Scipeáil chuig ábhar

01 Feabhra, 2022: Ar Lá Fhéile Bríde, nochtfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann taispeántas uathúil nua de 21 chros Bhríde

Dé Máirt, 01 Feabhra 2022: Mar chomóradh ar fhógairt saoire náisiúnta nua Lá Fhéile Bríde ó 2023, agus ar bhliain is fiche ó osclaíodh Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe i bPáirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, nocht an Ard-Mhúsaem inniu FOLK 21, sraith nua imeachtaí a bheidh ar siúl i rith 2022.
 
Taispeánfaidh FOLK21 ceithre shraith de 21 déantán ó bhailiúchán Shaol na nDaoine, agus is é an chéad cheann díobh seo bailiúchán de 21 chros Bhríde ó réigiúin ar fud na hÉireann. De réir mar a théann an bhliain ar aghaidh beartaíonn Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe taispeántas a chur ar siúl de 21 déantán as stóras a bhaineann le gach lá cinn ráithe.
 
Ar Lá Fhéile Bríde (1 Feabhra) ceiliúrtar an t-aon éarlamh mná in Éirinn agus tá tugann sé chun cuimhne an traidisiún coitianta maidir le crosa a dhéanamh in ómós do Naomh Bríd. Féile thábhachtach Éireannach i dtraidisiún na ndaoine ab ea Lá Fhéile Bríde, nuair a dhéantaí an torthúlacht, beannachtaí agus cosaint a cheiliúradh.
 
Is é aidhm an taispeántais déantáin a bhailiú a léiríonn traidisiúin agus saol na hÉireann sa 19ú agus 20ú haois, agus tá taispeántais déantán, grianghrafadóireacht cartlainne agus píosaí scannáin ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe trína léirítear an tslí a ndéantaí an lá seo, agus go háirithe, an oíche roimh an lá féile, a cheiliúradh go traidisiúnta.
 
Creideadh gur thaistil Naomh Bríd tríd an tír an oíche roimh a lá féile agus gur thug sí beannachtaí agus cosaint do thithe agus d’fheirmeacha inar crochadh crosa ina honóir.

Mar chuid de chomóradh aonú bliain is fiche d’Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, beidh 21 Cros Bhríde ó Bhailiúchán Shaol na nDaoine ar taispeáint chun an chéad lá cinn ráithe den cheiliúradh bliana seo a chomóradh.
 
Cé gurb í an chros cheithre ghéag an chros a shamhlaítear le Bríd, beidh iontas ar go leor daoine go raibh éagsúlacht sna stíleanna réigiúnacha. Cé go raibh an-tóir ar luachra, rinneadh crosa freisin as tuí agus as adhmad. Bheadh ​​​​teaghlaigh ag rá paidreacha, bheannaítí an luachair nó an tuí le huisce coisricthe agus ansin dhéanfadh gach duine na crosa. Chrochfaidís iad os cionn dhoras an tí agus ar fhoirgnimh feirme chun fáilte a chur roimh Naomh Bríd.
 
Dúirt Clodagh Doyle, Coimeádaí Rannóg Shaol Tíre na hÉireann in Ard-Mhúsaem na hÉireann, “Tá na céadta Cros Bhríde inár mbailiúchán, níos mó ná mar a d’fhéadfaimis a thaispeáint riamh. Bhí sé deacair 21 cros a roghnú ach is deis é freisin chun an éagsúlacht a bhí ann a thaispeáint.
 
“Tá 21 bliain ann ó fuaireamar baile do bhailiúchán shaol na ndaoine Ard-Mhúsaem na hÉireann i gCo. Mhaigh Eo. Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil Músaem agus foirgneamh stórála saintógtha againn anseo i bPáirc an Turlaigh. Díríonn Opening the Boxes, físeán ina dtaispeántar rudaí ‘taobh thiar den stáitse’, ar na boscaí seo a oscailt ionas go mbeidh an lucht féachana in ann cuid mhaith dár mbailiúchán cúltaca a fheiceáil. Is mór an phribhléid dom a bheith in ann oibriú leis na déantáin thábhachtacha seo agus molaim do dhaoine teacht chun an taispeántas seo agus na píosaí eile a bheidh á dtaispeáint againn i rith na bliana a fheiceáil.”
 
Beidh an físeán nua, Opening the Boxes, a thaispeánann rudaí a bhaineann le Naomh Bríd a choinnítear i stóras an mhúsaeim ar fáil ar www.museum.ie agus ar chainéil meán sóisialta Ard-Mhúsaem na hÉireann.
 
ENDS
 
Teagmhálaí Meán: Sabrina D’Angelo, Q4PR, T: +353 860323397 E: sabrina@q4pr.ie
 
Mar gheall ar Theach Pháirc Thurlaigh

Ba é Teach Pháirc Thurlaigh baile foirmiúil mhuintir Mhic Gearailt, ar bronnadh eastát mór orthu i dTurlach, Co. Mhaigh Eo, faoi lonnaíochtaí talún Chromail i lár an 17ú haois.
Thóg na Gearaltaigh an teach reatha i 1865. Ba é Thomas Newenham Deane, ailtire Victeoiriach mór le rá, a dhear an teach sa stíl a dtugtar stíl Ghotach Victeoiriach uirthi.

Cheannaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo an teach agus na gairdíní i 1991 agus roghnaíodh é i 1995 mar shuíomh d’Ard-Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann chun Bailiúchán Náisiúnta Shaol na nDaoine a thaispeáint.
D’fhorbair an OPW dánlanna taispeántais nua-aimseartha a bhuaigh duaiseanna in aice le Teach Pháirc Thurlaigh agus Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, ina gcoimeádar agus ina gcuirtear Bailiúchán Náisiúnta Shaol na nDaoine ar taispeáint. Osclaíodh é don phobal i 2001.
 
Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann

Tá ceithre shuíomh poiblí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus Stór Bailiúchán:
Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2)
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7)
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe (Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo)
Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)
 
Ní ghearrtar aon táille isteach in Ard-Mhúsaem na hÉireann ná ina thaispeántais.

Féach: www.museum.ie 
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram: @nationalmuseumofireland

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions