Scipeáil chuig ábhar

An bhfuil a fhios agat céard atá le feiceáil sa 5K is cóngaraí duit?

St. Patrick's Well, Clonmel. Submitted to KnowYour5K by Neil Jackman

 

  • Is tionscnamh nua de chuid na Comhairle Oidhreachta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann é ‘Cuir Aithne ar do 5K’ a thugann cuireadh duit an méid a thugann tú faoi deara faoi oidhreacht cheilte do cheantair dúchais a roinnt le daoine eile.

De thoradh Covid 19 tá aithne i bhfad níos fearr againn ar ár gceantar dúchais. Tá rudaí tugtha faoi deara againn nach bhfaca muid riamh roimhe seo.
 
Is tionscnamh nua de chuid na Comhairle Oidhreachta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann é ‘Cuir Aithne ar Do 5K’ a thugann deis do dhaoine an méid a thugann siad faoi deara faoinár n-oidhreacht cheilte a roinnt lena chéile. Cabhraíonn an tionscadal seo leis an bpobal úsáid a bhaint as neart acmhainní ar líne chun tuilleadh a fhoghlaim faoi scéal a gceantair dúchais féin.
 
Is téarma ginearálta é oidhreacht. Cuimsítear ann seandálaíocht agus ailtireacht cosúil le séadchomharthaí ársa, seanreiligí nó foirgnimh stairiúla. D’fhéadfadh go mbeadh seandoiciméid, grianghraif nó litreacha a mbaineann luach stairiúil leo i gceist freisin. Cuimsítear ann freisin oidhreacht nádúrtha cosúil le flóra agus fána, aibhneacha, lochanna nó sléibhte. Agus ainmneacha áitiúla le haghaidh páirceanna, ceol agus amhráin, dánta agus scéalaíocht, ceardaíocht agus traidisiúin, spóirt agus fóillíocht.
 
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Virginia Teehan, POF na Comhairle Oidhreachta:
 

Tá tionchar ag an ngéarchéim seo orainn ar fad, ár dteaghlaigh, ár gcairde agus ár gcomhghleacaithe, ábhar imní agus buartha dúinn ar fad, ach fós féin tá deis faighte ag daoine súil eile a chaitheamh ar a gceantar dúchais féin. Tá ‘Cuir Aithne ar Do 5K’ dírithe ar aon ghné den oidhreacht a bhfuil spéis agat inti, agus a bhaineann leis an áit a bhfuil tú ag cur fút. Inis dúinn faoi do reilig stairiúil, nó faoin stair a bhaineann le sean-áith aoil i do cheantar féin. B’fhéidir go mbeadh grianghraif nó litreacha agat a tógadh nó a scríobhadh i bhfad ó shin faoi am ar leith nó áit ar leith, nó b’fhéidir go mbeadh seanscéal ar eolas agat faoi dhroichead nó faoi chrann sí ar leith. Ar thit daoine i ngrá lena chéile sa bhálseomra, atá ag titim as a chéile anois, tráth dá raibh? An mbíodh cluichí iomána nó peile i gcoinne na gcéilí comhraic áitiúla ar siúl sa gharraí sin tráth dá raibh? An bhfuil rún le scaoileadh ag fothracha an tseanteachín atá suite ag cúl an lána?


Dúirt Lorna Elms, ó Ard-Mhúseam na hÉireann, gur féidir le daoine atá ag fanacht ina dtithe faoi láthair taitneamh a bhaint as an tionscadal chomh maith:
 

Is féidir teacht ar fhianaise ar ár stair agus oidhreacht inár dtithe agus inár ngnóthaí chomh maith le amuigh faoin aer inár dtimpeallacht áitiúil. Tá sé mar aidhm leis an tionscadal Cuir Aithne ar Do 5K daoine a spreagadh chun súil a chaitheamh timpeall ar a dtithe féin agus míreanna oidhreachta nó gnéithe ailtireachta a aithint. D’fhéadfadh go mbeadh litreacha, grianghraif, boinn, gearrtháin as nuachtáin agus déantáin agus earraí cuimhneacháin eile atá ligthe i ndearmad le fáil in áiléir, cófraí agus tarraiceáin ar fud na tíre a d’fhéadfadh cabhrú linn go leor gnéithe de stair na hÉireann a thaifeadadh.

 
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, le linn di fáiltiú roimh an gcomhoibriú nua:
 

Cuireann ár n-oidhreacht ár stair fhada agus ár mianach iontach i gcuimhne dúinn, rudaí a mbaineann tábhacht thar na bearta leo san am i láthair. Tabharfaidh an tionscnamh praiticiúil agus áitiúil seo ardú croí do go leor daoine ar fud na hÉireann na seachtainí ríthábhachtacha amach romhainn. Tá ról luachmhar ag go leor dár n-eagraíochtaí oidhreachta, cultúrtha agus ealaíon in ardú meanman a thabhairt dúinn ar fad agus is mian liom buíochas a ghabháil leis an gComhairle Oidhreachta agus leis an Ard-Mhúsaem.

 
Is cuid de thionscadal oidhreachta pobail Scéim Uchtaigh Séadchomhartha na Comhairle Oidhreachta, atá á bhainistiú ag Abarta Heritage é Cuir Aithne ar Do 5k. Is comhoibriú idir an Chomhairle Oidhreachta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann é an tionscadal seo.
 
Tá tuilleadh eolais faoi Cuir Aithne ar do 5K ar OurIrishHeritage.org.
https://www.ouririshheritage.org/content/category/archive/place/knowyour5k
 
Is é Our Irish Heritage baile Gréasán Chartlann Phoiblí na hÉireann (iCAN), tionscadal de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann a bhfuil sé mar aidhm leis rochtain ar stair agus ar oidhreacht na hÉireann a fheabhsú trí chabhrú le pobail a mbailiúcháin áitiúla a roinnt ar líne. Tá rannóg eolais ar an suíomh gréasáin chun cabhrú leat taighde a dhéanamh ar do cheantar dúchais, agus is féidir leat féachaint ar an eolas atá curtha ar fáil ag daoine eile faoin gceantar féin nó is féidir leat do chuid eolais féin a chur ar fáil ar fhoirm shimplí.
 
Tá súil againn go gcabhróidh an tionscadal Cuir Aithne ar Do 5K le daoine aithne a chur ar an oidhreacht atá mórthimpeall orainn ar fad!
 
______________________________________________________
 
CRÍOCH
 
SONRAÍ TEAGMHÁLA LE HAGHAIDH FIOSRÚCHÁN

Sonraí Teagmhála:
Ian Doyle, an Ceannasaí Caomhantais, an Chomhairle Oidhreachta 086 8329378               idoyle@heritagecouncil.ie
Neil Jackman, Abarta Heritage 087 2420047         neil@abartaheritage.ie
Lorna Elms, Ard-Mhúsaem na hÉireann                  lelms@museum.ie


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions