Scipeáil chuig ábhar

07 Nollaig 2021: Taispeántas Nua ina gCeiliúrtar Beatha agus Déantáin Naomh Colmcille ─ duine de thriúr phríomhnaomh na hÉireann

‘Colmcille: Déantáin bheannaithe de chuid Naoimh – 1500 bliain de dheabhóid’ lena gceiliúrtar cothrom 1500 bliain ó rugadh Colmcille
I measc na ndéantán tá Scrín an Chathaigh, Clog Cholmcille agus Bachall Cholmcille


Le heisiúint láithreach: 7 Nollaig 2021:  Inniu sheol Ard-Mhúsaem na hÉireann ‘Colmcille: Déantáin bheannaithe de chuid Naoimh – 1500 bliain de dheabhóid’ ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath.
 
Trí rogha déantán, is ceiliúradh é an taispeántas ar oidhreacht Cholmcille, duine de thriúr éarlamh na hÉireann in éineacht le Naomh Pádraig agus Naomh Bríd, ar chothrom 1500 bliain a bhreithe.
Meastar gur i nDún na nGall a rugadh Colum, (Columba sa Laidin, agus Colmcille mar a tugadh air sa Ghaeilge) agus gur sa séú haois a mhair sé. Bhunaigh Naomh Colmcille suíomh eaglasta Cheanannais, Contae na Mí, agus an mhainistir rachmasach ar Oileán Í in Iarthar na hAlban a raibh an-tionchar aici ar an saol sna blianta sin.
 
Dírítear sa taispeántas seo ar na rudaí suntasacha a shamhlaítear le Naomh Colmcille lena n-áirítear Scrín an Chathaigh - scrín leabhar ón aonú haois déag a tógadh chun lámhscríbhinn ó dheireadh an séú / tús an seachtú haois ar a dtugtar an Cathach, nó an 'Battler', a choimeád ann. Creidtear gur Naomh Colmcille a scríobh. Ba í meirge chatha mhuintir Uí Dhomhnaill é, gaolta Cholmcille, agus féachtar air mar phríomhthaise an teaghlaigh.
 
I measc na ndéantán suntasach eile tá Bachall Cholmcille, Scrín an Mhiosaigh, agus Clog Cholmcille, ar chreid daoine go leigheasfadh uisce iad ach é a ól as an gclog sin. Tá bróidnéireacht álainn de Cholmcille a rinne Lily Yeats ó 1920í san áireamh freisin chun oidhreacht leanúnach an naoimh a léiriú.
 
Ag labhairt di ag seoladh an lae inniu, dúirt Coimeádaí Seandachtaí na hÉireann ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Maeve Sikora: “Is cúis mhór bróid dom a bheith anseo ag cuidiú leis an taispeántas seo a sheoladh inniu, mír eile de stair na hÉireann ó thaobh déantáin mheánaoiseacha a chaomhnú agus a chur ar taispeáint.   Is seoda náisiúnta agus idirnáisiúnta iad na rudaí seo atá ar taispeáint agus tá sé dochreidte go bhfuil breis is 1000 bliain imithe thart ó rinneadh cuid acu.
 
“Tá tábhacht leo don oiread sin daoine ó gach cuid den tír.  Is siombailí de chumhacht agus de dheabhóid iad na déantáin seo. Ní amháin go bhfuil siad le feiceáil againn inniu, ach go minic léiríonn na hinscríbhinní ar na déantáin seo iad siúd a choimisiúnaigh an scrín, an coimeádaí ar cuireadh a chúram air, agus fiú an ceardaí a rinne iad. Tá sé dochreidte gurb eol dúinn, mar shampla, gur fear darbh ainm Sitric a rinne Scrín an Chathaigh san aonú haois déag.  Ba mhaith liom duine ar bith a chuireann suim sna déantáin seo teacht isteach agus féachaint ar na míreanna iontacha seo dár stair.“
 
Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann “Is é an rud a thaitníonn go mór liom sa taispeántas seo ná go n-insíonn sé dúinn ní amháin faoi na déantáin, ach go n-insíonn sé scéal iontach freisin faoin gcaoi ar caomhnaíodh iad. Cuireadh cúram na n-iarsmaí seo ar iontaoibh i dtosach do thionóntaí oidhreachtúla thailte eaglaise, a raibh déantáin ag cuid acu leis na cianta suas go dtí an naoú haois déag.
 
“Fuair ​​Acadamh Ríoga na hÉireann go leor déantán ó na teaghlaigh seo agus aistríodh ina dhiaidh sin iad chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann. Sílim go n-insíonn scéal a gcúraim dúinn faoi oidhreacht Cholmcille in Éirinn, fiú sa lá atá inniu ann, agus táim chomh bródúil go raibh lámh ag Ard-Mhúsaem i gcaomhnú na seod seo don chéad ghlúin eile. “
 
 
ENDS
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ
Beidh an Roinn Oideachais in Ard-Mhúsaem na hÉireann ag óstáil a léacht deiridh ar Cholmcille Dé Céadaoin 8 Nollaig, 1pm chun oscailt an taispeántais seo “Sraith Léachtaí Colmcille 1500: Bachall Cholmcille: cumhacht agus deabhóid in Éirinn sna meánaoiseanna ” a chomóradh. Bhí ról tábhachtach ag bachalla ó thaobh cumhacht na naomh luath a léiriú in Éirinn sna meánaoiseanna. Tabharfaidh an Dr Griffin Murray na déantáin shuimiúla seo isteach, ag díriú ar Bhachall Cholmcille as Darú, Co. Uíbh Fhailí thar aon ní eile. Chun áit a chur in áirithe do chraoladh beo den léacht seo agus Ceisteanna & Freagraí, oscail Eventbrite
 
Cuirfidh Julien Behal Photography  087 9782542 grianghraif ar fáil ó ócáid an lae inniu  julienbehalphotography@gmail.com
Iarrtar ort iarrataí ar eolas breise/agallaimh a sheoladh chuig: Q4 Public Relations

 
Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann
Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann príomhinstitiúid chultúrtha na tíre agus is ann a gheofar na bailiúcháin is fearr d’oidhreacht, cultúr agus stair na hÉireann. Saorchead isteach!
Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán: 
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
  • Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)

 
Suíomh gréasáin: www.museum.ie
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram:  @nationalmuseumofireland


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions