Scipeáil chuig ábhar

13 Meán Fómhair, 2023: CLG: Daoine, Déantáin & Scéalta - taispeántas nua ag Ard-Mhúsaem na hÉireann ina dtugtar léargas nua ar an eagraíocht spóirt is mó in Éirinn

13 Meán Fómhair, 2023: Seolfar inniu in Ard-Mhúsaem na hÉireann (NMI) – Na hEalaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin inniu taispeántas ilmheán a thabharfaidh léargas nua ar thionchar an CLG trí lionsa éagsúla: an stair shóisialta, cúrsaí dearaidh agus cultúr na ndaoine.
CLG: Daoine, Déantáin & Scéalta – an Dr Siobhán Doyle, atá ina Coimeádaí ar Bhailiúcháin Gloine, Ceirmeachta agus Áiseach Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus a scríobh an leabhar cáiliúil A History of the GAA in 100 Objects a foilsíodh anuraidh, is ea a chruthaigh an taispeántas. Beidh an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne TD, ag tabhairt cuairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann ar maidin le haghaidh turas timpeall an taispeántais agus le haghaidh grianghraf chun seoladh an taispeántais nua a chomóradh.
CLG: Daoine, Déantáin & Scéalta – réada ón 15ú haois go dtí an lá inniu, lena n-áirítear go leor a bheidh ar taispeáint go poiblí den chéad uair, mar shampla:
  • Meadar Meánaoiseach a fuarthas in Corran, Co Ard Mhacha. Tá dearadh chorn íocónach Liam Mhic Chárthaigh bunaithe ar mheadair adhmaid, atá i mbuanbhailiúchán Ard-Mhúsaem na hÉireann.
  • Bonn óir 10 gcarat CLG a rinneadh i Nua-Eabhrac, dar dáta 1936, a cheaptar a bheith bronnta ar dhuine de na himreoirí ó fhoireann peile an Chabháin nó ó fhoireann iomána Luimnigh a thaistil chun imirt i Nua-Eabhrac i Staid Yankee.
  • Gúna bréidín lámhfhite camógaíochta a chaith Maeve Gilroy sna 1960idí le linn deich mbliana rathúil do chamógaíocht Aontroma. Bronnadh Duais Chú Chulainn na camógaíochta ar Mhaeve i 1956 agus bhí ard-mheas uirthi ina dhiaidh sin mar chóitseálaí agus mar réiteoir.
  • Bonn a bronnadh ar Austin Stack an polaiteoir náisiúnach Éireannach, poblachtach míleatach agus príosúnach polaitiúil, agus lúthchleasaí ceiliúrtha, nuair a bhí sé ina chaptaen ar fhoireann peile Chiarraí a bhuaigh comórtas Chorn an Chrócaigh i 1904-05. Bhí Comórtas Chorn an Chrócaigh ar cheann de na comórtais idirchontae ba luaithe san iomáint agus sa pheil.
  • Clogad iomána a chaith Ursula Jacob, iar-imreoir camógaíochta agus iar-chaptaen Loch Garman atá ina anailísí CLG anois, sna cluichí ceannais uile-Éireann inar bhuaigh sí boinn ó 2007 go 2020.
  • Sliotar buí a úsáideadh i gcluiche ceannais sinsearach na hÉireann 2020 idir Luimneach agus Tiobraid Árann, a mharcáil an chéad chluiche inar ghabh an sliotar buí áit an tsliotair bháin thraidisiúnta. Ba é cluiche ceannais iomána na hÉireann 2020 an chéad chluiche ceannais a imríodh taobh thiar de dhoirse dúnta, mar gheall ar phaindéim Covid-19.
  • Pictiúir d’éidí camógaíochta leis an dearthóir faisin Neillí Mulcahy, ó 1969. Tá stair den mhíchompord ag baint le héidí camógaíochta, cosúil le go leor d’fheisteas na lúthchleasaithe ban, toisc gur tugadh tús áite do rialacháin agus do thraidisiúin in ionad don lúthchleasaíocht. Ba é pictiúr Neillí moladh uaithi siúd faoin gcuma a d’fhéadfadh a bheith ar éide chamógaíochta.
  • Pláta comórtha poircealláin a dhear Oisín Kelly agus a rinne Potaireacht Bhéal Leice i 1976. Ba é club CLG Ghaeil Éirne a choimisiúnaigh an pláta mar fhiontar bailithe airgid chun cabhrú le forbairt a n-áiseanna imeartha i mBéal Leice, Co. Fhear Manach a mhaoiniú.
Cé gur bunaíodh CLG go foirmiúil sa bhliain 1884, is iad na déantáin is sine atá ar taispeáint mar chuid den taispeántas ná liathróidí iomána déanta as fionnadh clibíneach bó agus gruaig chapaill trilseánaithe a théann siar go dtí an 15ú haois, a fuarthas i limistéir phortaigh i gContaetha Chiarraí, Mhaigh Eo agus Luimnigh. Ar taispeáint freisin tá liathróid rugbaí a d’úsáid na príosúnaigh chun peil Ghaelach a imirt i gcampa imtheorannaithe Frongoch sa Bhreatain Bheag i 1916 agus camán a bhain le Mícheál Ó Coileáin.
I measc déantáin ón am is déanaí a caitheadh, tá an caipín daorchluiche seo a chaitheadh duine de mhórbhainisteoirí na hiomána, Brian  Cody, fad a bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann shinsearach iomána Chill Chainnigh ó 1999-2022.
Ar thrí ghnébhalla, beidh cuairteoirí in ann macasamhla digiteacha de shaothair ealaíne, dearadh nua-choimisiúnaithe agus grianghraif de chluichí Gaelacha a fheiceáil. I measc na dtéamaí a scrúdaítear tá an tionchar a bhí ag CLG ar ealaíontóirí sa 20ú haois, mar ar athraigh geansaithe CLG le himeacht aimsire agus an trasnú dearaidh idir Corn Sam Maguire agus Cailís Ardach. 
Gheobhaidh cuairteoirí ar an taispeántas deis freagra a thabhairt air, lena gcuimhní cinn CLG féin. Tiomsófar na freagraí seo agus áireofar iad i gcartlann taispeántais a chaomhnóidh na scéalta do na glúine atá le teacht.
Dúirt an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne TD: “Is foras náisiúnta iontach é CLG a bhfuil áit speisialta bainte amach aige i sochaí na hÉireann.  Ina chroílár, is eagraíocht phobail chomh maith le heagraíocht spóirt é CLG, agus cuireann a chlubanna áiseanna fíorluachmhara ar fáil don spórt, do ghníomhaíocht choirp agus do ghníomhaíocht shóisialta i ngach baile agus sráidbhaile in Éirinn.  Tá an CLG tar éis braistint pobail agus féiniúlachta Éireannach a thabhairt thar lear, agus leanann an cumann ar aghaidh ag fás i measc diaspóra na hÉireann agus, go deimhin, i bpobail nua ar fud an domhain.  Agus an Cumann ag breathnú ar aghaidh chuig comóradh a 140 bliain, sílim go bhfuil sé tráthúil go bhfuil an taispeántas uathúil seo curtha ar fáil ag ár nArd-Mhúsaem a mbeidh an-tóir air agus a thabharfaidh léargas nua ar shaol CLG agus ar shaol na hÉireann anuas trí na blianta.”
Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann: “Is cuid bhunúsach de shaol na hÉireann é CLG agus is amhlaidh a bheidh go ceann i bhfad eile. Ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain tá taithí ag go leor againn ar mhór-imeachtaí stair na hÉireann trínár gceangal le cluichí CLG cibé ag tacú leo nó á n-imirt. Tá lúcháir orainn an taispeántas nua seo a sheoladh, a thugann léargas nua ar stair na heagraíochta trí lionsaí éagsúla: an stair shóisialta, cúrsaí dearaidh agus cultúr na ndaoine. Agus déantáin againn ó beagnach gach contae in Éirinn, tá súil againn go mbeidh sé tarraingteach do dhaoine as gach cearn den tír, agus dóibh siúd atá cheana féin i gceann de líon ollmhór clubanna CLG thar lear. Ní amháin lucht leanúna CLG a chuirfidh spéis ann, ach daoine ar spéis leo stair an dearaidh, agus an stair go ginearálta, toisc go bhfuil stair an CLG agus ár náisiún fite fuaite go dlúth.”
Dúirt an Dr Siobhán Doyle, Coimeádaí CLG: Daoine, Déantáin & Scéalta; “Na déantáin go léir ar taispeáint mar chuid de CLG: Daoine, Déantáin & Scéalta, tá scéalta ag gabháil leo a léiríonn an tábhacht atá leo i stair an CLG, agus i stair na hÉireann. Cibé an í an éide chamógaíochta do mhná anuas trí na mblianta, nó an liathróid rugbaí a bhí in úsáid i gcampa imtheorannaithe Frongoch, insíonn siad ar fad scéal faoin tionchar agus faoin ról ar leith a bhí agus atá ag CLG i stair na hÉireann, suas go dtí an lá inniu.  Beidh fáilte roimh chuairteoirí chuig an taispeántas ar mian leo a gcuimhní agus a n-íomhánna féin den CLG a roinnt linn, ionas gur féidir iad a chaomhnú do na glúine atá le teacht.”
Beidh Tom Ryan, Ard-Stiúrthóir an CLG, mar aoi speisialta ag seoladh oifigiúil an taispeántais tráthnóna inniu. Dúirt sé: “Is eol dúinn go maith an bhaint atá ag CLG le saol laethúil na tíre, ní amháin ar oileán na hÉireann ach ar fud an domhain agus cuireann an bailiúchán iontach de dhéantáin ón Dr Siobhán Doyle é sin ar ár súile dúinn.
 
“Ar go leor bealaí is scáthán de mhuintir na hÉirinn iad an CLG agus ár gcluichí agus ní aon ionadh é a fheiceáil gur gnáthrudaí laethúla iad go leor de na rudaí sa taispeántas, rudaí a d’fheicfeá in aon teach in Éirinn, cé go bhfuil lorg an bhailitheora ar an taispeántas seo.
 
“Bhain mórchuid dínn an-taitneamh as leabhar an Dr Doyle agus fáiltím go croíúil roimh an déanamh atá ar an taispeántas seo. Níl aon amhras orm ach go mbeidh sé thar a bheith suimiúil do bhaill an CLG agus do dhaoine nach baill iad ar chor ar bith.”
 
CLG: Daoine, Déantáin & Scéalta ar oscailt don phobal ag Ard-Mhúsaem na hÉireann (NMI) – Na hEalaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin ó Dhéardaoin, 14 Meán Fómhair. Saorchead isteach.
 
Ends //
Íomhánna:
  • Gheofar íomhánna ardtaifigh de na déantáin atá ar taispeáint in CLG: Daoine, Déantáin & Scéalta cliceáil anseo.
  • Eiseoidh Marc O’Sullivan osullivan.marc@gmail.com 087 262 4540 íomhánna ón seisiún grianghraf ar maidin.
 
Teagmhálaí Meán: Q4 Caidreamh Poiblí  
Gheofar tuilleadh eolais ar Ard-Mhúsaem na hÉireann ag www.museum.ie 
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions