Scipeáil chuig ábhar

26 Feabhra 2021: Féile de stair lucht LADTI á cheiliúradh ag institiúídí cultúrtha na hÉireann i mí an Mhárta 2021

An t-am atá caite á NOCHTadh ag Dánlann Náisiúnta na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Príosún Chill Mhaighneann
Tá an-áthas ar Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Músaem Phríosún Chill Mhaighneann An t-am atá caite á NOCHTadh Baile Átha Cliath 2021:  Féile Idirnáisiúnta Stair LADTI+ a chur i láthair ón 22 – 28 Márta 2021, chun stair lucht LGBTI + a chur i láthair an phobail i gcoitinne i gclár imeachtaí spreagúil, inspioráideach a chuirfidh ag smaoineamh thú.  
 
I mbliana táimid ag comóradh cothrom dhá bhliain lainseáil na féile in 2019 ag Dánlann Náisiúnta na hÉireann agus is mór an rath a bhí air ó shin. I mbliana, beidh trí cinn de na hinstitiúidí cultúrtha is mó tóir sa phríomhchathair ag óstáil imeachtaí fíorúla agus imeachtaí ar line.
 
Ó chamchuairt scéalaíochta éadaí ban ag Dánlann Náisiúnta na hÉireann go himeachtaí ina scrúdaítear éadaí mar bhealach chun féiniúlacht a chur in iúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, agus cainteoirí ó Phríosún Chill Mhaighneann, tá sé mar aidhm ag An tAm atá Caite a NOCHTadh  ardán a sholáthar do dhearcthaí úra agus léargas nua ar mheonta agus iompraíochtaí roimhe seo maidir le gnéasacht agus inscne.
 
Seolfar an fhéile Dé Luain 22 Márta 2021 nuair a eiseofar físeán ina bpléifear stair ghluaiseacht na gceart LADT in Éirinn, a rinneadh i bpríosún stairiúil Chill Mhaighneann. Ón Máirt 23 Márta go dtí Dé Domhnaigh 28 Márta, óstálfaidh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann agus Ard-Mhúsaem na hÉireann cainteanna agus ceardlanna fíorúla agus seimineáir ghréasáin mar chuid den Fhéile. Reáchtálfaidh an Dánlann Ceardlann Éadaí Ban & Tarraing le spreagadh ó bhailiúchán na Dánlainne.  Beidh físeán aníos ar Instagram na Dánlainne mar aon le cainteanna ar ábhair ar nós saol William of Orange agus léiriú éighnéasach san ealaín ar siúl freisin. Reáchtálfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair rogha imeachtaí fíorúla lena n-áirítear ‘It’s What You Wear’, leis an ngníomhaí Trasinscne Sara R Phillips, ag iniúchadh an róil a bhí ag éadaí i measc an phobail trasinscne 200 bliain anuas. Déanfaidh Taryn de Vere iniúchadh ar ghníomhaíochtas faisin i gceardlann fhíorúil idirghníomhach.
 
Dúirt Kate Drinane ó Fhoireann Oideachais Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, “Táimid chomh bródúil go mbeidh An tAm atá Caite a NOCHTADH á óstáil ag Dánlann Náisiúnta na hÉireann arís i mbliana. Trí bliana ó shin, sheolamar turais téamaí LADTI+ timpeall na Dánlainne chun ár mbailiúchán náisiúnta a chur ar fáil don phobal. Oibrímid go crua gach lá chun spás cuimsitheach agus ábhartha do chách a dhéanamh den Dánlann. Is céim eile den turas an fhéile thábhachtach seo a thabhairt chuig ár spásanna arís i 2021.”
 
“Tá an tArd-Mhúsaem ag dul i gcomhar leis na pobail LADTI+ trí mhíreanna a cheannach, trí thaighde, imeachtaí agus stair ó bhéal, mar shampla taispeántas na Réabhlóide Bogha Báistí agus imeachtaí ina ndírítear ar stair lucht LADTI+ a bhí ceilte roimhe seo” a dúirt Judith Finlay ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, ag cur leis “Táimid thar a bheith sásta páirt a ghlacadh san Fhéile An tAm atá Caite a NOCHTadh i gcomhar le Dánlann Náisiúnta na hÉireann agus le Príosún Chill Mhaighneann agus ceiliúradh a dhéanamh ar na snáitheanna de stair LADTI+ atá fite fuaite trínár mbailiúcháin náisiúnta.”
 
Tarlaíonn An tAm atá Caite a NOCHTadh the Past Dublin 2021 ar líne ón Luan 21 Márta 2021 go dtí Dé Domhnaigh 28 Márta 2021 ar fud láithreáin ghréasáin agus na meáin shóisialta Phríosún Chill Mhaighneann, Dánlann Náisiúnta na hÉireann agus Ard-Mhúsaem na hÉireann. Tá cead isteach chuig gach imeacht saor in aisce. Is gá áit a chur in áirithe d’imeachtaí áirithe: gheofar na sonraí ar nationalgallery.ie agus museum.ie. 
 
CRÍOCH
 
Teagmhálaithe meán:
Kate O’Leary, Ard-Mhúsaem na hÉireann / press@ngi.ie / 087 334 1587
Brian Houlihan, Ard-Mhúsaem na hÉireann / bhoulihan@museum.ie / 087 4110798
Brian Crowley, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann / brian.crowley@opw.ie / 086 8079071
 
Eolas faoi imeachtaí:
Creative Careers: Making space for your creativity with Eimear Walshe 20 Márta 2021, 2pm
John Collier's Portrait of George Bernard Shaw (1856-1950), Dramatist 23 Márta 2021, 1.15pm
Asexual Representation in Art 23 Márta 2021, 6pm
Breaking Down Barriers - to include Q&A with Kris Reid. 24 Márta 2021, 2pm
A Reception at 24 South Frederick St: Researching the History of Ireland’s LGBTQ+ Diaspora 25 Márta 2021, 6pm
Drag & Draw 25 Márta 2021, 7pm
Queering Your Collections 26 Márta 2021, 2pm
Reclaiming the Link with the Past: The Importance of the Pink Triangle 26 Márta 2021, 4pm
Iam and CAMP Project 26 Márta 2021, all day
Avoca Reaction & Ben Panthera 27 Márta 2021, 2pm
Queering National Myths - The Case of William of Orange 27 Márta 2021, 6pm
Fashion Activism 28 Márta 2021, 12pm
It’s What You Wear 28 Márta 2021, 3pm
 
Nótaí d’Eagarthóirí:
  • Tá na híomhánna ar fáil ach iad a iarraidh.
  • Tá Kate Drinane (Foireann Oideachais, Dánlann Náisiúnta na hÉireann), Judith Finlay (Cláraitheorir, Ard-Mhúsaem na hÉireann) agus Aisling Dunne (Foireann Oideachais, Ard-Mhúsaem na hÉireann) agus Brian Crowley (Coimeádaí na mBailiúchán, Príosún Chill Mhaighneann) ar fáil le dul faoi agallamh.
 
Maidir le: An tAm atá Caite a NOCHTadh:
Mar gheall ar An tAm atá Caite a NOCHTadh: Is ceiliúradh idirnáisiúnta iad Féilte Idirnáisiúnta Stair na nDaoine Leispiach, Aerach, Déghnéasach & Trasinscneach a chuimsíonn imeachtaí i rith na bliana agus ar fud an domhain, agus is comhdháil agus ócáid teacht le chéile d’acadóirí agus do ghníomhaithe iad uair sa bhliain i mí Feabhra. Faigh tuilleadh faisnéise ag outingthepast.com.
 
Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann:
Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ar cheann de na tarraingtí is mó spéise saor in aisce do chuairteoirí sa tír, ina bhfuil bailiúchán d’ealaín na hEorpa agus na hÉireann ó thart ar 1300 go dtí an lá inniu, agus Leabharlann & Cartlann fhairsing. Tá saorchead isteach go dtí an bailiúchán ag cách chun taitneamh a bhaint as, foghlaim uaidh agus inspioráid a fháil uaidh. Foghlaim tuilleadh faoi ag nationalgallery.ie.
 
Mar gheall ar Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla &  Stair, Dún Uí Choileáin
Bunaíodh Ard-Mhúsaem na hÉireann i 1877, agus faoina chúram tá 12,000 bliain d’oidhreacht iniompartha na hÉireann agus a stair nádúrtha. Tá sé freagrach as oidhreacht iniompartha an náisiúin a chaomhnú, agus as rochtain phoiblí a thabhairt ar na bailiúcháin náisiúnta, oideachas agus feasacht a chothú ar chultúr agus stair na tíre, agus taighde acadúil a thionscnamh. 
I Meán Fómhair 1997 osclaíodh Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla &  Stair i nDún Uí Choileáin.
Den chéad uair riamh beidh Ard-Mhúsaem na hÉireann ag óstáil Féile An tAm atá Caite a NOCHTadh 2021. In 2019 nocht an NMI an ‘Réabhlóid Bhogha Báistí’, comhdhéanta de cheithre mhír nua trína sainmhínítear nóiméid thábhachtacha a tharla le déanaí i ngluaiseacht LADTI+ na hÉireann. Tá réamhrá le gluaiseacht cearta LADTI+ na hÉireann ag gabháil leis seo, ar scáileáin tadhaill idirghníomhacha, le scáileáin i nDún Uí Choileáin agus i bPáirc Thurlaigh. Cruthaíodh an stair seo i gcomhar le príomhstaraithe pobail agus cartlannaithe LADTI+, agus insíodh é  trí acmhainní LADTI+ a bhí ann cheana, mar Chartlann Queer na hÉireann (cuid de bhailiúchán Leabharlann Náisiúnta na hÉireann), Cartlann Trasinscne na hÉireann, Cartlann LADTI Chorcaí, cartlann RTÉ, chomh maith le hagallaimh phearsanta nua agus agallaimh a rinneadh roimhe seo. Chun ár dtaifead ar stair LADTI+ na hÉireann a leathnú, seoladh Tionscadal Staire Béil LADTI+ freisin, chun scéalta lucht déanta staire LADTI+ a chaomhnú. Chun é seo a chomhlánú, sheol an Músaem conair an Bhogha Báistí ar fud shuíomh Dhún Ui Choileáin, inar leagadh an bhéim ar naisc le LADTI+ le bailiúcháin an Mhúsaeim, naisc a bhí folaithe roimhe seo, trína bhfuilimid ag méadú an eolais ar ár mbailiúcháin chun gach gné de scéal leathan éagsúil gach déantáin ann a insint. SAORchead isteach, mar is gnách.
 
Mar gheall ar Phríosún Chill Mhaighneann:
Osclaíodh Príosún Chill Mhaigheann i 1796 mar Phríosún Contae nua do Bhaile Átha Cliath. Dúnadh a dhoirse i 1924. Sa lá atá inniu ann is siombail é an foirgneamh de thraidisiún an náisiúnachais mhíleata agus bhunreachtúil ó éirí amach 1798 go dtí Cogadh Cathartha na hÉireann 1922-23. Is é Oifig na nOibreacha Poiblí a oibríonn agus a bhainistíonn Músaem Phríosún Chill Mhaighneann.
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions