Scipeáil chuig ábhar

13 Samhain 2021: Prátaí gloine lámhshéidte i gcuimhne ar an nGorta Mór ar taispeáint ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe

- 1845: 15 bliana déag óna chroí amach a chaith an t-ealaíontóir ar Memento Mor

Tá suiteáil fíorálainn de 1,845 práta gloine lámhshéidte i gcuimhne ar an nGorta Mór ar taispeáint anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
An ceoltóir agus an t- ealaíontóir Liam Ó Maonlaí a d’oscail 1845: Memento Mori go hoifigiúil tráthnóna inné (Dé Sathairn, 13 Samhain).
‘Saothar ón gcroí istigh’ a dúirt sé atá sa tsuiteáil, a thóg 15 bliana ar an ealaíontóir Paula Stokes atá ina cónaí in Seattle.
Tagairt atá sa teideal don chéad bhliain inar bhuail an aicíd prátaí na hÉireann, a sheol isteach tréimhse thubaisteach ocrais, galair agus imirce.
Tá an saothar ealaíne ar taispeáint i seomra ar a dtugtar an ‘Landlord’s Library’ i dTeach Pháirc Thurlaigh, áit a n-íocadh tionóntaí mhuintir Mhic Gearailt a gcíos le linn bhlianta na 1800í.
Mar bhall de dhiaspóra na hÉireann an lae inniu, déanann Stokes machnamh ar a stair féin mar imirceach chun scrúdú a dhéanamh ar imeachtaí stairiúla a raibh tionchar mór acu ar an saol. Tá tús curtha aici le hidirphlé ar conas is féidir foghlaim ó rudaí a tharla roimhe seo, agus féachann sí dá réir le comhbhá a mhúscailt a sháróidh polaitíocht dheighilteach an lae inniu.
Ag labhairt dó ag an oscailt oifigiúil, dúirt an tUasal Ó Maonlaí:
“Sa domhan ina mairimid tá íomhánna teibí ann a bhfuil cumhacht dlí acu. Cá háit le dul? Cén táirge ar chóir a cheannach? Cén duine is fiú a ghráú? Caitear an fhírinne agus an stuaim i leataobh. Tógann an t-ealaíontóir an rud teibí agus déanann sí é a ailíniú le tuiscint ar fhírinne agus ar stuaim. Is í Paula Stokes an t-ealaíontóir. Ón gcroí amach a tháinig an saothar seo. Is dath i bpailéad an ealaíontóra é intinn an amharcóra, an oiread céanna leis an ngloine agus an seomra agus an foirgneamh ina bhfuil an ghloine. Táimid uile le feiceáil ina healaín.”
Dúirt Audrey Whitty, Leas-Stiúrthóir / Ceann na mBailiúchán agus na Foghlama in Ard-Mhúsaem na hÉireann:
“Cuirimid fáilte mhór roimh an tsuiteáil seo go hArd-Mhúsaem na hÉireann, áit a mbeidh deis ag cuairteoirí áilleacht agus cumhacht an tsaothair a thuiscint, agus teacht faoi anáil na dtéamaí doimhne mothúchánacha agus casta a phléitear ann. Déanann Paula an saothar ealaíne seo a oiriúnú do gach suíomh ina dtaispeántar é agus cuireann an suíomh nua seo i Leabharlann an Tiarna Talún i dTeach Pháirc Thurlaigh, sraith leis ar fiú dúinn uile smaoineamh air. Ba anseo a d’íocadh feirmeoirí tionónta, a bhí ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal, cíos ar son píosa suarach talún.
Ag fáiltiú di roimh oscailt oifigiúil na suiteála i bPáirc Thurlaigh, dúirt Paula Stokes:
“Athraítear cruth na suiteála ag brath ar an suíomh, agus athraítear cruth agus toirt ag brath ar an solas, ar an inrochtaineacht, agus ar nochtadh gach suimh. Féachaim le comhthéacs atá bunaithe ar áit, agus ar stair na háite sin, a aimsiú agus sin cuid den tslí a gcuirtear an saothar in oiriúint do gach suíomh. I suiteálacha roimhe seo rinneadh é i bhfoirm chairn (carn cloch traidisiúnta). Tá an cur i láthair seo le feiceáil i Leabharlann Theach Thurlaigh, spás a shamhlaítear de ghnáth le heolas. Sa suíomh seo feidhmíonn an ealaín féin mar thairseach amhairc d’imeacht shuntasach i stair na hÉireann a sháraíonn an focal agus an teanga scríofa. Doirteann sé anuas ar urlár adhmaid na Leabharlainne cosúil le taiséadach de ghloine shobhriste nach siúlfadh éinne air."

Osclaíodh 1845: Memento Mori den chéad uair i dTeach Pháirc  Bhéal na mBuillí i gContae Ros Comáin i mBealtaine 2021. Taispeánadh é ó shin ag Eastáit Chaisleán Bhaile Sheáin i gContae Loch Garman agus i nDaonpháirc Uladh-Mheiriceá i gContae Thír Eoghain.

Tá sé ar taispeáint i dTeach Pháirc Thurlaigh, iar-bhaile dúchais mhuintir Mhic Gearailt, ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe díreach taobh amuigh de Chaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, ón 13 Samhain 2021 go dtí an 28 Bealtaine 2022.

Thacaigh Iontaobhas Cuimhneacháin Thomas Dammann Junior go fial leis an tionscadal.


www.1845mementomori.com

Gheofar eolas breise ar www.museum.ie.
--- Ends ---

Seol ceisteanna meán eile ar: Ann Daly, Ceann Margaíochta, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath DO7 XKV4, T: +353 1 6486457 / +353 87 2368067, E: adaly@museum.ie

Mar gheall ar an ealaíontóir
Chaith Paula Stokes a saol in Éirinn go dtí go ndeachaigh sí ar imirce go SAM tar éis di céim baitsiléara i nDearadh Gloine a bhaint amach ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile Átha Cliath. Tá Teastas aici i nDéanamh Gloine agus sa Teicneolaíocht ó Choláiste Teicneolaíochta Dudley, an Ríocht Aontaithe. Ghnóthaigh ​​Stokes Scoláireacht Milnora Roberts um Fheabhas Acadúil i nDéanamh Priontaí ó Ollscoil Washington, Seattle.

Tá saothair curtha ar taispeáint aici ar fud an domhain; ar na taispeántais sin bhí 1845: Memento Mori ag Músaem Ealaíne agus Staire Chontae Jefferson, Port Townsend agus Dánlann METHOD, Seattle (2019), Taispeántas Dearaidh agus Litríochta, CIACLA, Los Angeles (2019), Solas: Light Inspires Glass, Ionad Ealaíon Morean, Florida (2017), Into The Field, The Model Contemporary Art Center, Sligeach (2014), Future Beauty sa Ghailearaí Náisiúnta Ceardaíochta, Cill Chainnigh (2013), Critical Selection, Acadamh Ríoga Hibernian, Baile Átha Cliath, Collect 2012, Gailearaí Saatchi, Londain, Engaging with Glass, Traver Gallery, Tacoma, agus Ionad Ealaíon an Ghrianstad, Co. na Mí (2011-2012), Ollmhargadh, Stócólm, an tSualainn (2012), Claochlú, Gailearaí Shift, Seattle (2012) , Ceardaíocht Éireannach san 21ú hAois, Ard-Mhúsaem na hÉireann (2011), agus Na Géanna Fiáine, Gailearaí Chomhairle Ceardaíochta na hÉireann, Éire (2007).
Tá a cuid oibre le fáil i go leor bailiúcháin lena n-áirítear Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Ambasáidí na hÉireann sa Bhruiséil agus i mBéising.
Bronnadh cónaitheachtaí ar Stokes ag Ionad Ealaíon Cill Rialaig, Baile an Sceilig agus ag Músaem Ealaíne agus Staire Chontae Jefferson, Port Townsend, Washington.

Maidir le Teach Pháirc Thurlaigh

Ba é Teach Pháirc Thurlaigh baile foirmiúil mhuintir Mhic Gearailt, ar bronnadh eastát mór orthu i dTurlach, Co. Mhaigh Eo, faoi lonnaíochtaí talún Chromail i lár an 17ú haois.
Thóg na Gearaltaigh an teach reatha i 1865. Ba é Thomas Newenham Deane, ailtire Victeoiriach mór le rá, a dhear an teach sa stíl a dtugtar stíl Ghotach Victeoiriach uirthi.
Cheannaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo an teach agus na gairdíní i 1991 agus roghnaíodh é i 1995 mar shuíomh d’Ard-Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann chun Bailiúchán Náisiúnta Shaol na nDaoine a thaispeáint.
D’fhorbair an OPW dánlanna taispeántais nua-aimseartha a bhuaigh duaiseanna in aice le Teach Pháirc Thurlaigh agus Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, ina gcoimeádtar agus ina gcuirtear Bailiúchán Náisiúnta Shaol na nDaoine ar taispeáint. Osclaíodh é don phobal i 2001.
 
Maidir le hArd-Mhúsaem na hÉireann
Tá ceithre shuíomh phoiblí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus Stór Bailiúchán:

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe (Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo)

  • Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)

Tá saorchead isteach in Ard-Mhúsaem na hÉireann agus sna taispeántais. Tá siopa agus caifé sa mhúsaem.
Gheofar tuilleadh eolais in www.museum.ie.
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram:  @nationalmuseumofireland

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions