Scipeáil chuig ábhar

Buantaispeántas

Fána na hÉireann

Saorchead isteach

Group of badgers Meles meles prepared by Williams & Son in 1911

Sna trátha deireanacha den Oighearaois sin mhair ainmhithe cosúil le fia mór na mbeann (Megaloceros giganteus) i dtír na hÉireann a raibh aeráid aici a bhí cosúil leis an gceann atá againn anois.

Roinn siad an timpeallacht le mamait chlúmhacha, hiéanaí breaca agus béir dhonna.

Níl mórán eiseamal mamaigh in Éirinn i gcomparáid le tíortha eile na hEorpa. Níor thaistil ach speicis áirithe isteach go hÉirinn sular scaradh ón mBreatain agus ó iarthuaisceart na hEorpa í ag deireadh na hOighearaoise. Ó shin i leith, thug daoine mórchuid speiceas eile isteach. Mar shampla, ba iad na hAngla-Normannaigh a thug isteach an coinín sa 12ú haois.

Mamaigh na hÉireann

Ceann amháin de shraith taispeántán a bhfuil an-tóir air is ea an ceann a rinne an gnólacht seitheadóirí Williams & Son i mBaile Átha Cliath. Tháirg siad ‘finte’ de bhroic, de mhadraí uisce agus de chait chrainn. Is mamaigh choitianta i dtírdhreach na hÉireann iad seo. Bíonn broic gníomhach istoíche, lorgaíonn siad talamh féaraigh áit a n-itheann siad cuiteoga, chomh maith le nithe eile in aiste bia atá an-éagsúil. Tugann sé seo i ngiorracht bheostoic iad. Tá galar i bpáirt acu leis an eallach, ar a dtugtar eitinn bhuaibheach. Níl an nasc idir ionfhabhtú na mbroc agus an eallaigh cruthaithe fiú tar éis blianta fada taighde. Tá an ról a mheastar atá ag broc in ionfhabhtú beostoic tar éis iad a chur faoi bhrú, áfach, agus maraítear na mílte díobh i gcláir atá dírithe ar an ngalar a smachtú. Saol na nÉan: Tá go leor de speicis éan na hÉireann faoi thrácht sa taispeántas.

Saol na nÉan

Tá go leor de speicis éan na hÉireann faoi thrácht sa taispeántas. Tá glao sainiúil tormánach ag na bonnáin agus bíonn an fhuaim le cloisteáil trasna limistéir mhóra I dtailte fliucha. Taoscadh mórchuid de thailte fliucha na hÉireann leis na céadta bliain anuas, rud a laghdaigh líon na gceapach giolcach inar dual don traonach pórú. Sa lá atá inniu ann is é an traonach Crex atá i mbaol de bharr athruithe i gcleachtais feirmeoireachta. Is ábhar feachtais faoi leith anois iad na héin seo, a bhfuil sé mar aidhm aige an traonach a shábháil mar éan goir in Éirinn.

Scríobh Frances Ledwidge (1887 – 1917) caoineadh dá chara Tomás Mac Donncha, a cuireadh chun báis i mBaile Átha Cliath i 1916 as an bpáirt a ghlac sé in Éirí Amach na Cásca. Seo iad na línte tosaigh cáiliúla:

He shall not hear the bittern cry
In the wild sky where he is lain
Nor voices of the sweeter birds
Above the wailing of the rain

Creachadóirí

Bíonn creachadóirí a bhíonn in iomaíocht le feirmeoirí i mbaol riamh anall. Glanadh na béir dhonna agus na mic tíre amach as Éirinn thar na céadta bliain, ach bhí na hiolair fhíréin an-choitianta anonn go dtí go déanach sa naoú haois déag. Faoi dheireadh an 20ú hAois, bhí clár ar bun i gContae Dhún na nGall chun na hiolair fíréana a thabhairt ar ais.

Bíonn mórchuid mamach gníomhach istoíche agus dá bhrí sin is foinse mhealltach bhia iad do na creachadóirí atá oiriúnaithe don dorchadas. Tugann súile móra agus cluasa íogair buntáistí do na hulchabháin agus iad ag breith ar chreach. Is é an t-ulchabhán réisc ceann de na héin a mhaireann in Éirinn ar feadh cuid den bhliain. I dtíortha eile is iad na vóil an bia is fearr leis an ulchabhán ach ní ainmhithe nádúrtha iad in Éirinn. Tugadh isteach an vól bruaigh go Corcaigh agus go Ciarraí i lár an 20ú haois, agus anois tá an t-ulchabhán réisc coitianta sa cheantar sin.

Tá na fabhcúin ghorma bhaineanna níos troime ná na cinn fhireanna. Úsáideann siad a meáchan chun luas a chur fúthu agus titeann siad anuas ón spéir de thuairt isteach ina gcreach agus a ngríobha réidh acu. Cosúil le go leor éan creiche, tháinig laghdú suntasach ar líon na seabhac seilge sa bhfichiú aois ach anois tá siad ag teacht chucu féin arís.

Saol na Mara

Tá rosuailt (capaill mhara) faoi bhrú anois mar go bhfuil an-tóir ar mhíníneachtaí i mbialanna na hÁise. Ní hamháin go bhfuil cuma aisteach ar na héisc bheaga seo ach tá gnásanna cúplála neamhchoitianta acu freisin. Is iad na capaill mhara fireanna a thógann na cinn óga, tugann siad fothain d’uibheacha i máilín goir go dtí go scaoiltear amach iad. Bailíodh an t-eiseamal atá ar taispeántas anseo nuair a bhí obair allamuigh agus taighde ar siúl ag foireann an Mhúsaeim.

Tá an diúilicín péarla fionnuisce faoi bhrú le blianta beaga anuas mar go bhfuil tóir ar na péarlaí a bhíonn sa sliogán uaireanta; bhí siad comónta i roinnt aibhneacha in Éirinn tráth. Díreach cosúil le hoisrí, táirgeann na héisc shliogánacha liathróid bheag d’ábhar sliogánach uaireanta timpeall ar ní a bhíonn ag cur as dóibh. Níl an meas céanna ar phéarlaí fionnuisce is atá ar na cinn ó éisc shliogánacha sáile toisc go meastar nach bhfuil siad chomh niamhrach. Táirgtear formhór péarlaí nua na linne seo ar fheirmeacha éisc shliogánaigh.

Tá ainmhithe nua ag teacht go hÉirinn i gcónaí agus ag lonnú anseo. Is éisc shliogánacha fionnuisce iad diúilicíní riabhacha a mhaireann sna haibhneacha timpeall na Mara Duibhe agus na Mara Caisp go nádúrtha. Leath siad ar fud na hEorpa nuair a tógadh na canálacha, agus shroich siad an Bhreatain sa bhliain 1830. Níor thosaigh na diúilicíní riabhacha ag leathadh ar fud na hÉireann go dtí na 1990í. Is lotnaid ollmhór anois iad; d’fhéadfadh suas le 100,000 acu a bheith in aon mheádar cearnach amháin. Is minic a loiteann speiceas coimhthíoch cothromas an dúlra nuair a bhogann sé go limistéir nua gan a chreachadóirí nádúrtha a thabhairt leis.

I measc na nithe aisteacha atá ar taispeáint tá corrcheann aisteach cosúil leis an ngliomach seo, nach bhfuil gnáth-dhathú forbartha ach ar thaobh amháin de.
 

Saol na bhFeithidí

Tá tuairim is 16,000 speiceas feithidí in Éirinn. Ceann de phríomhrólanna an mhúsaeim is ea cabhrú le heolaithe ainmhithe a aithint. Tá sé fíorthábhachtach gach speiceas a aithint i gceart d’fhonn na lotnaidí a smachtú. Glacann an-chuid feithidí ról tábhachtach maidir leis an nádúr a choinneáil i gcothromas. Pailníonn siad plandaí agus cuireann siad speicis dhíobhálacha d’fheithidí faoi smacht. Trí mhonatóireacht rialta a dhéanamh ar fheithidí faightear léargas ar shláinte na timpeallachta. Is táscaire de thalamh féaraigh sláintiúil é an gormán coiteann Polyommatus icarus.

Rug William Meares ar eiseamal de bhreac i Loch Ainnínn, Co. na hIarmhí, an 15 Lúnasa 1894. Bhí an breac 11.8 cileagram meáchain nuair a rugadh air agus is é an breac is troime go fóill é in ainneoin go leor dúshlán. Tháinig dúshlán amháin ó bhradán ar measadh gur breac a bhí ann. Tugtar Púca Pepper ar an iasc seo agus é níos mó ná 13.8 cileagram meáchain, bhí an churiarracht aige ó 1861 i leith. Dhearbhaigh imscrúdú ar a ngainní gur bhradán é Púca Pepper. Léiríonn an scéal seo go bhfuil úsáid eile ann do bhailiúchán an mhúsaeim – an fhírinne a aimsiú taobh thiar de scéalta amhrasacha!

Suíomh:


Fána na hÉireann suite ag:
Stair an Dúlra,
Sráid Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2
+353 1 677 7444


Maireann na hainmhithe atá le fáil in Éirinn inniu i dtírdhreach a sciúir an t-oighear roinnt uaireanta le 100,000 bliain anuas.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Stair an Dúlra

Stair an Dúlra,
Sráid Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2,
+353 1 677 7444

D02 F627