Scipeáil chuig ábhar

10 Samhain 2020: Cuireadh á thabhairt ag Ard-Mhúsaem na hÉireann chuig múinteoirí an Músaem a thabhairt chun an tseomra ranga le linn an fhómhair seo

Idir iairiglifí agus snaidhmeanna an fhómhair, dhíothú agus Éirí Amach na Cásca ... sa chlár nua tá bailiúcháin náisiúnta ar fud ceithre shuíomh den Mhúsaem á dtaiscéaladh

 
TÁ Ard-Mhúsaem na hÉireann (AMÉ) díreach i ndiaidh clár nua imeachtaí, gníomhaíochtaí agus acmhainní do mhúinteoirí ar líne a sheoladh d’fhonn an Músaem a thabhairt chun an tseomra ranga le linn an fhómhair seo.

Gach bliain, cuireann AMÉ fáilte roimh thart ar 90,000 dalta bunscoile agus iar-bhunscoile chuig na ceithre shuíomh atá ag an Músaem i mBaile Átha Cliath agus Maigh Eo, mar a gcuirtear deiseanna foghlama ar fáil a bhíonn gníomhach, teagmhálach agus nasctha leis an gcuraclam agus a bhíonn ina mbonn faoin teagasc sa seomra ranga.

I mbliana, mar gheall ar na treoirlínte maidir le COVID-19, b’éigean athsmaoineamh a dhéanamh ar cad é mar is féidir le scoileanna, múinteoirí agus daltaí dul i dteagmháil leis na bailiúcháin náisiúnta agus a bheith ag foghlaim ina dteannta agus, mar fhreagairt, tá cláir fhíorúla forbartha ag foireann an Mhúsaeim le húsáid sa seomra ranga.

Seolfar an chéad chuid den chlár nua le linn na míosa seo.

I gclár nua an Mhúsaeim le haghaidh 2020/2021, tá meascán de sheisiúin bheo ar líne le hoideachasóirí ón Músaem agus réimse acmhainní físe réamhthaifeadta, agus acmhainní inphriontáilte, ar fáil ó shuíomh gréasáin an Mhúsaeim.

Is féidir taiscéalaíocht a dhéanamh ar bhailiúcháin an Mhúsaeim, idir ealaíon, dhearadh agus seandálaíocht; stair na hÉireann san fhichiú haois; thraidisiúin na tuaithe agus an domhan nádúrtha; a chuirfidh go mór leis an bhfoghlaim ar leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile ar fud réimse leathan ábhar.

Tá roinnt buaicphointí ann, lena n-áirítear ceardlann ETIM den dearadh glas ó AMÉ - Saol na Tuaithe; camchuairt fhíorúil nua faoi 1916 i gcomhluadar AMÉ - na hEalaíona Maisiúla agus Stair; dúshlán Lochlannach ó AMÉ - Seandálaíocht; agus sraith speisialta faoin díothú ó AMÉ - Stair an Dúlra.

Mhol Lorraine Comer, Ceann Oideachais in Ard-Mhúsaem na hÉireann, do gach múinteoir cuairt a thabhairt ar www.museum.ie le feiceáil cad é atá ar fáil:

Cuireann clár foghlama do scoileanna Ard-Mhúsaem na hÉireann réimse gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an gcuraclam ar fáil atá deartha le rannpháirtíocht, comhoibriú agus taiscéalaíocht a spreagadh. Agus sinn ag maireachtáil le linn na gcúrsaí dúshlánacha atá ann faoi láthair ó thaobh na sláinte poiblí de, is mian linn cuireadh a thabhairt do scoileanna dul i dteagmháil leis na hacmhainní foghlama ilmheán nua atá forbartha againn, agus páirt a ghlacadh i gcuid dár gceardlanna ar líne, leis an Músaem a thabhairt isteach chun an tseomra ranga.
“Déanfar an clár a thabhairt chun solais de réir a chéile le linn na bliana acadúla seo, é spreagtha ag saibhreas na scéalta agus na dtéamaí i mbailiúcháin an Mhúsaeim, agus é deartha go mbeidh sé spraíúil, teagmhálach, agus go ndéanfaidh sé fiosracht a chothú i measc na ndaltaí, chomh maith le dáimh leis an stair.”

Beidh Ard-Mhúsaem na hÉireann ag tógáil ar an gclár nua seo a thuilleadh le linn théarma na scoile agus ag cur acmhainní agus imeachtaí de réir mar a bheidh siad ar fáil. Mar sin ba chóir do mhúinteoirí breathnú ar an suíomh gréasáin go rialta nó an Músaem a leanúint ar na meáin shóisialta le nuashonruithe a fheiceáil.

Tabhair cuairt ar www.museum.ie le haghaidh tuilleadh.

Buaicphointí áirithe ón gclár:

SEANDÁLAÍOCHT

In áit Chuairteanna Ardteistiméireachta Stair na hEalaíne, tá cur i láthair curtha le chéile ag oideachasóirí an Mhúsaeim ina bhfuil íomhánna ardtaifigh de na déantáin atá ar taispeáint sa Mhúsaem a bhfuil baint acu le curaclam Stair na hEalaíne san Ardteistiméireacht. Beidh múinteoirí in ann an cur a láthair a úsáid mar acmhainn sa seomra ranga agus beidh daltaí in ann na leathanaigh nótaí a úsáid mar áis athbhreithnithe.

Bain leas as an ngníomhaíocht spraíúil oideachais seo chun an dóigh le d’ainm a scríobh mar a bheadh Faró Éigipteach ionat a fhoghlaim.  Féach cad é mar a bhaineadh muintir na hÉigipte fadó feidhm as iairiglifí, agus bain úsáid as dúshlán an chuardaigh focal chun foghlaim faoin iomaí dia a tháinig as an tSean-Éigipt agus na hainmhithe a bhfuil siad bainteach leo.
 
NA hEALAÍONA MAISIÚLA AGUS STAIR

Sa chamchuairt fhíorúil seo, déanann Coimeádaithe, Oideachasóirí agus Treoraithe an Mhúsaeim an lucht féachana a threorú tríd an taispeántas Dearbhú Poblachta, a raibh an-tarraingt air agus a tháinig chun deiridh in 2020. Bí ag foghlaim faoi dhéantáin, scéalta pearsanta agus téamaí tábhachtacha a bhaineann leis an gcuraclam agus atá sa taispeántas.
 

Déan réimse gníomhaíochtaí ealaíne agus deartha a thaiscéal i bhfíseáin ghearra agus bileoga gníomhaíochtaí ar féidir iad a íoslódáil, atá fóirsteanach do dhaltaí bunscoile agus daltaí ealaíne sa tsraith shóisearach. Is féidir le daltaí tabhairt faoi dhúshlán dearaidh spreagtha ag Eileen Gray, a ngléas ceoil féin a dhéanamh, támatróp a dhearadh agus a thógáil, nó a gciogal éin féin a dhéanamh, spreagtha ag feisteas Samúraí.
 
SAOL NA TUAITHE

Sa cheardlann theagmhálach ETIM seo a ndéanfaidh Make Create Innovate éascaíocht uirthi, gheobhaidh daltaí tuiscint ar an gcumhacht leictreach agus foghlaimeoidh siad scileanna deartha agus innealtóireachta i mbealach spraíúil. Faigh amach cad é mar is féidir leictreonaic agus ciorcaid a úsáid le mótar giair a chumhachtú chun uathbhreacaire a dhearadh a dhéanfaidh píosa ealaíne a chruthú duit.
 

Bí i gcuideachta Fiona Dowling agus í i dtailte AMÉ - Saol na Tuaithe, i bPáirc Thurlaigh, Co. Mhaigh Eo, chun scéalta éagsúla bunaithe ar an dúlra agus scéalta iontach spéisiúil a chluinstin atá bainteach le slí sí an Mhúsaeim, ‘Síthe agus An Slua Sí’.
 
STAIR AN DÚLRA

Úsáid an ghníomhaíocht ranga seo chun ainmhithe díothacha na hÉireann ag an músaem a fhiosrú. Bainfear leas as sraith físeán atá nasctha leis an gcuraclam chun topaic an díothaithe a chur os comhair do ranga agus casfar cuid de na samplaí is speisialta atá sa mhúsaem oraibh, a bhfuil cosúlacht amháin acu go léir – tá siad go léir díothaithe! Cuirtear nótaí mionsonraithe múinteora ar fáil, chomh maith le plean ceachta agus gníomhaíochtaí molta don seomra ranga ar féidir iad a úsáid chun cur leis na torthaí foghlama.
 

Sa ghníomhaíocht ranga seo a dearadh go speisialta don Idirbhliain, is féidir le daltaí éifeachtaí an athraithe aeráide ar éiceachórais chósta na hÉireann a fhiosrú le linn dóibh tabhairt faoi shiúlóid fhíorúil féintreoraithe tríd an Músaem. Tá nótaí mionsonraithe múinteora ar fáil maidir leis na speicis ainmhithe atá ann agus iarmhairtí gaolmhara an athraithe aeráide, chomh maith le gníomhaíochtaí molta don seomra ranga lena ndéanamh ina dhiaidh. Is féidir iad siúd a úsáid chun plé ranga a chothú agus chun na topaicí: éifeachtaí an athraithe aeráide, agus an comhshaol i gcomhthéacs na hÉireann; a leathnú.
 
--- Ends ---
 
I GCÁS CEISTEANNA Ó NA MEÁIN, GLAOIGH AR:

 
Frances Toner, feidhmeannach margaíochta, Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe.
T: +353 94 90 31773 | FP: 087 798 7439 |R: ftoner@museum.ie
 
I dTAOBH ARD-MHÚSAEM NA hÉIREANN:
 
Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán:
 

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

 
Tá saorchead isteach in Ard-Mhúsaem na hÉireann agus sna taispeántais. Tá siopa agus caifé sa mhúsaem. Féach www.museum.ie .
 
UAIREANTA OSCAILTE AN MHÚSAEIM:
Dé Máirt – Dé Sathairn 10.00 am – 5.00 pm
Dé Domhnaigh agus Dé Luain 1.00 pm - 5.00 pm
 
Oscail www.museum.ie/en/homepage.aspx  chun sonraí imeachtaí /gníomhaíochtaí a fháil.
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram:  @nationalmuseumofireland
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions