Scipeáil chuig ábhar

25 Bealtaine 2022: Taispeántán ag Ard-Mhúsaem na hÉireann do chothrom 175 bliain “’47 an Bhróin”

Nochtann an tAire Catherine Martin ‘An Gorta Mór – súil ar an mbliain ba chrua den Ghorta Mór

 

Tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, tar éis An Gorta Mór, taispeántán nua ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíone Maisiúla agus Stair a sheoladh mar chomóradh ar chothrom 175 bliain 1847  nó “’47 an Bhróin”.
Ba chor cinniúnach i nua-stair na hÉireann é An Gorta Mór, nó An tOcras Mór nó Gorta Mór na hÉireann, nuair a fuair tuairim is milliún duine bás den ocras agus den ghalar agus nuair a d’imigh 1 mhilliún duine eile as an tír ar eisimirce.

Meastar gurbh é 1847 an bhliain ba chrua den Ghorta agus taispeántar in An Gorta Mór roinnt déantán ó gach cearn den tír óna bhfaighfear léargas ar na dúshláin a bhí le sárú ag daoine a mhair in Éirinn ag an am sin. Ina measc seo tá ‘grideall’ as Uíbh Fhailí a dúradh a úsáideadh chun ‘an t-arán dubh’ a bhácáil, ‘láí’ as an Longfort a d’úsáidtí chun iomairí prátaí a shaothrú agus casúr a bhain le teach na mbocht i nGaillimh.


Ag labhairt di ag an taispeántas, dúirt an tAire Martin,

“Is minic a úsáidimid an focal ‘cinniúnach’ agus muid ag cur síos ar stair na hÉireann. Mar sin féin, seachas na himeachtaí nuair a bhí Saorstát Éireann á bhunú, is ar éigean a d’athraigh aon imeacht eile sa stair comhdhéanamh an oileáin seo againne faoi mar a rinne an Gorta Mór.  D’fhág sé a lorg ar an tírdhreach, ar an gcultúr, agus ar shamhlaíocht mhuintir na hÉireann.”
“Molaim Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, as a chinntiú go bhfuil léiriú ar an tréimhse thábhachtach seo le feiceáil inár músaem náisiúnta agus táim ag tnúth leis an ngailearaí níos mionsonraithe a bheidh ag teacht.”


Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann,

“Cuid den dúshlán do mhúsaem a dhéanann iarracht an scéal seo a insint a laghad den chultúr ábhartha ón tréimhse seo atá fanta. Ní aon ionadh é nach raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag na daoine a cailleadh sa Ghorta Mór, trína bhféadfaí a scéal a insint. Iad siúd a d’imigh ar eisimirce, dhíol siad a raibh acu lena gcuid ticéad a cheannach, nó thug siad leo a raibh acu de mhaoin an tsaoil.”
“Ina ainneoin sin, tá áthas ar Ard-Mhúsaem na hÉireann An Gorta Mór a oscailt. Táimid de shíor ag lorg slite oiriúnacha agus tarraingteacha chun scéal na tréimhse seo a insint, tréimhse thragóideach í i stair na hÉireann, a d’fhág a lorg ar imeachtaí go ceann i bhfad. Táimid ag tnúth lenár dtaispeántais faoin nGorta a leathnú nuair a osclófar an dar céim de ghailearaithe Stair na hÉireann, ina scrúdófar na blianta 1600-1900.“

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions