Scipeáil chuig ábhar

Caibinéad na nIontas

Is crios idirghníomhach uathúil, arna dhearadh go speisialta, Caibinéad na nIontas arna spreagadh ag ‘caibinéid ábhar iontais’ ón ré Victeoiriach.

Leis an spás, ligtear do chuairteoirí dul an-ghar do raon de na samplaí agus macasamhlacha de shamplaí agus réada, agus i gcásanna áirithe iad a bhrath agus lámha a chur orthu.
Áirítear le buaicphointí Chaibinéid na nIontas:

  • Cnámh géill iontaisithe ó hiéna breac - féach iontaise fíor an-ghar a fuarthas in uaimh in Éirinn
  • Cloigeann ó hiéna breac - Braith cloigeann hiéna agus féach ar a chuid fiacla géara agus cnámh géill chumhachtach shuntasach
  • Iontaise binne ó Fhia Mór na mBeann (Megaloceros giganteus) - rinneadh Fianna Móra na mBeann a dhíothú in Éirinn níos mó ná 10,500 bliain ó shin agus is féidir leat a gcnámharlaigh iontaise fíora a fheiceáil ar taispeántas ag an Músaem i Seomra na hÉireann. Tá iontaise binne fíor i gCaibinéad na nIontas atá na mílte bliain d’aois agus is féidir leat é a bhrath
  • Turtar Ceannramhar - Fuarthas an turtar aosach seo ar thrá i nDroichead an Chláirín, Co. na Gaillimhe. Itheann na turtair sin ainmhithe, amhail smugairlí róin gealaí, de réir mar a dhéanann siad imirce tríd an Aigéan Atlantach
  • Fabhcún Gorm - Is é an an t-éan creiche seo an rud is gasta atá beo ar an Domhan agus is féidir leis luasanna de 250 km in aghaidh na huaire a bhaint amach agus é sa tóir ar a chreach. Tabhair cuairt ar Chaibinéad na nIontas chun fáil amach an rud ar a bhfuil an Fabhcún Gorm sa tóir!
  • Limistéar Láimhsithe Muirí - Braith fiacail ollmhór siorca iontaise, cloigeann róin agus cnámh géill siorca ag Caibinéad na nIontas (fiacail siorca Megalodon, cloigeann róin chuain (macasamhail) agus cnámh géill siorca thíograigh - is macasamhlacha iad uile)
  • Is féidir le cuairteoirí creachadóirí fiáine agus creach a fheiceáil a chónaíonn in Éirinn amhail sionnach ina chodladh, easóg ocrach, luchóg i bhfolach agus francach donn.

Mar gheall ar dhearadh cliste Chaibinéad na nIontas is spás é freisin ina mbíonn imeachtaí oideachasúla agus ceardlanna ar siúl, agus teilgeoirí, scáileáin agus micreascóip ann.

Rinneadh Caibinéad na nIontas a dhearadh ag AP+E (ailtirí) agus a thógáil ag Chris White ó Acrewood, agus rinne Detail Design Studio an obair dearaidh ghrafaigh.

Forbraíodh Caibinéad na nIontas le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Stair an Dúlra

Stair an Dúlra,
Sráid Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2,
+353 1 677 7444

D02 F627