Scipeáil chuig ábhar

03 Samhain, 2021: Seolann an tAire Stáit Malcolm Noonan ‘Tithe Beaga’ (‘Little Houses’), taispeántas a chruthaigh comhoibriú idir Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Seirbhísí don Ógra, Bóthar na gCloch

Cuireann an taispeántas ardán ar fáil do dhaoine óga a n-eispéiris a fhiosrú i rith na paindéime tríd an ealaín

Sheol an an tAire Stáit Malcolm Noonan Tithe Beaga inniu, taispeántas de shaothair a chruthaigh daoine óga trí chomhpháirtíocht chomhoibritheach idir Seirbhísí don Ógra, Bóthar na gCloch agus Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair. Tá an tionscadal mar chuid den chaidreamh leanúnach níos fairsinge idir an Músaem agus an pobal áitiúil i mBóthar na gCloch, atá suite i ngar.
 
Cuireann an taispeántas seo ardán agus spás ar fáil sa Mhúsaem do dhaoine óga ón bpobal atá i ngar do Dhún Uí Choileáin. Taifead amhairc atá sna saothair ealaíne a chruthaigh siad i rith na Dianghlasála dá n-eispéiris den phaindéim agus an tionchar a d’imir sé ar an bpobal, agus an tsochaí níos fairsinge.
 
Ag tús na chéad dianghlasála i Márta 2020, rinne Helen Beaumont, Oifigeach Oideachais agus For-Rochtana an Mhúsaeim, teagmháil le Seirbhísí don Ógra, Bóthar na gCloch, le bealaí a fhiosrú ina bhféadfadh an tArd-Mhúsaem oibriú le daoine óga áitiúla leis an tréimhse ar leith seo a dhoiciméadú.
Rith an smaoineamh do ‘Tithe Beaga’ le Johanna Visser, duine de na hoibrithe don ógra, a bhí spreagtha ag an eagraíocht Ísiltíreach ‘Miniatuurhuis’ in Stoereloer san Ísiltír.
 
Thug an tseirbhís don ógra cuireadh do dhaoine óga saothair ealaíne a chruthú ina léirítear spásanna nó áiteanna a bhí bríoch, dar leo, i rith na tréimhse ar leith seo, agus sholáthair sé mála ábhair ealaíne agus clár adhmaid dóibh, a rinne Ceardlann Institiúid Mendicity, a raibh a úsáideoirí seirbhíse thíos le heaspa dídine.
 
D’oibrigh an t-ealaíontóir Maria McKinney, a fostaíodh mar aoichoimeádaí don taispeántas, le grúpa de na daoine óga ar choincheap an taispeántais, agus d’eagraigh sí na saothair ealaíne le chéile, agus ghlac sí le spreagadh ó thithíocht den saghas sin a dtagtar air i mBóthar na gCloch, cosúil le teachíní beaga, tithíocht sraithe dhá sheomra thuas staighre, dhá sheomra thíos staighre, bloic árasán agus árasáin. Trí na spásanna a mheascadh le chéile ar an mbealach seo, tá “comharsana” déanta de na daoine óga le daoine óga eile a bhféadfadh nach gcasfaidís siad leo roimhe seo.
 
Chomhoibrigh Foras Ailtireachta na hÉireann le comhpháirtithe an tionscadail i bhfiosrú a dhéanamh, leis na daoine óga, ar na téamaí a léirítear sa taispeántas ‘Tithe Beaga’, ceisteanna san áireamh faoin méid is ciall le “áit chónaithe” dúinn.
Bhí earraí á mbailiú go gníomhach ag an Ard-Mhúsaem leis an bpaindéim a thabhairt le fios, agus cuirfidh an taispeántas seo leis an mbailiúchán seo freagairtí don phaindéim. Fiosraíonn na saothair ealaíne téama “na háite cónaithe” agus na spásanna inar chónaigh daoine óga i rith na dianghlasála agus tagann siad le taispeántais agus déantáin i mbailiúcháin an Mhúsaeim.
 
Tá gearrscannán sa taispeántas a rinne an déantóir áitiúil scannán, Luke McManus, ina dtugtar glór do smaointe roinnt de na healaíontóirí óga a spreag a saothair ealaíne. Rinne an grianghrafadóir Andy Sheridan, cónaitheoir eile áitiúil, gach saothar ealaíne a dhoiciméadú do leagan ar líne den taispeántas a bheidh beo ar líne an 3 Samhain (include website address: http://www.museum.ie/littlehouses)
 
 
Dúirt an tAire Catherine Martin; Comhoibriú an-spéisiúil é Tithe Beaga idir Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Seirbhísí don Ógra, Bóthar na gCloch agus tá gliondar croí orm gur thacaigh mo Roinn leis an tionscnamh tábhachtach seo. Tá sé ríthábhachtach go mbíonn deis ag ár ndaoine óga glór a fhiosrú agus a fháil laistigh dár bhforais chultúir, agus ábhar mór spreagtha dom é go léirítear a saothair ealaíne, agus a n-eispéiris uathúla féin den dianghlasáil i dtaispeántas an mhúsaeim. 
 
Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann: “Léiríonn an taispeántas seo an chaoi nach díreach earraí ón am atá imithe thart iad bailiúcháin an Mhúsaeim, tá siad fite fuaite lenár dtaithí saoil...” D’imir paindéim COVID-19 tionchar ar leith ar dhaoine óga in Éirinn agus is tábhachtach go gcuirimid spás ar fáil dóibh le machnamh a dhéanamh ann agus ina n-insíonn siad dúinn a n-eispéireas pearsanta. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na daoine óga go léir a ghlac páirt agus leis na meantóirí a chabhraigh leo ar an aistear – tá pribhléid orm go bhfuil a saothar sa Mhúsaem.  Spreagaimid ár gcuairteoirí teacht go dtí an Músaem le lán na súl a bhaint de shárcheardaíocht na ndaoine óga áitiúla, éisteacht lena scéalta, agus a n-eispéiris féin a roinnt.”
 
 
Dúirt Helen Beaumont, Oifigeach Oideachais agus For-Rochtana ag Ard-Mhúsaem na hÉireann; “Bhí pribhléid orm oibriú le Seirbhís don Ógra, Bóthar na gCloch agus le daoine óga áitiúla inár bpobal sa tionscadal seo. Léirítear nó taispeántar i ngach uile shaothar ealaíne rud éigin faoin tráth seo a bhí aisteach agus dúshlánach agus uathúil, tá súil againn. Is saibhir agus ilchineálach don réimse téamaí a fhiosraítear, idir scéalta an-spreagúla faoin gcaillteanas agus faoin uaigneas agus scéalta an-ghreannmhara agus an-lúcháireacha. Taifead tábhachtach é an taispeántas ar an bpaindéim don Mhúsaem, agus táim cinnte go rachaidh na saothair ealaíne i bhfeidhm ar na cuairteoirí chuig an Músaem agus go spreagfaidh siad iad.”
 

Dúirt Johanna Visser, Oibrí don Ógra, Seirbhís don Ógra, Bóthar na gCloch: “Is é an rud is fearr faoin tionscadal Tithe Beaga ná nach bhfuil aon rialacha ann maidir le cad is ceart nó mícheart a dhéanamh. Tá béim á leagan sa tionscadal ar na rudaí dearfacha i saol daoine óga i rith phaindéim Covid. Tá an ealaín á húsáid ag na daoine óga leo féin a chur in iúl trína seomra féin a chruthú. Baineann sé lena n-aislingí, an méid a chuireann áthas nó brón orthu, nó an méid a d’éalaigh orthu i rith na dianghlasála. Tá na seomraí go léir thar a bheith éagsúil óna chéile agus, ag an am céanna, tá roinnt de na rudaí céanna i ngach ceann díobh. Bhí sé thar a bheith spéisiúil domsa, mar oibrí don ógra, féachaint cad a rinne siad mar gheall gur tugadh na hábhair ealaíne chéanna do gach duine, a bheag nó a mhór. Tá an oiread sin cruthaitheachta agus daoine óga ildánacha anseo againn i mBóthar na gCloch.”
 
Críoch //
 
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Tá íomhánna ón taispeántas ar fáil anseo 
Chun teacht ar ábhar físeáin den taispeántas, cliceáil anseo
Eiseoidh Julien Behal Photography grianghrafadóireacht ó sheoladh an lae inniu: 087 9782542 nó julienbehalphotography@gmail.com
 
Iarrataí ar eolas breise / agallaimh: Q4 Public Relations  
Eolas faoi Ard-Mhúsaem na hÉireann
Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann príomhfhoras cultúrtha an náisiúin agus is ann atá na bailiúcháin is mó d’oidhreacht, de chultúr agus de stair na hÉireann. Tá cead isteach saor in aisce.
Tá 4 shuíomh agus Taisclann Bhailiúchán ag Ard-Mhúsaem na hÉireann: 
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe (Páirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo)
  • An tIonad Acmhainní Bailiúchán (Sord(Níl seo ar oscailt don phobal)
 
Láithreán gréasáin: www.museum.ie
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitterhttps://twitter.com/NMIreland
Instagram:  @nationalmuseumofireland
 
Eolas faoi Sheirbhís don Ógra, Bóthar na gCloch
Eolas faoi Sheirbhís don Ógra, Bóthar na gCloch
Tá Seirbhís don Ógra, Bóthar na gCloch mar chuid de Bhord Seirbhísí don Ógra Chathair Bhaile Átha Cliath (CDYSB)
Oibríonn agus tacaíonn Seirbhís don Ógra, Bóthar na gCloch le daoine óga idir 10 agus 24 bliain d’aois, agus lena dteaghlaigh i Lár na Cathrach Thiar Thuaidh.
 
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions