Scipeáil chuig ábhar

I dtaobh an Mhúsaeim

Tógadh foirgneamh Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra in 1856, agus is déantán álainn Victeoiriach ann féin é.

'Músaem de mhúsaem' a thugtar ar an músaem seo uaireanta, agus is ann a gheofar taispeántas leathan cuimsitheach zú-eolaíochta ina bhfuil os cionn 10,000 taispeántán. Féadfaidh cuairteoirí eolas a chur ar mhamaigh, éin, éisc agus feithidí na hÉireann, agus ar mhamaigh ó gach cearn den domhan. Saorchead isteach.

I measc na nithe is suaithinsí tá cnámharlach d'fhia mór na mbeann, atá díofa anois, agus de chearbhán atá ar crochadh ón tsíleáil. Is maith an t-ainm 'Cófra na nIontas' ar an gcófra inar féidir le cuairteoirí lámh a chur ar dhéantáin áirithe.

Cuireann an músaem clár ceardlann, cainteanna agus turas ar fáil ó cheann ceannn na bliana, don uile aoisghrúpa.

Tá caifé agus siopa bronntanas ar fáil sa mhúsaem seo.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Stair an Dúlra

Stair an Dúlra,
Sráid Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2,
+353 1 677 7444

D02 F627