Scipeáil chuig ábhar

Scoileanna Teanga

Faigh amach conas is féidir le grúpa ó do scoil teanga lántairbhe a bhaint as cuairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Tá súil againn go mbainfidh do scoláirí taitneamh as a gcuairt ar an Músaem.
Tá na treoirlínte a leanas i bhfeidhm chun a chinntiú go mbaineann tusa agus do ghrúpa lántairbhe as do chuairt.
Áirithint
Ní mór do gach grúpa a chuairt a chur in áirithe roimh ré. Le linn tréimhsí gnóthacha, féadfar iarraidh ar ghrúpaí nach ndéanann áirithint roimh ré a n-iontráil chuig an Músaem a mhoilliú ar a dteacht. Chun cuairt a eagrú cuir in áirithe í dhá sheachtaine ar a laghad roimh ré le hOifig na nÁirithintí.
Ullmhúchán
Smaoinigh ar roinnt ullmhúcháin a dhéanamh sa rang roimh do chuairt chun cuidiú le scoláirí an méid atá os a gcomhair a thuiscint. Smaoinigh ar roinnt réamhoibre a dhéanamh. Féach ár leathanach um Thaispeántais nó brabhsáil ár raon de bhileoga gníomhaíochta.
Maoirseacht
Ní foláir nó go mbíonn scoláirí faoi mhaoirsiú ag cóimheas íosta de 15 scoláirí in aghaidh an bhaill foirne.
Ní mór do cheannairí grúpa fanacht lena ngrúpaí i gcónaí d’fhonn a chinntiú go n-iompraíonn na scoláirí ar bhealach iomchuí.
Meas ar an Músaem
Cosúil le grúpaí uile, beifear ag súil go n-iompróidh scoláirí na scoileanna teanga ar bhealach cúirtéiseach agus measúil maidir le foireann an mhúsaeim agus cuairteoirí eile:

  • Cosc ar rith sna gailearaithe 
  • Cosc ar ithe sna gailearaithe
  • Cosc ar shuí ar staighre
  • Cosc ar chaitheamh bruscair áit ar bith ar láithreán an Mhúsaeim
  • Bí measúil i leith turais eile/daoine aonair i spásanna na ngailearaithe
  • Chun faisnéis bhreise a fháil léigh Cód Iompraíochta an Mhúsaeim do ghrúpaí

Mar gheall ar theip ar chomhlíonadh na nithe thuas d’fhéadfaí iarraidh ar do ghrúpa an Músaem a fhágáil agus d’fhéadfaí nach mbeidh orainn áirithintí a ghlacadh ó d’eagraíocht sa todhchaí. Cuir an méid thuas in iúl don fhoireann agus do scoláirí uile.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Stair an Dúlra

Stair an Dúlra,
Sráid Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2,
+353 1 677 7444

D02 F627