Scipeáil chuig ábhar

09 Feabhra, 2022: Cloig Neamhghnácha ón 15ú hAois á mBronnadh ar Ard-Mhúsaem na hÉireann

Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann,, Lynn Scarff & Christopher & Meryl Gaisford St Lawrence
Tá muintir Gaisford St Lawrence tar éis trí chlog chré-umha ón gcúigiú haois déag, a bhí ar crochadh uair amháin i gcliabhán cloig ag Eaglais Mhainistir Mhuire, Binn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliath, a bhronnadh ar Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Tá inscríbhinní Gotacha ar na trí chlog seo a bhí ina gcuid de stair Bhinn Éadair leis na céadta bliain. D’fhógair siad na huaireanta, agus ghlaoigh siad mairnéalaigh agus muintir leithinis Bhinn Éadair chun urnaí ar feadh trí chéad bliain sular tugadh go Caisleán Bhinn Éadair iad i lár an ochtú haois déag chun iad a choinneáil slán sábháilte, áit a bhfuil siad ó shin i leith.
Is dócha gurbh iad muintir St Lawrence, a bhí ina dTiarnaí ar Bhinn Éadair ón 12ú haois, a choimisiúnaigh na cloig.
Is beag clog ón mheánaois dhéanach a tháinig slán ón Reifirméisean in Éirinn tráth a rinneadh mórchuid díobh a dhíol agus a leá. Tá sé níos neamhghnáthaí fós do shraith clog dá leithéid teacht slán as séipéal amháin.
Díoladh an caisleán, a thóg muintir St Lawrence, le déanaí agus cuireadh a raibh ann ar ceant. Cheannaigh Ard-Mhúsaem na hÉireann déantáin thábhachtacha le maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. I measc na ndéantán a ceannaíodh bhí Claíomh Mór Bhinn Éadair ón mheánaois. 
D’aithin muintir Gaisford St Lawrence tábhacht na gclog do leithinis Bhinn Éadair agus do stair na heaglaise meánaoise in Éirinn i gcoitinne.
Caomhnófar agus taispeánfar na cloig in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid Chill Dara agus cuirfear comharthaí cuí i séipéal Mhainistir Mhuire, Binn Éadair atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí.
Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, “Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le muintir Gaisford St Lawrence as na trí chlog mheánaoiseacha seo a bhronnadh ar Ard-Mhúsaem na hÉireann ionas gur féidir le cuairteoirí ar an músaem féachaint orthu agus taitneamh a bhaint astu feasta. Is mór an onóir dúinn cúram na ndéantán luachmhara seo a ghabháil orainn féin agus a stair mar chuid de Mhainistir Mhuire a chinntiú. Cuirtear a nasc le pobal Bhinn Éadair in iúl do gach duine a thagann chun féachaint orthu. Léiríonn na cloig an nasc iontach sin idir ár n-oidhreacht ábhartha, ár n-oidhreacht thógtha agus ár n-oidhreachta nádúrtha agus ba mhór an pléisiúr é oibriú lenár gcomhghleacaithe i Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus in Oifig na nOibreacha Poiblí agus le muintir Gaisford St Lawrence chun an lá tábhachtach seo a bhaint amach.”
 
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, “Táimid fíor-bhuíoch do mhuintir St Lawrence as na cloig stairiúla seo a choimeád slán le breis agus 200 bliain. Tá an dualgas cúraim sin á thabhairt ar láimh anois d’Ard-Mhúsaem na hÉireann. Cé nár chualathas na cloig ag bualadh trasna Bhinn Éadair leis na céadta bliain, beidh siad ar taispeáint feasta in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid Chill Dara, rud a chinnteoidh go mbeidh scéal Mhainistir Mhuire agus gníomh fial mhuintir St Lawrence mar chuid lárnach de scéal na hÉireann agus go gcuirfidh cuairteoirí ar an músaem ó gach cearn den domhan eolas air.”
 
Dúirt an tAire Stáit ar a bhfuil cúram as Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD, “Glacann go leor daoine an cúram orthu féin aire a thabhairt don oidhreacht, agus tá muintir St Lawrence chun tosaigh ina measc. Choimeád siad na cloig seo go cúramach ar feadh na gcéadta bliain. Thar ceann Oifig na nOibreacha Poiblí, admhaím an cúram sin le buíochas. Cinnteoimid go n-inseofar scéal iontach na gclog in eolas léirmhínithe nua ag suíomh bunaidh na gclog i Mainistir Mhuire i mBinn Éadair mar aon le scéal na ndaoine a d’fhéach chuige gur coimeádadh iad slán sábháilte leis na cianta, le go saibhreofar ár dtuiscint ar oidhreacht na tíre.”
 
Dúirt Christopher Gaisford St Lawrence, “Is é scéal na gclog seo scéal Bhinn Éadair. Dlúthchuid de shaol na ndaoine a bhí iontu agus is ceart agus is cóir anois go mbeidís le feiceáil san Ard-Mhúsaem le go mbainfeadh an uile dhuine taitneamh astu.”
 
ENDS
 
 
Grianghrafadóireacht
 
Julien Behal a eiseoidh na grianghraif a ghabhann leis
E: julienbehalphotography@gmail.com
T:  087 978 2542 
 
Teagmhálaí Meán: Sabrina D’Angelo, Q4PR, T: +353 860323397 E: sabrina@q4pr.ie
 
Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann

Tá ceithre shuíomh phoiblí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus Taisclann Bailiúchán:
Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2)
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7)
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe (Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo)
Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)
 
Ní ghearrtar aon táille isteach in Ard-Mhúsaem na hÉireann ná ina thaispeántais.

Féach: www.museum.ie 
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram: @nationalmuseumofireland


 
 
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions