maisiúil & Staire. Tá ceithre ardaitheoir san fhoirgneamh, sa phríomháit fáilte, sa chúinne thoir chuig urláir a haon go dtí a trí den roinn ealaíon maisiúil den mhúsaem. Tá dhá ardaitheoir chuig an taispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh.
  • Tá leithreas do chách sa phríomháit fáilte, ar an mbunurlár den taispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh, sa Scoil Eachaíochta (gailearaí sealadach) agus in Brambles Café.
  • Tá stóil ghluaisteacha ar fáil ón Deasc Fáilte ach iad a iarraidh.
  • Tá cathaoireacha rotha ar fáil ón Deasc Fáilte ach iad a iarraidh. Glaoigh ar +353 1 6777444 roimh ré chun ceann a chur in áirithe.
  • Tá áiteanna suí ar fáil i bhformhór na ngailearaithe.

Áiseanna do dhaoine atá ar lagradharc

  • Tá fáilte roimh mhadraí treoracha agus madraí cúnaimh.
  • Tá an soilsiú íseal i dtaispeántais áirithe ar mhaithe le déantáin a chaomhnú. 
  • Is féidir lámh a chur ar chuid de na taispeántáin sa Mhúsaeim. Iarr ar bhall foirne nó ar chúntóir cabhrú leat iad seo a aimsiú.

Áiseanna do dhaoine atá ar lagéisteacht

  • Is dona linn nach bhfuil lúba ionduchtaithe ar fáil faoi láthair sa Mhúsaem.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Ealaíona Maisiúla & Stair

Dún Uí Choileáin,
Sráid na Binne Boirbe,
Baile Átha Cliath 7,
D07 XKV4

+353 1 677 7444