Scipeáil chuig ábhar

4 Lúnasa, 2025: Osclaítear Saotharlann an Zú Mhairbh nua ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin

  • Beidh Saotharlann an Zú Mhairbh ar oscailt fad a bhíonn Músaem Stair an Dúlra dúnta
  • Taispeántais ina mbeidh feithideolaíocht, geolaíocht, mamaigh, éin, amfaibiaigh agus reiptílí, agus réimse leathan beatha mara le feiceáíl. 
  • Dearadh Saotharlann an Zú Mhairbh chun triail a bhaint as bealaí nua chun an pobal a chur i mbun comhrá faoi bhailiúchán stair an dúlra
  • Beidh ainmhithe a thaitníonn go mór leis an bpobal amhail Spoticus an Sioráf agus an Fia Mór na mBeann le feiceáil, chomh maith le rudaí nár cuireadh ar taispeáint le blianta fada fada roimhe seo
Le foilsiú láithreach: 4 Lúnasa, 2025: Ós rud é go bhfuil Músaem Stair an Dúlra ar Shráid Mhuirfean dúnta anois le haghaidh oibreacha caomhantais agus athchóirithe a bhfuil géarghá leo, beidh Saotharlann an Zú Mhairbh nua ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin amárach, Dé Máirt an 5 Lúnasa, ar oscailt lena linn sin.

Cruthaíodh Saotharlann an Zú Mhairbh ag Dún Uí Choileáin chun a chinntiú go leanfaidh an pobal de bheith in ann cuid de na heiseamail is mó tóir ó bhailiúchán stair an dúlra a fheiceáil, chomh maith le roinnt eiseamail nár cuireadh ar taispeáint le blianta fada.  

Is beag athrú atá tagtha ar an tsli a dtaispeántar bailiúchán stair an dúlra ag Músaem Stair an Dúlra ar Shráid Mhuirfean ó aimsir na Banríona Victoria, agus úsáidfidh an tArd-Mhúsaem Saotharlann an Zú Mhairbh i nDún Uí Choileáin chun modhanna nua a thástáil trínar féidir comhrá a chothú idir an pobal agus an bailiúchán, agus an obair chaomhantais agus athchóirithe ar siúl ar shuíomh Shráid Mhuirfean. 

Dearadh Saotharlann an Zú Mhairbh ag Dún Uí Choileáin chun athruithe agus éabhlóid a cheadú ar na rudaí atá ar taispeáint, rud a thacaíonn le rochtain a thabhairt ar rogha níos leithne de bhailiúchán stair an dúlra le himeacht ama.  Beidh thart ar 1,300 rud ar taispeáint go poiblí ag an am céanna, a chlúdaíonn feithideolaíocht, geolaíocht, mamaigh, éin, amfaibiaigh agus reiptílí, agus réimse leathan beatha mara.

Tá an bailiúchán is mó ar domhan de Mhúnlaí Gloine Blaschka de Shaol Mara ag Ard-Mhúsaem na hÉireann. Na ceardaithe gloine athair agus mac Leopold agus Rudolf Blaschka, a bhfuil iomrá orthu ar fud an domhain, a chruthaigh na samhlacha gloine áille, míne seo sa 19ú haois. Taispeánfar rogha de na seoda seo freisin, cuid acu nach raibh ar taispeáint le blianta fada, i Saotharlann an Zú Mhairbh ag Dún Uí Choileáin.

Dúirt Stiúrthóir na mBailiúchán agus na Rochtana ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, an Dr Éimear O’Connor; “Dearadh Saotharlann Zú na Marbh ag Dún Uí Choileáin chun comhoibriú le pobail, ealaíontóirí agus eolaithe a chur chun cinn agus a spreagadh, agus beidh tionchar ag na nithe seo ar fad ar léirmhíniú bhailiúcháin stair an dúlra nuair a athosclófar taispeántais an Mhúsaeim ar Shráid Mhuirfean i ndiaidh na n-oibreacha athchóirithe agus caomhnaithe. Tá áthas orainn fáilte a chur inniu roimh ghrúpaí ón bpobal i gcomharsanacht Dhún Uí Choileáin le haghaidh réamhamharc speisialta ar an spás nua roimh an oscailt oifigiúil amárach.”

Dúirt Paolo Viscardi, Coimeádaí Stair an Dúlra; “Táimid thar a bheith sásta Saotharlann an Zú Mhairbh ag Dún Uí Choileáin a chur i láthair. Tá an spás seo níos lú ná i Sráid Mhuirfean ach beidh go leor de na nithe is fearr linn ar taispeáint, amhail Spoticus an Sioráf, an eascann cháiliúil atá ag tachtadh ar fhrog, agus Fia Mór na mBeann, chomh maith le go leor nithe a chuirfear ar taispeáint tar éis blianta fada i stóras, amhail cnámharlach an dódó agus na céadta sampla de speicis ainmhithe ó gach cearn den domhan, nach raibh rochtain ag an bpobal orthu le beagnach dhá scór bliain fad a bhí gailearaithe balcóin Shráid Mhuirfean dúnta.”
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann ar oscailt seacht lá na seachtaine agus tá cead isteach saor in aisce. Gheofar tuilleadh eolais ag www.museum.ie


 
 
 
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions