Scipeáil chuig ábhar

Historic ‘Moon Car’ donation made to National Museum of Ireland

'The Moon Car', 1919 Rolls Royce ‘Silver Ghost’ luxury sedan, donated to the National Museum of Ireland by Mr Pat McSweeney. Image: Paul Sherwood
  • Rolls Royce Silver Ghost 1919 a dtugtaí an leasainm 'Moon Car' air de bhrí go mbíodh sé in úsáid istoíche ag aonad den IRA i gCorcaigh le linn Chogadh na Saoirse agus le linn an Chogaidh Chathartha

14 Eanáir 2020: Inniu chomóir Ard-Mhúsaem na hÉireann bronntanas tábhachtach ó Mr Pat McSweeney  i bhfoirm Rolls Royce Silver Ghost ó 1919, a dtugtaí an ‘Moon Car’ air, de bhrí  go mbíodh sé in úsáid istoíche ag aonad den IRA i gCorcaigh le linn Chogadh na Saoirse agus le linn an Chogaidh Chathartha. Carr salúin an-chompordach ar fad is ea an Rolls Royce ‘Silver Ghost’ 1919.

Ghlac an IRA seilbh ar an bhfeithicil uair éigin roimh 1924.  Tá an-bhaint aige le IRA lár Chorcaí (a ndearnadh Briogáid Uimhir a 1 Chorcaí as), a bhí ar na haonaid ba dhána agus ba cheannródaí den IRA i rith thréimhse na réabhlóide. 

Baineadh úsáid as an Moon Car san ionsaí a rinneadh ar an gCóbh ar an 21 Márta 1924, ionsaí a raibh tionchar mór aige ar an ngaol idir an Bhreatain agus Éire, agus a mheastar a chuir deireadh siombalach leis an gCogadh Cathartha.  Tháinig Rolls Royce buí isteach sa Chóbh an lá sin. Bhí dhá mheaisínghunna Lewis agus cúigear fear ann a bhí gléasta in éide Óglaigh na hÉireann [Féach an Cork Examiner, 31 Márta 1924; an Freeman’s Journal 24 Márta 1924].  Thosaigh siad ag scaoileadh le bád cuain de chuid na Breataine ar a raibh saighdiúirí neamharmtha, mairnéalaigh agus sibhialtaigh air ón ngarastún ar Inis Píc, a bhí faoi smacht na Breataine.  Maraíodh saighdiúir amháin agus goineadh seachtar déag eile, mar aon le cúigear sibhialtach.  D’imigh an carr leis faoi luas, ach stad sé fada go leor le scaoileadh le long chogaidh de chuid an Chabhlaigh Ríoga, an HMS Scythe, ach ní dhearnadh aon damáiste dó. Ba iad ardoifigigh de chuid Bhriogáid Uimh. 1 Chorcaí den IRA a rinne an t-ionsaí, ag iarraidh foréigean a spreagadh idir an Saorstát agus fórsaí na Breataine agus an ghéarchéim in Óglaigh na hÉireann a threisiú.  [Paul McMahon, British Spies and Irish Rebels: British Intelligence and Ireland, 1916-1945 (London, 2008), lgh. 202-203]. 

Tá an-mheas ag bailitheoirí ar fud an domhain ar an Rolls Royce Silver Ghost mar mhúnla gluaisteáin.  Bíonn an-tóir ar fad ar mhúnla 1919 de bhrí gur sa bhliain seo a thosaigh Rolls Royce ar ghluaisteáin a mhonarú arís, tar éis scor de aimsir an chogaidh.  Is fíorbheagán díobh atá fágtha.

Inniu, bronnadh an ‘Moon Car’ ar Ms Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann. Dúirt Ms Scarff gur onóir é don Ard-Mhúsaem an carr seo a fháil, go gcuirfidh sé go mór leis an mBailiúchán Náisiúnta, agus go gcoimeádfar slán é do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh ionas go mbeidh sé le feiceáil i gcónaí in Ard-Mhúsaem na hÉireann.  

ENDS

 

 

 

 

*Grianghraif ar fáil ó Paul Sherwood Ríomhphost - paul@sherwood.ie

An Oifig Preasa agus Eolais

Maureen Gaule - An Rannóg Margaíochta - Ard-Mhúsaem na hÉireann

mgaule@museum.ie 087 9031690

Paul Sherwood | Grianghrafadóir | paul@sherwood.ie | 087 2309096.

 

I dTAOBH ARD-MHÚSAEM NA hÉIREANN:

Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán: 

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
  • Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)

 

 Tá saorchead isteach in Ard-Mhúsaem na hÉireann Tá siopa agus caifé sa mhúsaem. Oscailwww.museum.ie .

Uaireanta oscailte an Mhúsaeim:

Dé Máirt – Dé Sathairn 10.00 am – 5.00 pm

Dé Domhnaigh agus Dé Luain 1.00 pm - 5.00 pm

 Oscail www.museum.ie/en/homepage.aspx  chun sonraí imeachtaí /gníomhaíochtaí a fháil.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions