Scipeáil chuig ábhar

Cad é an Scéal? Féile Scéalaíochta Bhliantúil

Len Graham
 
Cad é an Scéal? Is sraith í seo d’imeachtaí scéalaíochta a cheiliúrann an traidisiún ársa seo agus a dhíríonn aird ar ról na scéalaithe in Éirinn inniu. Mar sin, tá áthas ar Ard-Mhúseam na hÉireann agus ar Éigse Éireann dul i gcomhpháirt le roinnt scéalaithe mór le rá agus cumasacha in Éirinn chun clár imeachtaí a óstáil do dhaoine fásta agus do pháistí araon.
 
 
Tá traisidiún fada seanchais againn in Éirinn. Téann an seanchas Ceilteach siar i bhfad agus is as an seanchas sin a tháinig na síscéalta agus scéalta mar gheall ar dhiabhail, ar chairdeas agus ar eachtraí a d’insíodh an seanchaí - scéalta a d’insíodh siad cois tine sna tithe ina raibh siad ar cuairt, ag déanamh siamsa don lucht éisteachta agus ag cur sceimhle orthu. Tá an traisidiún sin beo beathach inniu i gcónaí, agus tá scéalaithe fud fad na hÉireann ag insint na seanscéalta agus ag cur a nguth féin le stór scéalta atá ag dul i méid i gcónaí.
 
 
Do lucht féachana níos óige, táimid ag obair in éineacht leis na scéalaithe Nuala Hayes, Jack Lynch agus Pat Ryan chun sraith d’imeachtaí scéalaíochta a mhaireann trí lá, a sholáthar do bhunscoileanna agus d’iarbhunscoileanna ar fud na tíre ar 23, 24 & 25 Samhain. Tá scoileanna i mBaile Átha Cliath, i nDún na Gall, i gCiarraí, i Laois, i Maigh Eo, i gCill Mhantáin agus i Loch Garman ag glacadh páirte. Tá oiread sin tóir ar an gclár nach bhfuil spás fágtha i seisiún ar bith. Mar inspioráid do na scéalta, bainfidh an tsraith seo úsáid as roinnt de na hearraí atá le feiceáil in Ard-Mhúsaem Shaol na Tuaithe.
 
 
Dóibh siúd ar mian leo tuiscint níos doimhne a fháil ar an seanchas in Éirinn inniu, táimid ag óstáil siompóisiam dar teideal An Seanchas in Éirinn Inniu ar Dé hAoine 26 Samhain. Tá áthas orainn go mbeidh an scéalaí Donald Smith linn, arb é Príomhfheidhmeannach TRACS é (Traditional Arts and Culture Scotland), scéalaí agus ealaíontóir mór le rá Nuala Hayes, agus an scríbhneoir, file agus drámadóir Terry McDonagh. San imeacht seo, a mhairfidh uair go leith, pléifear saol na scéalaithe in Éirinn agus conas is féidir le hinstitiúidí, ar nós iarsmalanna, leabharlanna agus dánlanna, láthair a sholáthar agus chomh maith leis sin acmhainn do scéalaithe chun scéalta comhaimseartha a insint.
 
 
Do lucht féachana níos sine, thugamar cuireadh do Jack Lynch agus do Len Graham seisiún scéalaíochta uair go leith a chur i láthair ar Dé Sathairn 27 Samhain. Ná caill an deis iontach seo beirt scéalaithe, a bhfuil clú agus cáil orthu, a fheiceáil agus iad ag insint scéalta agus amhráin iontacha ó thraidisiún  béaloidis na hÉireann. Déanfar an t-imeacht seo a shruthú go beo ar fud na tíre agus an domhain.
 
 
 
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi na himeachtaí thuas, nó faoi aon chlár eile atá ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann, féach www.museum.ie
 
Lorraine Comer, Ceannasaí Oideachais Ard-Mhúsaem na hÉireann.
“Is cúis áthais dúinn go bhfuilimid ag cur leis an gcomhpháirtíocht láidir atá againn le blianta fada le hÉigse Éireann trí Cad é an Scéal? Sa tseachtain scéalaíochta seo sa Mhúsaem tugtar le chéile scéalaithe cruthaitheacha a bhfuil clú agus cáil orthu chun spéis a mhúscailt i bpáistí scoile  agus i ndaoine fásta, chun an samhlaíocht a chur ag obair, agus chun ceangal pearsanta a chruthú idir earraí an Mhúsaeim agus na scéalta agus an taithí atá ag daoine. Cuireann an siompóisiam spás criticiúil ar fáil freisin chun machnamh a dhéanamh ar an scéalaíocht in Éirinn inniu.”
 
 
Jane O’Hanlon, Éigse Éireann.
“Tá áthas ar Éigse Éireann bheith ag obair arís le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus bheith ag cur lenár gcaidreamh seanbhunaithe agus lenár spriocanna coiteanna trí Cad é an Scéal? Ní raibh ról an Mhúsaeim agus na scéalaíochta riamh chomh tábhachtach agus atá siad anois, agus daoine ag iarraidh brí agus tuiscint a fháil ar an saol san am deacair corrach seo. An bealach is fearr chun tuiscint a fháil orainn féin ná tuiscint a fháil ar an am atá thart trí bheith i dteagmháil leis an hearraí agus leis na scéalta a chabhraíonn linn ceangal a chruthú leis an oidhreacht sin. Cuireann sé lúcháir orainn go bhfuilimid iag obair le hArd-Mhúsaem Shaol na Tuaithe agus le roinnt de na scéalaithe is fearr atá againn – cabhróidh siad linn bheith ag éisteacht, ag caint, ag smaoineamh agus ag foghlaim!”
 
 
 
 
Pat Ryan, Scéalaí agus taibheoir.
“De réir na n-eolaithe, is í an scéalaíocht ionstraim bhunúsach an smaoinimh dhaonna, agus deir siad gur inchinn scéalaíochta í inchinn an duine. Nach breá an rud é, mar sin, go bhfuil féile scéalaíochta agus mion-siompóisiam á n-eagrú ag Ard-Mhúsaem Shaol na Tuaithe? An chéad cheann agus ní an ceann deireanach, tá súil againn! Tá iarsmalanna lán d’earraí a dhúisíonn cuimhní, agus is as cuimhní a dhéantar scéalta. Mar sin, ní fhéadfá áit níos fearr a aimsiú chun an scéalaíocht a cheiliúradh agus chun éisteacht le scéalta. Mothaímid níos fearr nuair a insítear scéal dúinn agus is caitheamh aimsire pléisiúrtha é. Fiú i rith bliana a bhí an-deacair, leanamar orainn ag insint scéalta agus d’fhoghlaimíomar nach bac é an t-achar eadrainn. Is cuma má tá tú in Éirinn agus más féidir leat teacht chuig na himeachtaí beo, nó má bheidh tú linn ar líne, cosúil le mórán páistí scoile ar fud na tíre agus éisteoirí ar fud na cruinne, cinnte go mbeidh go leor scéalta ag teacht as Cad é an Scéal? do na laethanta fuara, dorcha atá romhainn.”
 
 
 
Deireadh:
 
Fiosrúcháin mheáin: Ann Daly, Ceannasaí Margaíochta, Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath DO7 XKV4, T: +353 1 6486457 / +353 87 2368067,
 R: adaly@museum.ie
 
 
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais é Cad é an Scéal?, agus ta sé á sheachadadh i gcomhpháirt le hÉigse Éireann. Déanfar sruthú beo ar an imeacht trí leathanaigh YouTube agus Facebook Ard-Mhúsaeim na hÉireann.
 
Faoi Theach Pháirc Thurlaigh
Ba le muintear Mhic Gearailt Teach Pháirc Thurlaigh tráth. Bronnadh eastát mór orthu i dTurlach, Co. Mhaigh Eo, faoi lonnaíochtaí talún Chromail i lar na 17ú haoise. Sa bhliain 1865 thóg muintear Mhic Gearailt an teach atá anois ina sheasamh ann. Is é Thomas Newenham Deane, ailtire Victeoiriach mór le rá, a dhear an teach agus bhain sé úsáid as stíl Gotach Victeoiriach.
Cheannaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo an teach agus na gairdíní sa bhliain 1991 agus roghnaíodh é in 1995 mar shuíomh nua d’Ard-Mhúsaem na hÉireann chun Bailiúchán Náisiúnta Shaol na Tuaithe a chur ar taispeáint.
D’fhorbair OOP dánlanna taispeántais nua-aimseartha, a bhfuil duaiseanna buaite acu, in aice le Teach Pháirc Thurlaigh agus Ard-Mhúsaem na hÉireann – osclaíodh Saol na Tuaithe, tithíocht agus Bailiúchán Náisiúnta Shaol na Tuaithe don phobal sa bhliain 2001.
 
 
Faoi Ard-Mhúsaem na hÉireann
Tá ceithre shuíomh poiblí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann mar aon le Taisclann Bhailiúcháin:
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean,  Baile Átha Cliath 2)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe (Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo)
  • Ionad Acmhainní Bailiúcháin Centre (Sord) (dúnta don phobal)
 
Saorchead isteach do gtí Ard-Mhúsaem na hÉireann agus na taispeántais ann. Tá Siopa Músaeim agus Caifé ar an suíomh.
Féach www.museum.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram:  @nationalmuseumofireland
 
 
 
Naisc Úsáideacha
 
Chun áit a chur in áirithe do na himeachtaí
 
Eventbrite – Mion-siompóisiam Dé hAoine 26 Samhain 2021: https://www.eventbrite.ie/e/200774330427
Eventbrite – Scéalaíocht do Dhaoine Fásta Dé Sathairn 27 Samhain 2021: https://www.eventbrite.ie/e/181707270337
 
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach suíomh gréasáin Ard-Mhúsaem na hÉireann (NMI) ag na naisc thíos
 
Suíomh gréasáin NMI - Mion- siompóisiam https://www.museum.ie/en-IE/Museums/Country-Life/Events/Q42021/Whats-the-Sceal-Storytelling-in-Ireland-Today
 
Suíomh gréasáin NMI - Scéalaíocht do Dhaoine Fásta https://www.museum.ie/en-IE/Museums/Country-Life/Events/Q42021/Whats-the-Sceal-Storytelling-in-Ireland-Today
 
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions