Scipeáil chuig ábhar

Nuacht

NMI welcomes Minister's announcement of two new board members

Cuireann Ard-Mhúsaem na hÉireann fáilte roimh fhógra Catherine Martin, T.D., Aire Turasóireacht, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, inniu go bhfuil beirt chomhalta nua le ceapadh ar a bhord.

Is léachtóir i ndearadh troscáin í an Dr. Susan Rogers in GMIT Leitir Fraic. Tá taithí 30 bliain aici i réimsí an dearaidh agus an oideachais. Tá taithí nach beag aici ar thaispeántais a léiriú mar aon le spéis i músaeim agus i gcleachtas músaeim agus tuiscint ar na réimsí sin.

Seandálaí gairmiúil is ea an Dr. Barra O’Donnabhain, a bhfuil taithí 35 bliain agus le cois aige. Is léachtóir sa tseandálaíocht é i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ó 1996 i leith agus neart leabhar, piar-léirmheasanna agus alt eile foilsithe aige ina réimse saineolais. Tá sé páirteach i dtionscadal taighde ar Inis Píc, Co. Chorcaí, i láthair na huaire.

Labhair Catherine Heaney, Cathaoirleach an Bhoird, i dtaobh an dá cheapachán:

Thar ceann Ard-Mhúsaem na hÉireann, cuirim fáilte roimh chinneadh an Aire Susan agus Barra a cheapadh ar bhord an Ard-Mhúsaeim. Cuirfidh na ceapacháin le raon geografach agus réimse saineolais an Bhoird, agus táimid ag tnúth le dul i mbun oibre lenár gcomhghleacaithe nua sna míonna amach romhainn.”

Susan Rogers

Is léachtóir i ndearadh troscáin í an Dr. Susan Rogers san Ionad Náisiúnta Sármhaitheasa i nDearadh agus i dTeicneolaíocht Troscáin in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo i Leitir Fraic.

Chaith sí na blianta fada ag múineadh stair agus teoiric an dearaidh agus na cumarsáide amhairc ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain sula ndeachaigh sí isteach in GMIT Leitir Fraic. Rinne sí staidéar ar an gCumarsáid Amhairc sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus céim Mháistreachta in Oideachas Dearaidh sa choláiste céanna.  Rinne sí D.Phil i dTeoiric an Dearaidh ag Ollscoil Uladh.

Is ball í d’Institiúid na nDearthóirí in Éirinn agus bhí ról lárnach aici i mórchuid tionscadal comhoibritheach chun cúrsaí dearaidh a chur chun cinn in iarthar na hÉireann. Tá saineolas aici i dtaispeántais a léiriú agus i gcomhdhálacha a eagrú. Cuireann sí suim ar leith i ndearadh Éireannach, in oidhreacht ár gceirdeanna traidisiúnta agus ar a dtionchar ar chleachtadh dearaidh na linne seo, agus sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach.
 

Barra O’Donnabhain

Seandálaí is ea an Dr. Barra O’Donnabhain a mhúineann i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.Is í an bhithsheandálaíocht a réimse speisialachais, is é sin anailís comhthéacsach ar iarsmaí seandálaíocha an duine.

Bhí O’Donnabhain páirteach i dtionscadail seandálaíochta in áiteanna éagsúla ar fud an domhain, mar stiúrthóir agus mar chomhoibrí. Le deireanas, tá sé ag díriú ar ghaibhniú institiúideach. Rinne sé tochailt idir 2012 agus 2018 ag príosún Inis Pice i gcalafort Chorcaí, príosún a ghabhann siar go dtí an 19ú haois. Ba é an comheagarthóir ar an imleabhar Archaeological Human Remains: Legacies of Imperialism, Communism, and Colonialism a d’fhoilsigh Springer, Nua-Eabhrac, in 2018.

Is ball é Barra de Bhord Acadúil an Institute for Field Research i Los Angeles.

 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions