Scipeáil chuig ábhar

12 Feabhra 2021: Cuireann Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Comhairle Contae Mhaigh Eo fáilte roimh shuiteáil obair ealaíne 'Straw Sister'

Straw Sister' le Maria McKinney le sraith oibreacha ealaíne On Sight ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe

Is mór ag Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Comhairle Contae Mhaigh Eo saothar ealaíne dealbhóireachta le Maria McKinney, saothar a bhfuil ábhar machnaimh ann, a bheith suiteáilte ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe i bPáirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh.

'Straw Sister' a thugtar ar an saothar agus tá sé déanta as soip shintéiseacha fite fuaite AI (inseamhnú saorga), a úsáidtear go coitianta i bpróisis feirmeoireachta nua-aimseartha.

Tharraing an t-ealaíontóir inspioráid do ‘Straw Sister’ as ceardaíocht dhúchasach tuí i mBailiúchán Náisiúnta Shaol na nDaoine, agus breithniú ar nósanna torthúlachta ársa i gcomparáid le cleachtais feirmeoireachta comhaimseartha.

Rinneadh an saothar ‘Straw Sister’ a choimisiúnú do On Sight – tionscadal bliantúil ealaíon a mhaoiníonn Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe agus Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon, le tacaíocht ó Artsquad Mhaigh Eo.

Is é aidhm ‘Straw Sister’ déantáin, nósanna agus ceardaíocht thraidisiúnta a cheangal le saol an lae inniu. Nuair a forbraíodh AI den chéad uair sa chéad leath den 20ú haois, úsáideadh sop coirce mar ghabhdán do shíol an tairbh. Sa lá atá inniu ann, déantar na soip shintéiseacha seo i dtimpeallachtaí fíor-shláinteacha agus stóráiltear iad i nítrigin leachtach. Ach fós is iompróir siombalach iad fós - soitheach a chuireann luachanna agus brí an lae inniu in iúl.

Tógann ‘Straw Sister’ ar shaothar a rinne McKinney roimhe seo don tionscadal ‘Sire’, saothar a raibh ardcháil air agus a d’fhéach ar úsáid na ngéanóm i bpórú eallach na linne seo, agus a chuimsigh saothair ealaíne déanta as soip AI.

Agus í ag labhairt faoi ‘Straw Sister’, dúirt Ms McKinney:

Tá an-áthas orm an saothar seo a fheiceáil suiteáilte i ngailearaithe Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe. Thug na bailiúcháin atá ann inspioráid mhór do mo chleachtas. Tá sé mar aidhm ag ‘Straw Sister’ cleachtas feirmeoireachta an lae inniu, an t-insealbhú saorga (AI) a athnascadh le déantúsáin tuaithe a cheaptar a d’eascair as nósanna torthúlachta agus tá mé ar bís chun é seo a roinnt leis an bpobal. Tá meascán de chruithneacht nádúrtha agus de shoip shintéiseacha AI fite go dlúth de lámh chun an dealbh a chruthú. Is é an aidhm atá agam leis an saothar seo deasghnáth torthúlachta comhaimseartha a cheiltear de ghnáth, ach atá forleathan, a léiriú.”


Dúirt Liam Doherty, comhordaitheoir an tionscadail On Sight don Ard-Mhúsaem:

Tugann suiteáil Maria McKinney léargas úr ar Bhailiúchán Saol na nDaoine in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe. Déanaimid ár ndícheall taispeántais a chur ar fáil a mheallfaidh an cuairteoir agus is breá mar a oireann saothar Maria, a cheiliúrann an chruthaitheacht, an eolaíocht agus an traidisiún, don chuspóir seo.”


D’fháiltigh Peter Duggan, Príomhfheidhmeannach (Eatramhach) le Comhairle Contae Mhaigh Eo, roimh ‘Straw Sister’ nuair a dúirt sé:

Tá ríméad ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo a bheith bainteach le On Sight 2020, agus tacaíocht a thabhairt don ealaíontóir Maria McKinney chun 'Straw Sister' a chruthú; is suiteáil agus físeán beoga é a fuair spreagadh ón mbailiúchán in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe.”


Tá ‘Straw Sister’ suiteáilte anois ag na dánlanna taispeántais in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe ach mar gheall ar threoir reatha sláinte poiblí COVID-19, ní féidir leis an bpobal dul ag féachaint air faoi láthair.

Tá an Músaem ag tnúth leis an uair a mbeifear in ann fáilte a chur roimh chuairteoirí chun féachaint ar shuiteáil Maria McKinney go pearsanta. Go dtí sin, is féidir an saothar ealaíne a fheiceáil trí scannán a ghabhann leis ag: https://www.museum.ie/en-IE/Museums/Country-Life/Projects/On-Sight/On-Sight-2020

---- Ends -----
 
Cuir ceisteanna meán ar: Frances Toner, Feidhmeannach Margaíochta, Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe. T: +353 94 90 31773 / +353 87 7987439, E: ftoner@museum.ie

 
Nóta d’Eagarthóirí
Mar gheall ar na healaíontóirí

Ealaíontóir as Dún na nGall is ea Maria McKinney. Tá sí ag fáil Coimisiún Céatadán don Ealaín faoi láthair ó Chomhairle Contae Loch Garman agus is ball í de Stiúideonna Bharra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Tá saothair dá cuid le feiceáil i mbailiúcháin na Comhairle Ealaíon, The Museum of English Rural Life, Reading, Europol, Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Banc na hÉireann. Ar na taispeántais ar ghlac sí páirt iontu le déanaí bhí taispeántas aonair ag an Museum of English Rural Life, Reading, RA, agus grúpsheónna in Gregg Museum, North Carolina, SAM; Bozar, An Bhruiséil; Sunderland Museum, RA, agus Pace University Gallery, Nua-Eabhrac, SAM.
 

Mar gheall ar Sheirbhís Ealaíone Chomhairle Contae Mhaigh Eo

Aonad feidhmiú de chuid na Comhairle Contae is ea Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Tríd an tSeirbhís Ealaíon, tacaítear le healaíontóirí, scríbhneoirí, ceoltóirí, scríobhneoirí drámaí, rinceoirí, oibrithe ealaíon poibil agus eagraíochtaí ealaíon atá i mbun oibre i gCo. Mhaigh Eo. Freagraíonn an tSeirbhís Ealaíon do riachtanais iad siúd a chruthaíonn agus a chuireann ealaín i láthair, agus do dhaoine atá ag gabháil do na healaíona ar an iliomad bealach eile san earnáil sin. Is iad an cháilíocht, an rochtain, an cuimsiú agus an luach fadtéarmach na prionsabail a rialaíonn obair na seirbhíse.
 
  *   Seirbhís Ealaíon Mhaigh Eo ar Facebook : https://www.facebook.com/mayo.artsoffice/
  *   Mayo Arts Service Twitter: @MayoArtsOffice
 

Mar gheall ar Scuad Ealaíne Mhaigh Eo

Ó bunaíodh an Scuad i 1997, tá líon mór Rannpháirtithe Fostaíochta Pobail oilte aige, trí phobail a spreagadh agus a thacú. Cuireadh an scéim ar fáil ar dtús i gcomhpháirtíocht le FÁS agus oibríonn sé anois i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Shóisialaí.

Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann

Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán:

  •   Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2)

  •   Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2)

  •   Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7)

  •   Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe (Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo)

Mar gheall ar shrianta COVID-19 Leibhéal 5, agus de réir Chreat Náisiúnta an Rialtais um Maireachtáil le COVID-19, dúnfar Ard-Mhúsaem na hÉireann do chuairteoirí ó 12.30 pm Oíche Nollag (24 Nollaig) nó go bhfógrófar a mhalairt. Le linn an ama seo, tugaimid cuireadh duit bheith linn ar líne trínár réimse acmhainní, gníomhaíochtaí, turas, dánlann agus taispeántas ag www.museum.ie
 
  *   Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
  *   Twitter: https://twitter.com/NMIreland
  *   Instagram: @nationalmuseumofireland


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions