Scipeáil chuig ábhar

3 Márta 2022 : Féile stair na ndaoine LADTA+ á ceiliúradh ag institiúidí cultúrtha Éireannacha

Cúig cinn déag d’Institiúidí Cultúrtha, 24 lá, 3 seachtaine, 39 imeacht spreagúil agus Féile iontach uile-Éireann LADTA+ amháin!
Tá Outing the Past ar ais, níos mó agus níos fearr, níos iontaí ná riamh!
 
Cuirfidh gailearaithe, músaeim, leabharlanna agus cartlanna ar fud na hÉireann OUTing the Past 2022 i láthair: Féile Idirnáisiúnta Stair na nDaoine Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha, Trasinscneacha agus Idirghnéasacha, ceiliúradh spreagúil d’imeachtaí, cainteanna, seimineáir ghréasáin agus ceardlanna a bheidh ar siúl ón 18 Márta 2022 go 10 Aibreán 2022.
 
I gceann ceithre bliana, d’fhás an fhéile thábhachtach seo, trína bhféachtar le hardán a thabhairt do stair LADTA+ ar tugadh neamhaird orthu roimhe seo, ó imeacht beag pobail i mBéal Feirste go comhoibriú ar fud an oileáin in 2022. Ó Bhaile Átha Cliath go Doire agus ó Chill Chainnigh go Maigh Eo, tugann clár na bliana seo lucht acadúil, gníomhaithe agus éagsúlacht shaibhir an phobail LADTA+ le chéile, agus tugann sé cuireadh duit a bheith rannpháirteach trí imeachtaí ar líne agus imeachtaí i measc daoine.
 
“Agus an oiread sin institiúidí ag óstáil agus ag eagrú imeachtaí ar fud na hÉireann, tá borradh mór tagtha ar OTP ar fud na hÉireann ó d’eagraigh Cara-Friend an chéad mhol ar an oileán i mBéal Feirste ag Músaem Uladh. Beidh na scórtha, nó fiú na céadta, daoine LADTA+ ag labhairt mar chuid d’fhéile 2022 agus tá ról mór ag eagraíochtaí carthanachta LADTA+ ar leibhéal áitiúil in eagrú na mol féile” a dúirt Adam Murray ó Cara-Friend, an grúpa tacaíochta LADTA+ atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann.
 
Ón bpolaitíocht a tharlaíonn sa chúlra go dtí daoine atá ar iarraidh in albam grianghraf teaghlaigh; ó shaol agus oidhreacht na n-ealaíontóirí aiteacha go dtí ionadaíocht an phobail LADTA+ ar an teilifís, leanann an Fhéile OUTing the Past ag roinnt agus ag iniúchadh stair LADTA+ a ndearnadh faillí iontu roimhe seo.

Agus é ag díriú ar a riachtanaí atá sé stair LADTA+ a roinnt agus a iniúchadh, chuir Brian Crowley, coimeádaí Phríosún Chill Mhaighneann, in iúl go bhfuil sé “thar a bheith sásta go n-óstálfaidh an Príosún an chéad imeacht i bhFéile OUTing the Past 2022. Tionscnamh an-tábhachtach í an Fhéile a thugann aghaidh ar scriosadh stairiúil saolta LADTA+ agus a thugann cuireadh don phobal scéalta a bhí i bhfolach nó a diúltaíodh san am a chuaigh thart a fhiosrú.”
 
“Tá lúcháir ar Ghailearaí Butler trí imeacht a léiriú ag Féile OUTing the Past den chéad uair in 2022. Is samhail spreagúil comhoibrithe í an fhéile idir músaeim agus gailearaithe a cheiliúrann agus a thugann léargas ar stair shaibhir phobail LADTA+. Is cuid dár n-oidhreacht i bpáirt é seo agus tá Gailearaí de Buitléir buíoch as a bheith mar chuid den nóiméad poiblí seo trí OUTing the Past.’’ Hollie Kearns, Coimeádaí Foghlama agus Rannpháirtíochta Poiblí ag Gailearaí de Buitléir
 
Agus 15 institiúid chultúrtha chomhpháirtíochta, ó cheithre chúige na hÉireann, ag glacadh páirte inti, déanann féile na bliana seo ionadaíocht ar phobail LADTA+ ar fud an oileáin.
 
A bhuí le tacaíocht leanúnach ó dhaoine aonair agus eagraíochtaí LADTA+, maireann an rath ar fhéile OUTing the Past agus tá na heagraithe an-bhuíoch de na rannpháirtithe uile idir shean agus nua a oibríonn go dian chun go mbeidh an fhéile bainteach le hábhar i gcónaí.
 
Reáchtálfar an clár cainteanna, ina leagfar béim ar phríomh-chuimhneacháin i stair LADTA+, ag níos mó ná 15 institiúid ar fud na hÉireann le go leor imeachtaí ar líne agus imeachtaí i measc daoine.
 
Rithfidh OUTing the Past 2022 ón 18 Márta 2022 go dtí an 10 Aibreán 2022.
 
Níl aon táille ar chead isteach. Is gá áit a chur in áirithe ag imeachtaí áirithe, gheofar sonraí ar www.museum.ie.
 
ENDS
 
Teagmhálaí Meán:
Brian Houlihan, Ard-Mhúsaem na hÉireann, R: bhoulihan@museum.ie
Liostuithe:
Príosún Chill Mhaighneann: Dé hAoine 18 Márta (i measc daoine & ar líne)
Músaem Uladh: Dé Sathairn 19 Márta (i measc daoine)
PRONI: Dé Domhnaigh 20 Márta (ar líne)
IMMA: Dé Céadaoin 23 Márta (i measc daoine)
Gailearaí de Buitléir: Déardaoin 24 Márta (ar líne)
IMMA: Dé hAoine 25 Márta (i measc daoine)
Dánlann Náisiúnta na hÉireann: Dé Sathairn 26 Márta (i measc daoine & ar líne)
Gailearaí de Buitléir: Dé Domhnaigh 27 Márta (ar líne)
IMMA: Dé Céadaoin 30 Márta (i measc daoine)
Músaem Beag Bhaile Átha Cliath: Déardaoin 31 Márta (ar líne)
Gailearaí Hugh Lane: Dé hAoine 1 Aibreán agus Dé Sathairn 2 Aibreán (i measc daoine)
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe Dé Domhnaigh 3 Aibreán (i measc daoine & ar líne)
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair Dé Domhnaigh 3 Aibreán (i measc daoine)
IMMA: Dé Luain 4 Aibreán (eisiúint podchraolta)
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Dé Luain 4 Aibreán (ar líne)
EPIC Músaem Imirce na hÉireann: Dé Máirt 5 Aibreán (ar líne)
Chester Beatty: Dé Céadaoin 6 Aibreán (ar líne)
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair Déardaoin 7 Aibreán (ar líne)
Crawford Art Gallery: Dé hAoine 8 Aibreán (ar líne)
Músaem Dhoire Shaor Dé Sathairn 9 Aibreán (i measc daoine)
Gailearaí de Buitléir: Dé Domhnaigh 10 Aibreán (ar líne)
 
Nótaí d’Eagarthóirí:
 
Mar gheall ar OUTing the Past:
OUTing the Past: Is ceiliúradh idirnáisiúnta é Féilte Idirnáisiúnta Stair Daoine Leispiacha Aeracha Déghnéasacha, Trasinscneacha agus Aiteacha a chuimsíonn imeachtaí i rith na bliana agus ar fud an domhain, agus comhdháil agus cruinniú uair sa bhliain d'acadóirí agus do ghníomhaithe i mí Feabhra, Márta agus Aibreán. Tuilleadh eolais ag outingthepast.com.
 
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions