Scipeáil chuig ábhar

24 Bealtaine, 2021: Seolann an tAire Catherine Martin InForm, taispeántas toraidh ar chomhoibriú dhá bhliain idir Ard-Mhúsaem na hÉireann & Comhairle Dearaidh & Ceardaíochta na hÉireann

Cruthaíonn 22 déantúsóir atá ag teacht chun cinn saothair nua ceirmeacha agus seodra le spreagadh ó  bhailiúchán an Mhúsaeim
Tá DCCI ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód leis an taispeántas InForm, an chéad cheann a seoladh ó athosclaíodh an Músaem
 
Le heisiúint Dé Luain 24 Bealtaine, 2021: Tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán Catherine Martin TD ag tabhairt cuairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair i nDún Uí Choileáin inniu chun InForm , an chéad taispeántas a osclaíodh sa Mhúsaem i 2021 agus ó ardaíodh na srianta, a sheoladh go hoifigiúil.
Is toradh é InForm ar chomhoibriú dhá bhliain idir Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann (DCCI), inar chruthaigh 22 déantúsóir atá ag tabhairt faoi chúrsaí leis an DCCI saothair nua fíoráille le spreagadh ó dhéantáin i mbailiúcháin Ealaíne agus Tionscail agus bailiúcháin Shaol na Tuaithe an Ard-Mhúsaeim.
Tá baint ag an Músaem le fada an lá le ceardaíocht chomhaimseartha a bhailiú agus a thaispeáint agus d’oibrigh sé go dlúth leis an DCCI le breis agus fiche bliain ach tá InForm tar éis an chomhpháirtíocht seo a thógáil go leibhéal nua.
 

Sa bhliain deiridh dá gcúrsa faoi seach, rinne mic léinn Chúrsaí Ceirmeachta agus Seodra & Scileanna Gaibhne Óir DCCI iniúchadh ar bhailiúchán an Mhúsaeim i sraith turas agus ceardlann a d’éascaigh foireann an mhúsaeim agus tugadh rochtain dhíreach mhaoirsithe dóibh ar na rudaí ba rogha leo, an chuid is mó díobh nach mbíonn ar taispeáint sa Mhúsaem de ghnáth. Ó bhuidéal gloine 2,000 bliain d’aois go saothar mionsaothraithe Áiseach de mhiotal agus laicear, agus ó thuí Éireannach go scáileán beag a dhear an t-ailtire agus an dearthóir cáiliúil Éireannach, Eileen Gray, léiríonn na rudaí a roghnaigh na déantóirí le linn thionscadal InForm a éagsúla agus a leithne atá bailiúcháin an Mhúsaeim.
In InForm cuirtear na déantáin agus na saothair chomhaimseartha i láthair le chéile, mar aon le sceitsí, nótaí agus físeáin a thugann mionsonraí ar an bpróiseas trína bhfuarthas an spreagadh agus trína ndearnadh an saothar. San iomlán,  taispeántar 42 déantán ceirmeach agus 52 píosa seodra taobh leis na 23 déantán ó bhailiúchán an Mhúsaeim.
Tá ceithre cinn de shaothair na ndéantóirí faighte ag Ard-Mhúsaem na hÉireann don bhailiúchán náisiúnta; Bróiste airgid ‘eite’ le Annemarie Reinhold, spreagtha ag bosca Seapánach ón 19ú haois i gcruth éisc; Muince Ouroboros de chuid Siobhán O’Sullivan, a fuair spreagadh ó dhragan ar vása Seapánach ón 19ú haois; píosa poircealláin le Jennifer Alford a fuair spreagadh ó sholas luachra ón 20ú haois luath ó Chiarraí; agus ceamara mionphoill earraí cloiche le dioscaí ceirmeacha poircealláin le Antonio Julio Lopéz, a fuair spreagadh ó cheamara ón 19ú haois dhéanach ó Shasana.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Catherine Martin TD: “D’airigh an pobal ár n-institiúidí cultúrtha go mór uathu agus is bealach iontach é an taispeántas nua seo InForm do chuairteoirí bailiúchán éagsúil an Mhúsaeim a iniúchadh ar bhealach nua agus foghlaim faoi phróisis chruthaitheacha a úsáideadh san am atá thart, agus faoin gcaoi a ndéanann déantóirí an lae inniu iad a léirmhíniú agus a oiriúnú. “
Dúirt Cathaoirleach Ard-Mhúsaem na hÉireann, Catherine Heaney:“Is taispeántas amhairc a bhainfidh an anáil díot é InForm, ina bhfeicfear saothair ó chuid de na déantóirí is cumasaí atá ag teacht chun in Éirinn. Ní amháin go bhfuil na saothair chomhaimseartha seo ar fheabhas, ach tugann siad deis do chuairteoirí déantáin ó bhailiúchán ginearálta an Mhúsaeim a léirmhíniú agus féachaint orthu trí lionsa nua. Tá an-áthas orainn a bheith i gcomhpháirtíocht leis an DCCI ar an tionscadal. Cuid de shainchúram an Mhúsaeim is ea an bailiúchán náisiúnta a chosaint agus a chaomhnú. Trí thacú le teicnící ársa cruthaitheacha agus ealaíonta sa chomhoibriú seo, táimid ag tabhairt peirspictíocht agus léirmhíniú nua do dhéantáin ársa. "
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann, Rosemary Steen: “Is cúis áthais é do DCCI a bheith páirteach i dtaispeántas tábhachtach InForm, in éineacht le hArd-Mhúsaem na hÉireann. Is léiriú tráthúil é ar an fhís a bhí acu siúd a bhunaigh DCCI 50 bliain ó shin. Ba í an fhís sin tógáil ar oidhreacht dhearadh agus ceardaíocht na hÉireann chun an earnáil a fhorbairt agus breisluach a chur le geilleagar na hÉireann. Is cuid lárnach de seo ár nIonaid Feabhais, agus táimid an-bhródúil as ár gcéimithe agus as an obair a fheicimid anseo inniu. Téann 87% dár gcéimithe i isteach i bpoist ina réimse roghnaithe nó bunaíonn siad a ngnólachtaí féin. Faigheann go leor acu aitheantas trí dhámhachtainí agus sparánachtaí ar leibhéal idirnáisiúnta. Tá lúcháir orainn gur féidir an taispeántas tábhachtach seo a oscailt mar a bhí beartaithe agus go dtabharfaidh sé spreagadh ina dhiaidh sin do go leor daoine eile.”
Saorchead isteach!
Ends//
Nóta do na meáin:
Gheofar íomhánna ón taispeántas anseo  
Cuirfidh Julien Behal Photography  087 9782542 grianghraif ar fáil ó ócáid an lae inniu  Julien julienbehalphotography@gmail.com
Iarrtar ort iarrataí ar eolas breise/agallaimh a sheoladh chuig: Q4 Caidreamh Poiblí

Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann
Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann príomhinstitiúid chultúrtha na tíre agus is ann a gheofar na bailiúcháin is fearr d’oidhreacht, cultúr agus stair na hÉireann. Saorchead isteach!
Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán: 
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
  • Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)

Suíomh gréasáinwww.museum.ie
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitterhttps://twitter.com/NMIreland
Instagram:  @nationalmuseumofireland

Mar gheall ar Chomhairle Deartha & Ceardaíochta na hÉireann
Is gníomhaireacht náisiúnta í an Chomhairle Deartha & Ceardaíochta na hÉireann a dhéanann cúram d’fhorbairt thráchtála dearthóirí agus déantóirí Éireannacha, chun an nuálaíocht agus smaointeoireacht deartha a spreagadh agus mar bhonn le beartas an Rialtais. Is í an Roinn Trádála, Fiontair agus Fostaíochta a mhaoiníonn gníomhaíochtaí an DCCI, trí Fhiontraíocht Éireann. Tá 59 bhall-eagraíocht agus os cionn 3,000 cliant cláraithe in DCCI faoi láthair.
Suíomh gréasáin: www.dcci.ie
Facebook: https://www.facebook.com/DCCIreland/
Twitter: https://twitter.com/DCCIreland
Instagram: @dccireland
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions