Scipeáil chuig ábhar

27 Meán Fómhair, 2021: Ar Talamh an domhain , taispeántas comhoibritheach atá curtha i gcrích ag Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ag Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann i gcomhar le chéile

Is féidir na cuairteoirí dul i ngleic leis an 1,750,000,000 bliain den stair gheolaíoch atá ann in Éirinn agus acmhainní nádúrtha an oileáin seo a thuiscint
Le bheith scaoilte Dé Luain, an 27 Meán Fómhair 2021: Beidh Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair ag tabhairt cuairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair i nDún Uí Choileáin inniu chun Down to Earth a sheoladh go hoifigiúil, taispeántas ar gheolaíocht na hÉireann ina ina n-insítearscéal faoin gcaoi ar fhorbair eolaithe a dtuiscint ar ár bpláinéad le 175 bliain anuas.
 
D’fhorbair Ard-Mhúsaem na hÉireann an taispeántas seo, a raibh sé beartaithe é a oscailt i mí na Samhna 2020, ar dtús, i gcomhpháirtíocht le Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann chun 175 bliain an don chomhlacht sin a cheiliúradh. Sa taispeántas seo, tarraingeofar aird an luchta féachana ar an stair fhada, bhródúil a ghabhann le cúrsaí geolaíochta in Éirinn, déanfar fiosrú ar an gcaoi a mbaineann an gheolaíocht leis an saol laethúil, agus léireofar an ról lárnach atá ag carraigeacha agus mianraí sa chaoi a mbímid ag idirghníomhú leis an domhan agus cuirfear in iúl ann, chomh maith, do na cuairteoirí faoi thionchair an athraithe aeráide.
Cuireadh tús leis an iniúchadh ar shaibhreas mianraí na hÉireann sna 1700í, agus is ionann an t-ábhar ar aimsíodh sna tochailtí taiscéalaíochta sin agus bailiúcháin bhunaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann sa lá atá inniu ann. Tá bailiúchán mór geolaíochta ag an músaem é féin ach is beag atá feicthe de ag an lucht féachana sa Mhúsaem le breis agus caoga bliain anuas. Tá an chomhpháirtíocht seo le Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann ag tabhairt na samplaí luachmhara seo ar ais go poiblí agus tá fíor-eiseamail mianraí ann a bailíodh in Éirinn sa naoú haois déag agus a breathnaíodh trí lionsa na heolaíochta nua-aimseartha.
Tá an taispeántas é féin dírithe ar mhapa mór urláir d’Éirinn, ina dtaispeántar an éagsúlacht carraigeacha agus taiscí eile a bhfuil tionchar acu ar an tírdhreach chomh maith leis an tslí a bhfuil ról ríthábhacht aige sin ar an dúrud, idir ábhair thógála ionchasacha agus airíonna ár n-uisce óil. Is féidir le cuairteoirí taisteal thar an aigéan fiú, ar bord deic Árthach Taighde de chuid an GSI chun feiceáil conas a dhéantar grinneall na farraige a mhapáil, nó longbhriseadh agus imill ár mór-roinne a aimsiú.
Tá go leor rudaí ónár saol laethúil sa taispeántas freisin a bhfuil nasc ar leith, agus tionchar chomh maith, acu maidir leis an ngeolaíocht. Beidh na cuairteoirí in ann a fháil amach dóibh féin faoi na hábhair éagsúla ón domhan a úsáidtear chun na táirgí sin a nach ndéanaimid mórán suntais díbh agus a mbíonn á n-úsáid againn gach uile lá.
Beidh deis ag cuairteoirí tuiscint níos fearr a fháil ar na guaiseacha éagsúla atá ann, cosúil le leibhéil na mara a bheith ag ardú, stoirmeacha a bheith níos déine agus ann níos minice ná mar a bhí, creathanna talún agus ganntanas uisce, ar thionchair roinnt mhaith díobh atá ann mar gheall ar an athrú aeráide agus atá le feiceáil cheana féin in Éirinn. Tá an gheolaíocht nua-aimseartha dírithe ar thuiscint a fháil ar phróisis nádúrtha agus ar acmhainní nádúrtha, agus gheobhaidh cuairteoirí amach faoi bhealaí nua a mbeidh orainn bainistíocht a dhéanamh ar na riachtanais a bheidh againn amach anseo, agus ar conas aghaidh a thabhairt ar na guaiseacha seo atá ann mar gheall ar an athrú aeráide.
Dúirt Eamon Ryan TD, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair; “Táim fíor-bhródúil as a bheith in ann an taispeántas seo a oscailt atá fíor-shuimiúil agus thar a bheith tábhachtach. Tá cumas ar leith ag geolaithe chun na dúshláin atá romhainn maidir leis an athrú aeráide tapa a thuiscint chomh maith leis na réitigh a bheidh ag teastáil chun an pláinéad seo againne a chosaint. Is ionann an taispeántas seo agus síneadh leis an obair an-tábhachtach a dhéantar i Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann chun an fhaisnéis seo a bheith curtha ar fáil ar bhealach atá inrochtana agus inláimhsithe. Tá go leor le baint as an taispeántas seo agus molaim go mór le gach duine ar spéis leo teacht chun féachaint air."
Dúirt Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, Lynn Scarff; “Sa taispeántas seo, déantar stair gheolaíoch shaibhir ár n-oileáin seo a bheith soiléir sofheicthe, an chaoi a dtugann an stair sin eolas agus cumas don obair eolaíoch reatha freisin. Tá a fhios againn go bhfuil sé ríthábhachtach tuiscint níos fearr a bheith againn ar ár bpláinéad más rud é go bhfuiltear chun a bheith in ann dul i ngleic leis an athrú aeráide atá ag tarlú chomh tapa sin. Ach, mar sin féin, anuas ar sonraí loma, ní mór dúinn stair shaibhir nádúrtha agus bithéagsúlacht ár n-oileán a chur i gcroí agus in aigne an phobail, agus in Down to Earth tugtar deis do NMI dul i gcomhpháirtíocht lenár n-eolaithe geolaíochta is fearr agus lucht féachana a mhealladh lenár mbailiúchán geolaíochta fíorálainn."
Dúirt Cathaoirleach Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann, Catherine Heaney; “Is taispeántas idirghníomhach corraitheach é Down to Earth a thugann geo-eolaíocht na hÉireann isteach sa réimse poiblí ar bhealach nua, corraitheach. Bhí an bhéim a bhí curtha ar ghnáthrudaí laethúla an-suimiúil, agus ligfidh sé sin do na cuairteoirí féachaint ar an saol mór atá timpeall orthu ó dhearcadh iomlán difriúil chun fíorluach agus an fíorobair atá i gceist leis an saol laethúil atá againn a thuiscint. Tá stair fhada bhródúil ag an músaem maidir le bailiúchán geolaíochta, agus tá ríméad orainn a bheith i gcomhpháirtíocht le Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann le haghaidh an tionscadail."
Dúirt Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann, Koen Verbruggen; “Tá ríméad orainn an taispeántas seo a chur ar siúl. Is bealach iontach é aitheantas a thabhairt don 175 bliain den obair atá déanta i Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann chun ár ngeolaíocht spéisiúil a thuiscint agus an obair luachmhar a leanaimid orainn a mhíniú. Rud suntasach ná go dtaispeántar sa taispeántas an ról atá ag an Gheolaíocht agus an GSI san fhreagairt ar éifeachtaí an athraithe aeráide in Éirinn, arb é an dúshlán is mó atá roimh ár bplainéad faoi láthair."
Beidh Down to Earth ag oscailt in Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair i nDún Uí Choileáin inniu, agus beidh sé ar siúl ar feadh XXX. Cead isteach saor in aisce.
Críoch //
Nóta do na meáin:
Tá íomhánna ón taispeántas ar fáil anseo (link to be created) .
Beidh grianghraif ó sheoladh an lae inniu eisithe ag Julien Behal Photography 087 9782542 Julienjulienbehalphotography@gmail.com
Iarrataí a faisnéis bhreise / agallaimh: Q4 An Caidreamh Poiblí Eolas Faoi Ard-Mhúsaem na hÉireann
Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann institiúid chultúrtha phríomhúil na tíre agus is ann atá na bailiúcháin is mó d’oidhreacht, de chultúr agus de stair na hÉireann le fáil. Cead isteach saor in aisce.
Tá 4 shuíomh poiblí ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus Stór Bailiúcháin: 
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann - An tSeandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra (Sráid Merrion, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe (Páirc Turlough, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo)
  • Ionad Acmhainní Bailiúcháin (Sord) (Nach bhfuil oscailte don phobal)
Suíomh gréasáin: www.museum.ie
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitterhttps://twitter.com/NMIreland
Instagram:  @nationalmuseumofireland
 
Eolas Faoin GSI 
Bunaithe in 1845, is é Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann lárionad poiblí domhaneolaíochta na hÉireann agus is rannán é sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Tá siad tiomanta sonraí agus léarscáileanna saor in aisce, oscailte agus cruinne a sholáthar ar fho-dhromchla na hÉireann d’úinéirí talún, don phobal i gcoitinne, don tionscal, agus do gach aon pháirtí leasmhar eile, sa tír seo agus i dtíortha eachracha chomh maith. 
Anuas air sin, gníomhaíonn siad mar chomhpháirtí tionscadail maidir le sonraí a léirmhíniú agus samhlacha agus lucht féachana a fhorbairt chun ligean do dhaoine tuiscint a fháil faoi chúrsaí fo-dhromchla, thíos faoin talamh. 
Bíonn siad ag déileáil le raon leathan ábhar lena n-áirítear buncharraig, screamhuisce, mapáil ghrinneall na farraige, tubaistí nádúrtha, agus rioscaí do shláinte an phobail. 
Soláthraíonn Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann seirbhís Geolaí Dualgais don phobal freisin, chun aghaidh a thabhairt do cheisteanna agus imní atá ag daoine maidir le cúrsaí geolaíochta.

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions