Scipeáil chuig ábhar

20 aibreán 2022: Comhdháil: Portráid de Náisiún: Ealaín, Polaitíocht agus an Conradh Angla-Éireannach

Comhdháil: Portráid de Náisiún: Ealaín, Polaitíocht agus an Conradh Angla-Éireannach
Comhdháil: Portráid de Náisiún: Ealaín, Polaitíocht agus an Conradh Angla-Éireannach
 
Dátaí: 22 agus 23 Aibreán 2022
 
Suíomh: Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin
 
Agus Éire ag déanamh a machnaimh ar chuid de na hócáidí stairiúla is anróití agus is conspóidí a comóradh le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, beidh comhdháil mhór dar teideal Portráid de Náisiún: Ealaín, Polaitíocht agus an Conradh Angla-Éireannach ar siúl ar an 22ú – 23ú Aibreán 2022, ina ndéanfar cíoradh ar na naisc idir an ealaín agus an pholaitíocht le linn bhreith an náisiúin nua Éireannaigh.
                                                                                                             
Tá an chomhdháil á heagrú i gcomhar idir Gailearaí Hugh Lane agus Ard-Mhúsaem na hÉireann, bunaithe ar inspioráid ó 'Stiúideo & Stát: Muintir Lavery agus an Conradh Angla -Éireannach ' a bheidh ar taispeáint as seo go dtí Nollaig 2022, ar comhoibriú é idir an dá institiúid seo, mar chomóradh ar chéad bliain ó síníodh agus ó daingníodh an Conradh Angla -Éireannach.
 
Tugann an chomhdháil seo raon leathan cainteoirí le chéile – staraithe, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus coimeádaithe – chun téamaí a roinnt agus a phlé, ó chúlra shíniú an Chonartha i Londain i 1921 go dtí oidhreacht agus tionchar an chonartha ar an gcosmhuintir; ó cheisteanna maidir le cuimhne agus tráma go ról an ealaíontóra mar fhinné ar an stair. 
 
Déanfar an chomhdháil a shruthú beo ar an 22 - 23 Aibreán chomh maith le bheith ar siúl go fírinneach ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin.
 
“Is comhoibriú í an chomhdháil idir na foirne oideachais ag an dá institiúid” a mhínigh Helen Beaumont, Oifigeach Oideachais Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin “agus ba dheis iontach dúinne an t-oibriú i gcomhpháirtíocht le grúpa iontach cainteoirí a thabhairt le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar an spás iontach seo ina dtagann an ealaín, an stair agus an pholaitíocht le chéile. Tá sé thar cionn freisin a bheith in ann comhdháil a thionól ar an láthair ag Dún Uí Choileáin arís, cé go mbeidh an lucht féachana in ann páirt a ghlacadh ann ar líne freisin, mar go ndéanfar í a chraoladh beo.”
 
Dúirt Jessica O’Donnell, An Ceann Oideachais ag Gailearaí Hugh Lane, “Tá áthas ar Ghailearaí Hugh Lane bheith ag comhoibriú leis an Ard-Mhúsaem ar an gcomhdháil spreagúil seo.  I sé cinn déag de chur i láthair spreagúla le léaráidí, déanfar iniúchadh ar ghnéithe éagsúla den Chonradh trí lionsa na healaíne, na polaitíochta, na sochaí, an teaghlaigh, an cheoil, an spóirt agus go leor eile chun taipéis shaibhir agus éagsúil de dhearcthaí a chur ar fáil, agus tá súil againn go mbainfidh ár lucht éisteachta taitneamh astu.”
 
I measc na gcainteoirí ar tugadh cuireadh dóibh tá na staraithe an Dr Sinéad McCoole, an Dr Mary McAuliffe agus an tOllamh Paul Rouse; na scríbhneoirí Gretchen Friemann, Flor McCarthy agus Valerie Cox; agus na healaíontóirí Anthony Haughey, Amanda Dunsmore agus Niamh McCann.
 
Gheofar ticéid chuig an gcomhdháil ar Eventbrite https://www.eventbrite.ie/e/portrait-of-a-nation-art-politics-and-the-anglo-irish-treaty-tickets-305523668517
 
Saorchead isteach.
Tá teorainn le líon na n-áiteanna le freastal ar an gcomhdháil ar láthair Dhún Uí Choileáin.
€5 sa lá.
 
Nótaí d’Eagarthóirí:
 
 
Portráid de Náisiún: Ealain, Polaitíocht agus an Conradh Angla-Éireannach
AN CLÁR
 
Dé hAoine 22 Aibreán
 
9am Clárú
9.15am Fáilte, an Dr Audrey Whitty, Leas-Stiúrthóir agus Ceann Bailiúchán, Ard-Mhúsaem na hÉireann
9.30 - 10.30am Ón Sos Cogaidh go dtí an Conradh in Éirinn
Mark Duncan - Cathaoirleach
Gretchen Friemann - Ó Phoblacht Féinfhógartha go  Tiarnas Mífhonnmhar: An fíorscéal impiriúil laistiar de Chonradh Angla-Éireannach 1921
An Dr Sinéad McCoole - Bréagach? Cérbh iad muintir Lavery agus cérbh é a Náisiúntstát?
10.30 - 11am Caife
11am - 12.40pm Polaitíocht na Féiniúlachta agus na hÁite
An Dr Leeann Lane - Cathaoirleach
An Dr Mary Staines - Féiniúlacht agus Áit sna Díospóireachtaí faoin gConradh
An Dr Conor Morrissey - Náisiúnaithe Protastúnacha, agus baill Phrotastúnacha de na fórsaí armtha, agus an Conradh
An Dr Mary McAuliffe - A aithint gur throid 'Deirfiúr in aghaidh Deirféar', leis! Scoilteanna, easaontas agus foréigean idir mhná le linn an Chogaidh Chathartha, 1922-1923
An Dr Cormac Moore - 'Fréamh an Oilc' - Dearcadh Náisiúnaithe agus Aontachtaithe Thuaisceart Éireann ar shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh
12.40 - 2pm Lón
Ar leanúint thall
2 - 4pm Oidhreacht chultúrtha an Chonartha
An Dr William Shortall - Cathaoirleach
Niamh McNally - Estella Solomons - Nóiméid Chiúine
Terry Moylan – “Ní hiad na daoine i gcumhacht a scríobhann na hamhráin”
An Dr Éimear O'Connor - Ealaín, Éire agus an diaspóra Éireannach Mheiriceánach: Teannas san ionadaíocht idir 1922 and 1930
An tOllamh Paul Rouse - Cúrsaí spóirt ar oileán críochdheighilte: Cluichí Tailteann
Dé Sathairn 23ú Aibreán
9.30am Clárú
9.45am Focail Fáilte - an Dr Edith Andrees
10am - 11.15am Teaghlaigh Scoilte
An Dr Georgina Laragy - Cathaoirleach
Flor McCarthy - Teaghlach ar an Dá Thaobh - agus a thionchar go deireadh an Chéid
Liz Gillis - Cuireann siad Gach dá bhfuil acu ar Altóir a Linne: Deartháireacha Hales agus an Cogadh Cathartha
Valerie Cox – An Chosmhuintir Aimsir Chogaidh
11.20 - 11.45am Caife
11.45am - 1.00pm An tEalaíontóir mar Fhinné
 
Logan Sisley - Cathaoirleach
 
Niamh McCann - tulra, an talamh láir, an cúlra
 
Amanda Dunsmore - Ealaíontóireacht mar Chartlannú Sóisialta  Fadama
 
Anthony Haughey - Ealaín a Dhíríonn ar an tSochaí: Cultúir, Cuntais Stairiúla agus Insintí nach Réitíonn le Chéile
 
CONAS ÁIT A CHUR IN ÁIRITHE: Táille: €5 do thicéad lae chun freastal ar an gcomhdháil go pearsanta ag Dún Uí Choileáin nó is féidir féachaint air saor in aisce beo ar líne. Gheofar na ticéid ar Eventbrite anseo https://www.eventbrite.ie/e/portrait-of-a-nation-art-politics-and-the-anglo-irish-treaty-tickets-305523668517
 
 
Iarrtar ort iarrataí ar eolas breise a sheoladh chuig:
Helen Beaumont, Ríomhphost: hbeaumont@museum.ie  T: 087 2044375
Jessica O’Donnell, Ríomhphost: jodonnell.hughlane@dublincity.ie T: 01 2225558
 
 
Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair suite ar cheann de na láithreáin stairiúla is suntasaí i mBaile Átha Cliath. Tá dhá bhailiúchán shuimiúla atá an-éagsúla ó chéile le feiceáil san iarbheairic mhíleata seo. Cuimsíonn na healaíona maisiúla airgead, criadóireacht, earraí gloine, troscán, éadaí, seodra agus boinn agus léiríonn an bailiúchán stair mhíleata stair mhíleata agus réabhlóideach na hÉireann. Saorchead isteach.
 
Láithreán Gréasáin: www.museum.ie
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram:  @nationalmuseumofireland
 
Mar gheall ar Ghailearaí Hugh Lane
 
Tá ceann de phríomhmhúsaeim na healaíne Éireannaí agus Idirnáisiúnta in Éirinn le feiceáil i nGailearaí Hugh Lane i gCearnóg Parnell. Tosaíonn bailiúchán clúiteach an ghailearaí le healaín na hEorpa ón 19ú haois, le béim ar phéinteáil tírdhreacha na Fraince agus ar phictiúir Impriseanaíoch na Fraince, amach go dtí cleachtas ealaíne comhaimseartha. Tá bailiúchán fairsing d’ealaín Éireannach ann freisin agus tacaíonn sé i gcónaí leis an ealaín chomhaimseartha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Tá stiúideo agus bailiúchán Francis Bacon ar taispeáint go buan agus ceiliúrtar Sean Scully, an t-ealaíontóir comhaimseartha idirnáisiúnta a rugadh i mBaile Átha Cliath, le seomra atá tiomnaithe go speisialta dá chuid ealaíne. Ar chlár an ghailearaí bíonn taispeántais stairiúla agus chomhaimseartha araon agus eagraítear ann cláir rannpháirtíochta dinimiciúla i measc phobail éagsúla na cathrach chomh maith le tionscadail oideachais ealaíne sa ghailearaí.
 
Láithreán Gréasáin: www.hughlane.ie
Facebook:   http://www.facebook.com/thehughlane
Twitter; http://www.twitter.com/thehughlane
Instagram: thehughlane
YouTube:  Gailearaí Hugh Lane
 
 
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions