Scipeáil chuig ábhar

Nuacht

Athoscailt Ard-Mhúsaem na hÉireann de réir a chéile ón 29 Meitheamh

Tar éis seiceáil sláinte agus sábháilteachta ar cheithre láithreáin Ard-Mhúsaem na hÉireann, tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an músaem á athoscailt de réir a chéile ag tosú ar an 29 Meitheamh.

Táimid ag tnúth go mór le cuairteoirí a fheiceáil ar láithreáin an mhúsaeim arís, ar na dátaí seo a leanas:

  • 29 Meitheamh 2020: Ard-Mhúsaem na hÉireann -  Ealaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, Sráid na Binne Boirbe, BÁC 7

  • 29 Meitheamh 2020: Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

  • 20 Iúil 2020: Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, BÁC 2

  • 20 Iúil 2020: Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra, Sráid Mhuirfean, BÁC 2 (ach áit a chur in áirithe)

Tá socruithe nua tugtha isteach ag AMÉ chun go mbeidh cuairteoirí chomh slán sábháilte agus is féidir. Ar na socruithe sin tá teorainn le líon na gcuairteoirí, comharthaí sna spásanna poiblí ag meabhrú do dhaoine a bheith scartha amach, córais aon treo i ngailearaithe an mhúsaeim agus socruithe glantacháin níos déine.

Beidh córas scuainí againn ag an dá láithreán den mhúsaem a bheidh ag athoscailt ar an 29 Meitheamh.

Faigh amach faoi na hathruithe seo sula dtagann tú ar cuairt

Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann:

Beidh sé go hiontach cuairteoirí a fheiceáil ag filleadh de réir a chéile ar na músaeim ón 29n Meitheamh. Is do thaitneamh ár gcuairteoirí a chuirtear ár mbailiúcháin ar taispeáint agus cé nach mbeidh sé mar a bhí, tá súil againn go mbeidh lán-eispéireas céadfach slán sábháilte ag ár gcuairteoirí. Táimid ag iarraidh ar chuairteoirí museum.ie a oscailt chun eolas a chur ar na socruithe nua atá i bhfeidhm agus féachaint ar na hacmhainní ar líne ó eispéireas Músaem sa Bhaile chun go mbainfidh siad níos mó taitnimh as a gcuairt.”


Uaireanta oscailte: Máirt go Satharn, 10am go 5pm agus Domhnach go Luan, 1pm go 5pm.

Saorchead isteach i ngach músaem dár gcuid.
 
#RediscoverYourMuseum
 
Gheofar tuilleadh eolais ó:

Ann Daly, Ceann Margaíochta, Ard-Mhúsaem na hÉireann                
R-phost: adaly@museum.ie | Fón: +353 (0) 16486457;  F.póca +353 872368067

Frances Toner, Feidhmeannach Margaíochta, Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe R-phost: ftoner@museum.ie | Fón: +353 94 90 31773; F. póca +353 87 798 7439    

Facebook:       https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter:           https://twitter.com/NMIreland
Instagram:       @nationalmuseumofireland

 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions