Scipeáil chuig ábhar

09 Mí na Nollaig: Saothair faighte ag Ard-Mhúsaem na hÉireann ó Alison Lowry: (A)Dressing our Hidden Truths don bhailiúchán náisiúnta

Tá sé fógartha ag Ard-Mhúsaem na hÉireann go bhfuil rogha saothar leis an ealaíontóir gloine Alison Lowry, a bhfuil duaiseanna buaite aici, faighte aige le cur le buanbhailiúchán an Mhúsaeim. Cuid den taispeántas Alison Lowry: ((A) Dressing our Hidden Truths, atá i gceist. Is freagra ealaíonta é an saothar seo ar chodanna náireacha de stair na hÉireann sna céad bliain dheireanacha, codanna a bhí ceilte ar feadh i bhfad, lena n-áirítear Neachtlanna Mhaigdiléana, na Tithe do Mháithreacha & Leanaí agus na Scoileanna Saothair.

Scrúdaíonn saothar Alison Lowry, atá ar taispeáint in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin, ó bhí Márta 2019 ann, an fhírinne atá taobh thiar de chultúr an éignithe, ceisteanna faoi thoiliú agus fadhb an fhoréigin teaghlaigh. I measc na ngnéithe tá gúnaí baiste i bhfoirm pâte gaineamh-theilgthe crochta atá leagtha amach in dhá sheomra ar leith chun tráchtaireacht a dhéanamh ar an méid a nochtadh faoi Theach Thuama do Mháithreacha agus Leanaí, agus fianaise fuaime agus filíocht uathu siúd a chaith seal sna scoileanna saothair agus sna Neachtlanna Maigdiléana.
 
Nuair a osclaíodh Alison Lowry: (A)Dressing our Hidden Truths bhí tuairimí láidre ag an bpobal faoi agus tá sé ar cheann de na taispeántais is mó a mheallann cuairteoirí chuig an Músaem. Níl aon ealaíontóir gloine eile san Eoraip, atá ar comhchéim le Alison Lowry, a thráchtann ar shlí chomh follasach éifeachtach trína saothair, le blas láidir polaitiúil, sóisialta agus mothúchánach. Tugadh aitheantas suntasach don taispeántas nuair a ghnóthaigh sé tagairt mheasúil ag Duaiseanna Domhanda na Mín-Ealaíon níos luaithe i mbliana.
 
Fuarthas an saothar seo faoi Straitéis Bailithe Comhaimseartha an Mhúsaeim, i bhfianaise thábhacht an taispeántais do chodanna éagsúla de shochaí na hÉireann agus ardchaighdeán na ndéantán. De bhrí go bhfuair an Músaem déantán sínithe sa taispeántas – A New Skin – cheana féin, beidh an tArd-Mhúsaem in ann an taispeántas a thabhairt ar camchuairt náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá sé beartaithe go mbeidh an saothar ealaíne mar chuid de Ghailearaithe Stair na hÉireann san 20ú hAois ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, i ndeireadh na dála, gailearaithe a bheartaítear a oscailt in 2023.
 
Dúirt Catherine Martin TD, Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán “Is cuid dár stair agus dár gcultúr iad na ceisteanna atá faoi chaibidil ag Alison Lowry sa taispeántas seo agus de bhrí nach bhfuilimid bródúil astu, tá sé thar a bheith tábhachtach nach ligfimis i ndearmad iad. Tá áthas orm go mbeidh a n-áit féin acu anois i mbuanbhailiúchán ár músaeim náisiúnta, áit atá tuillte go maith acu, agus molaim don uile dhuine nár thriall ar an taispeántas seo fós dul chun é a fheiceáil anois agus doirse Ard-Mhúsaem na hÉireann ar oscailt athuair.”

Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann: “Sílim go bhfuil sé chomh tábhachtach mar institiúid chultúrtha náisiúnta go ndéanfaimis spásanna a chruthú le gur féidir machnamh a dhéanamh ar stair na mblianta atá díreach gafa thart agus ar ghnéithe trámacha den am atá thart. Is léiriú é cuimsiú an taispeántais seo inár mbuanbhailiúcháin ar an riachtanas sin.”
 
Dúirt an Dr Audrey Whitty, Ceannasaí na mBailiúchán agus coimeádaí Alison Lowry: (A)Dressing our Hidden Truths Exhibition: “Is feidhm de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann é stair na hÉireann a chaomhnú agus a chur i láthair agus bhí córas na Neachtlann Maigdiléana i réim ar feadh cuid mhaith den 20ú haois.  Is ómós ó chroí do na mná sin agus go deimhin dá leanaí saothar Alison, saothar a théann i bhfeidhm ar an amharcóir, agus tá sé an-oiriúnach anois go mbeidh sé mar mhír dár mbailiúchán náisiúnta do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh, le go dtuigfidís ar tharla agus go bhfoghlaimeoidís uaidh.”
Ends//
Teagmhálaithe Meán
  • Sinéad McGovern, Q4 Public Relations, 087 6411625
 
Nótaí don eagarthóir
Is féidir an taispeántas Alison Lowry: (A) Dressing our Hidden Truths a fheiceáil ag an nasc seo a leanas:
https://www.museum.ie/en-IE/Museums/Decorative-Arts-History/Exhibitions/Alison-Lowry-(A)Dressing-Our-Hidden-Truths
 
Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann
Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann príomhinstitiúid chultúrtha na tíre agus is ann a gheofar na bailiúcháin is fearr d’oidhreacht, cultúr agus stair na hÉireann. Saorchead isteach!
Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán: 
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
  • Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)
 
Tá na músaeim ar fad dúnta don phobal faoi Shrianta Leibhéal 5 ach is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar na hardáin seo a leanas:
Suíomh gréasáinwww.museum.ie
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitterhttps://twitter.com/NMIreland
Instagram:  @nationalmuseumofireland

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions