Scipeáil chuig ábhar

01 Deireadh Fómhair 2020: Taispeántais ina ndírítear ar ghruaig, cultúr agus féiniúlacht a osclóidh i Maigh Eo an tseachtain seo

Scrúdaítear an ghruaig mar shiombail chumhachtach cultúir agus féiniúlachta in dhá cheann de thaispeántais ghrianghrafadóireachta nua a sheolfar an tseachtain seo ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh agus Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh, Caisleán an Bharraigh. 

Baineann an taispeántas seo le tionscadal neamhghnách i gContae Mhaigh Eo dar teideal ‘Crown - Hair and Identity’ a dhíríonn ar Thaistealaithe/Mhincéirí ban agus cailíní agus ar an gceangal idir an ghruaig agus féiniúlacht, eitneacht, cultúr agus inscne.

Osclóidh an taispeántas dar teideal Crown lakeen ag Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh ar 2 Deireadh Fómhair. Féachtar ann ar ghruaig agus ar fhéiniúlacht ó thaobh déagóirí cailíní a bhí páirteach sa tionscadal. Cuid de chlár Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh do dhaoine óga atá sa taispeántas seo.

Crown beoir an teideal ar an taispeántas in Ard-Mhúsaem na hÉireann agus osclóidh sé i nGailearaí an Chlóis ar an 5 Deireadh Fómhair. Feicfear ann na mná a bhí páirteach sa tionscadal agus na téamaí céanna ach an uair seo tá níos mó taithí ar an saol i gceist.

Tagann ainm an taispeántais ó theanga na dTaistealaithe, is é sin Gammon/Cant, ina gciallaíonn beoir bean agus lakeen cailín.

Ba í Breda Mayock a chuir tús le Crown - Hair and Identity tar éis obair a dhéanamh le Taistealaithe ban agus cailíní in Ionad Óige na Mailpe, Baile an Róba, agus le Grúpa Tacaíochta do Thaistealaithe Mhaigh Eo. D’oibrigh sí leis an ngrianghrafadóir Orla Sloyan chun pictiúir de na mná a thógáil, le béim ar leith ar a gcuid gruaige.

Mhínigh Ms Mayock an tionscadal tuilleadh:

“Bíonn an oiread céanna eolais faoin áit arb as dúinn sa tslí a gcóirímid ár gcuid gruaige agus a bhíonn inár rogha focal nó tuin chainte. Foirm mhór féinléirithe is ea an ghruaig i mórán gach uile sochaí. Tá sé thar a bheith spéisiúil féachaint ar dheasghnátha agus cleachtais ghruaige i gcultúir mhionlaigh de bhrí gur minic a thugann an ghruaig léiriú ar a bhféiniúlacht.
“Ba dheis é an scrúdú seo a rinneadh ar chóiriú na gruaige i measc Taistealaithe ban chun an ghné seo dá gcultúr a cheiliúradh. Is ábhar an-phríobháideach é cóiriú na gruaige ach is léiriú poiblí ar an duine féin é, leis. Is slí é chun muid féin a chur in iúl agus chun freagairt ar leith a mhealladh ó dhaoine eile. Is siombail féiniúlachta agus cruthaitheachta é an cóiriú saothraithe a dhéanann Taistealaithe ban ar a gcuid gruaige.”

Chuir Rosa Meehan, coimeádaí, fáilte roimh an taispeántas go hArd-Mhúsaem na hÉireann:

“Tá áthas ar an Músaem an taispeántas dinimiciúil seo a óstáil. Táimid buíoch de na mná atá le feiceáil sna grianghraif. Is taispeántas álainn portráide é ina roinneann na mná seo áilleacht a gcuid gruaige agus a stíleanna gruaige go fial linn. Tá taithí againn go léir ar ghruaig agus tá eolas ag cuid againn ar thraidisiúin dhifriúla gruaige. Tugann an taispeántas seo deis dúinn comhráite níos doimhne a bheith againn ar chúrsaí féiniúlachta agus cultúir ó thaobh na mban as saibhreas cultúrtha na dTaistealaithe. Tá buíochas ó chroí ag dul don ealaíontóir Breda Mayock agus don ghrianghrafadóir Orla Sloyan as an éacht atá déanta acu agus as an taispeántas seo a chur ar fáil don Mhúsaem. Is taispeántas álainn mealltach é agus moltar go gach duine é a fheiceáil.”

Chuir Orla Henihan, Oifigeach Rochtana Ealaíon, fáilte roimh an taispeántas chuig Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh:
“Is cúis mhór áthais dúinne ‘Crown lakeen’ a chur i láthair mar an 21ú taispeántas bliantúil in Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh agus é dírithe ar dhaoine óga go háirithe. Is ceiliúradh iontach ar chultúr agus féiniúlacht na dTaistealaithe iad na portráidí fótagrafaíochta seo, agus bhí na cailíní a fheictear sna pictiúir seo thar a bheith fial linn. Cuireann daoine óga iontas orainn i gcónaí leis an léargas a thugann siad ar na saothair ealaíne inár ngailearaí, agus táimid ag tnúth go mór leis an taispeántas seo a roinnt leo.”

Mionlach eitneach dúchasach is ea Taistealaithe nó Mincéirí na hÉireann agus bhí siad mar chuid de shochaí na hÉireann riamh. Tá traidisiúin, luachanna cultúrtha, teanga agus nósanna ar leith ag Taistealaithe a dhéanann grúpa ar leith díobh. Cuid de shaol agus de chultúr na dTaistealaithe is ea an fhánaíocht, a idirdhealaíonn idir iad agus an pobal socraithe.

Tá slite uathúla ag Taistealaithe ban chun iad féin a chur in iúl ó thaobh na haeistéitice de, go háirithe trína gcuid gruaige agus is díol spéise é an cóiriú sainiúíl gruaige a chleachtann siad.

Cén fáth a roghnaíonn siad an sileadh fada sómasach seo - trilseáin, rollaí, ribíní, cocáin agus coirníní gruaige? Cad atá le rá ag na mná i dtaobh a gcuid gruaige, an chuma atá uirthi, na traidisiúin agus na deasghnátha a ghabhann léi agus an chiall a bhaineann siad féin as? Sna portráidí machnamhacha sna taispeántais seo is féidir go bhfaighimid cuid de na freagraí.

Cloisfear na daoine a bhí páirteach sa tionscadal in dhá ghearrscannán a chruthaigh Mia Mullarkey, déantóir scannán a bhfuil gradaim buaite aici. Feicfear iontu portráidí de Thaistealaithe/Mincéirí ban agus cailíní, agus cuntas ar an gceangal idir iad agus a gcuid gruaige mar léiriú ar a bhféiniúlacht mar Thaistealaithe.
Seolfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe an scannán seo mar chuid de Sheachtain Feasachta Mhaigh Eo ar an gCuimsiú Sóisialta (12 go 18 Deireadh Fómhair). Déanfaidh Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh scannán do dhaoine óga mar acmhainn tharraingteach trínar féidir le scoileanna díriú ar théamaí an taispeántais.

Gheofar tuilleadh eolais ar an tionscadal agus ar na taispeántais ag www.crownupclose.iewww.thelinenhall.com agus www.museum.ie/countrylife.

Admhaítear an tacaíocht fhial a fuarthas don obair seo ó Éire Chruthaitheach Mhaigh Eo, ó Sheirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus ó Chiste Éire Shláintiúil.
 

 --- Ends ---

 
I GCÁS CEISTEANNA Ó NA MEÁIN, GLAOIGH AR:

Frances Toner, feidhmeannach margaíochta, Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe.
T: +353 94 90 31773 | FP: 087 798 7439 |R: ftoner@museum.ie
 

I dTAOBH ARD-MHÚSAEM NA hÉIREANN:

Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán:

  •  Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

 
Tá saorchead isteach in Ard-Mhúsaem na hÉireann agus sna taispeántais. Tá siopa agus caifé sa mhúsaem. Féach www.museum.ie .
 

UAIREANTA OSCAILTE AN MHÚSAEIM:

Dé Máirt – Dé Sathairn 10.00 am – 5.00 pm
Dé Domhnaigh agus Dé Luain 1.00 pm - 5.00 pm
 
Oscail www.museum.ie/en/homepage.aspx  chun sonraí imeachtaí /gníomhaíochtaí a fháil.
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram:  @nationalmuseumofireland
 
 
 
 
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions