Scipeáil chuig ábhar

27 Deireadh Fómhair 2020: Gradam mór buaite ag Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN)

Fógraíodh gur bhuaigh Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN) gradam ‘Líonraí na gCartlann’ i nduaiseanna náisiúnta Ghrúpa Cartlann Phobail agus Oidhreachta (CAHG)* a bronnadh i searmanas fíorúil gradam inniu.
 
Ba é Roinn Oideachais Ard-Mhúsaem na hÉireann a bhunaigh an Líonra in 2018 agus oibríonn sé chun líonraí pobail a spreagadh agus a thacú chun a gcuid staire agus oidhreachta a bhailiú agus a chaomhnú agus a chur ar fáil ar líne.
 
Oibríonn an Líonra i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla sa Chlár, i nGaillimh agus i gCill Mhantáin, agus tacaítear le 28 cartlann ar líne a chruthú agus a fhorbairt, 17 i nGaillimh agus Maigh Eo agus 11 sa Chlár agus i gCill Mhantáin. Bhí ról criticiúíl ag Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil agus samhail chomhpháirtíochta ICAN á forbairt agus cuireann siad tacaíocht ghairmiúil ar fáil do ghrúpaí pobail ina gceantair féin.
 
Tá mórchuid d’oidhreacht chultúrtha inláimhsithe neamh-inláimhsithe na hÉireann faoi chúram agus faoi úinéireacht na saoránach anseo agus i gcéin, agus cumhachtaíonn iCAN pobail áitiúila chun a gcuid staire, oidhreachta agus cultúir a dhoiciméadú ar ardáin ar líne. Tá an-tóir ar na hardáin seo go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus tá líon na gcuairteanna ar láithreáin ghréasáin an líonra ag dul i méid bliain ar bhliain.
 
Ó 2011 i leith, tá 6 milliún amharc leathanaigh ginte ag iCAN ó gach cearn den domhan, agus osclaíodh 1.5 milliún díobh sin le 12 mhí anuas.
 
Cuireann na cartlanna eolas áitiúil saibhir nó ‘stair na ndaoine’ ar fáil do staraithe áitiúla, gineolaithe, imircigh agus múinteoirí, eolas nach gcuirfí ar phár nó ar fáil gan dua murach sin, go háirithe do phobail thar lear, cibé grianghraif, stair ó bhéal, físeáin nó eolas beathaisnéise mar gheall ar dhaoine áitiúla móra le rá. Gheofar tuilleadh eolais ar láithreán gréasáin tairsí iCAN www.ouririshheritage.org 
 
Tá grúpa stiúrtha comhdhéanta d’Ard-Mhusaem na hÉireann, Líon na nOifigeach Oidhreachta Údarás Áitiúil, an Chomhairle Oidhreachta, Éire Chruthaitheach agus ionadaithe pobail iCAN ag stiúradh fás leanúnach an líonra, agus tá pleananna ann chun 130 cartlann dhigiteach ar a laghad a thacú ar fud na hÉireann faoin mbliain 2024.
 
Dúirt Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, Lynn Scarff: “Úinéireacht, cuimsitheach agus comhoibriú an bhunchloch i dtionscnamh iCAN agus cé gur thosaigh sé inár Roinn Oideachais agus cé go bhfuil sé faoi stiúir fhoireann an Mhúsaeim, beifear ag brath i gcónaí ar an gcomhoibriú iontach atá faighte againn go dtí seo ónár gcomhpháirtithe agus ó na pobail rannpháirteacha chun go n-éireoidh leis an tionscnamh seo. Tá daoine curtha in aithne dá chéile ag iCAN ag an ardán ar líne agus trí raon leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí ó bunaíodh é, agus tugtar daoine le chéile ó ghlúnta éagsúla chun an stair atá acu i bpáirt a cheiliúradh agus a thaifeadadh, agus braistint mórtais a bheith acu san áit arb as dóibh. Táimid dóchasach gur féidir an tionscnamh seo a chur ar bhonn náisiúnta de bhrí go bhfuil sé tuillte ag gach pobal cartlann dhigiteach dá gcuid féin a bheith acu, agus de bhrí go mbeidh na hacmhainní seo mórluachmhar do staraithe an lae amárach.”
 
Chuir Éire Chruthaitheach maoiniú criticiúil ar fáil anuraidh chun an líonra a fhorbairt agus a leathnú. Dúirt Tania Banotti, Stiúrthóir Éire Chruthaitheach,  said; “Is bunchloch de chlár Éire Chruthaitheach agus de thionscnamh iCAN é cumas cruthaitheach ár bpobail a thabhairt le chéile.“ Is slí chun aontacht agus folláine an ghrúpa a chur chun cinn bheith páirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha agus cultúrtha, agus tugann sé braistint láidir mórtas áite agus muintearais, mar sin tá bród orainn gur thacaíomar le fás agus forbairt an tionscnaimh agus guímid gach rath air as seo amach.”
 
Dúirt Virginia Teehan, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta; “Tá an-áthas orainn dul i mbun oibre le hArd-Mhúsaem na hÉireann ar an tionscnamh iCAN seo trí líonra á n-oifigeach oidhreachta údaráis áitiúil agus is mian linn tréaslú le gach duine a bhí páirteach i mbuachan an ghradaim chlúitigh seo. Sa chéad dianghlasáil, mheall ár dtionscadal #KnowYour5k na céadta cuairteoirí chuig láithreán tairsí iCAN Our Irish Heritage (Ár nOidhreacht Ghaelach) agus ba mhaith liom anois tuilleadh daoine a spreagadh le sult a bhaint as na hacmhainní ar líne seo agus na srianta reatha Leibhéal 5 a úsáid chun eolas a chur ar ár n-oidhreacht shaibhir atá chomh gar le leac an dorais dúinn.”
 
Dúirt Hazel Morrison-Pagett, Ionadaí Phobal iCAN, atá ina chuid de Ghrúpa Oidhreachta Mhaigh Cuilinn; “Tá cur chuige cliste ag iCAN sa mhéid is go dtugtar le chéile eolas domhain agus an teacht ar eolas atá ag staraithe beag pobail, atá ag cur mórchuid d’oidhreachta a bhí ceilte agus neamhdhoiciméadaithe go dtí seo, i láthair an phobail. Tuigeann ár ngrúpaí ball iCAN aidhmeanna agus deacrachtaí a chéile, roinnimid smaointe, oiliúint agus réitigh agus bainimid taitneamh as cairdeas iontach lena linn. Ó bhuail paindéim Covid-19 muid, d’úsáideamar láithreáin ghréasáin ár gcartlann chun ceangal a chothú sa phobal agus idir pobail, chun aonrú agus uaigneas a mhaolú mar atá fíor-riachtanach faoi láthair.”
 
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions