Scipeáil chuig ábhar

Slí isteach do Chách

Faigh amach faoi shlí isteach do chuairteoirí atá ar lag-ghluaiseacht, lagradharc nó lagéisteacht ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra

An tslí isteach sa mhúsaem

Tá geata amháin isteach in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra, ó Shráid Mhuirfean. Tá rampa beag ann suas go dtí an príomhdhoras.

Tá an tslí isteach ar an leibhéal céanna le doirse dúbailte isteach sa phríomhionad fáilte.


Páirceáil

  • Is trua é ach de bhrí gur foirgneamh liostaithe é foirgneamh an Mhúsaeim, ní féidir páirceáil ar thalamh an Mhúsaeim
  • Tá na carrchlóis is gaire amach ó Shráid Dawson agus ar Phlás Setanta
  • Rogha eile is ea íoc as páirceáil sráide timpeall Chearnóg Mhuirfean
  • Tá spásanna páirceála míchumais do dhaoine a bhfuil suaitheantas gorm acu ar fáil lasmuigh den Dánlann Náisiúnta ar Chearnóg Mhuirfean Thiar. Tá spásanna míchumais eile ar Shráid Dawson Thoir, agus ar an taobh thuaidh agus thiar d'Fhaiche Stiabhna. 

Áiseanna do dhaoine atá ar lag-ghluaiseacht

  • Ardaitheoirí agus rochtain ar na gailearaithe: Tá slí isteach do chathaoireacha rotha sa taispeántas ar an mbunurlár (Fána na hÉireann), sa Chrios Fionnachtana, i siopa bronntanas an Mhúsaeim agus i leithreas amháin.
  • Níl aon ardaitheoir chuig an gcéad urlár (Mamaigh an Domhain agus an Seomra Léitheoireachta)., mar sin ní féidir dul suas chuig an gcéad urlár ar chathaoir rotha. Níl an dara hurlár ná an triú hurlár den mhúsaem ar oscailt don phobal faoi láthair
  • Gheofar leitheas do chách ar an mbunurlár, láimh leis an tslí isteach. Tá leithris ar an gcéad urlár ach níl slí iontu do chathaoir rotha
  • Tá stóil shoghluaiste ar fáil ag an Deasc Fáilte ach iad a iarraidh
  • Ní an spás againn le cathaoireacha rotha a chur ar fáil san fhoirgneamh seo
  • Níl aon suíochán ar fáil in aon cheann de na gailearaithe taispeántais

Áiseanna do dhaoine atá ar lagradharc

  • Tá fáilte roimh dhaoine a bhfuil madraí treoracha agus madraí cúnaimh orthu.
  • Tá an soilsiú íseal i gcuid de na taispeántais ar mhaithe leis na déantáin a chaomhnú
  • Tá déantáin sa mhúsaem ar féidir lámh a chur orthu. Iarr ar bhall foirne nó ar chúntóir cabhrú leat iad a aimsiú.

Áiseanna do dhaoine atá ar lagéisteacht

  • Is dona linn é ach níl lúba ionduchtaithe ar fáil sa mhúsaem seo faoi láthair
     

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Stair an Dúlra

Stair an Dúlra,
Sráid Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2,
+353 1 677 7444

D02 F627