Scipeáil chuig ábhar

Taighde áitiúil maidir le stair an dúlra curtha os comhair an phobail i ‘Saotharlann an Zú Mhairbh’

Photographed at the launch of Our Irish Natural History were Meadhbh Ruane (11) and her sister Fionnuala (12) from Belmont National School, Milltown, Co. Galway. Image: Julien Behal

Eisiúint chuig na Meáin
29 Meán Fómhair 2025
 
Eiseofar íomhánna ó Julien Behal Photography | julienbehalphotography@gmail.com | 087 9782542

 
Taighde áitiúil maidir le stair an dúlra curtha os comhair an phobail i ‘Saotharlann an Zú Mhairbh’ ag Ard-Mhúsaem na hÉireann

Tá cnuasach taighde an-spéisiúil a rinne grúpaí deonacha staire agus oidhreachta ar fud na hÉireann á sheoladh inniu (29 Meán Fómhair 2025) ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7. 

Is iad baill de Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN) a rinne an taighde ar phlandaí, ar ainmhithe agus ar ghnéithe geolaíocha, agus ba thionscnamh é de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann a cuireadh i gcrích i gcomhpháirt leis an gComhairle Oidhreachta agus le hOifigigh Oidhreachta sna húdaráis áitiúla rannpháirteacha. 

Bhí baill ghrúpaí iCAN i láthair ag an Ard-Mhúsaem inniu chun an taispeántas nua a nochtadh ina bhfuil eiseamail, scéalta, amharc-ealaín, físeáin agus go leor eile. 

Idir sníomhachán sailí i gContae Chill Mhantáin agus crú-ialtóga beaga (Rhinolophus hipposideros) i bpluaiseanna Chontae an Chláir, déantar iniúchadh leis an taighde pobail ar ghnéithe spéisiúla de stair an dúlra in Éirinn i gcomhthéacs startha agus traidisiúin áitiúla. 

Is é aidhm ár dtionscadail Stair Dhúlra na hÉireann dár gCuid aird a dhíriú ar ról na bpobal mar chaomhnóirí luachmhara oidhreacht nádúrtha na hÉireann agus chun na cialla cultúrtha tábhachtacha a cheiliúradh a chuimsítear i speicis dhúchasacha do go leor pobal in Éirinn.

Tá an taighde ar taispeáint anois i Saotharlann an Zú Mhairbh - spás nua iontach do stair an dúlra ag Dún Uí Choileáin le linn don ‘Zú Marbh’ cáiliúil ar Shráid Mhuirfean a bheith dúnta le haghaidh oibreacha.  

I bpíosa taighde amháin le Grúpa Oidhreachta Mhaigh Cuilinn atá ina ghné den taispeántas, déantar iniúchadh ar iontaisí atá leabaithe sna clocha adhlactha i Sean-reilig mheánaoiseach an phobail. Leis an tionscadal sin nochtadh bunsraith gheolaíoch Mhaigh Cuilinn mar aon le láithreacht iontaisí ársa i ngnéithe iomadúla de shaolta bhaill an phobail.  

Leis an taighde le baill Ghrúpa Oidhreachta agus Fiadhúlra Dhroichead an Chláir agus Bhaile Uí Aodha i gContae an Chláirdéantar iniúchadh ar stair an dúlra sna pluaiseanna áitiúla dá gcuid, lena n-áirítear pobal crú-ialtóg beag. 

Le hábhar a chuir Grúpa Oidhreachta Chluain Cearbán-an Chillín i gContae Mhaigh Eo leis an taighde, nochtar na naisc idir neantóga loiscneacha (Urtica dioica) agus traonaigh (Crex crex). Tríd an taighde a rinne an grúpa ar neantóga mar ghnáthóg idéalach do thraonaigh, nochtaigh an grúpa stair áitiúil shaibhir a bhaineann leis na húsáidí traidisiúnta iomadúla do neantóga, idir leigheasanna baile agus oidis, teicstílí agus ruaimeanna. 

Le taighde a rinne Fóram Oidhreachta Ghleann Dá Loch dírítear aird ar an bhfoirm ealaíne ársa Éireannach de shníomhachán sailí. Chruthaigh Pat Reid agus Aoife Patterson - baill an Fhóraim agus úinéirí an ghnólachta Wicklow Willow - ciseán sailí fiú atá ina ghné den taispeántas.  

Chomhoibrigh Grúpa Oidhreachta Bhaile an Mhuilinn le Scoileanna Náisiúnta Bhaile an Mhuilinn agus Belmont chun beocht a chur in oidhreacht nádúrtha an phobail. Sheinn daltaí ceol agus chum siad agus d’aithris siad filíocht chun ómós a thabhairt dá dtraidisiúin áitiúla agus do na naisc leis an bhfiadhúlra, lena n-áirítear crann fuiseoige ársa (Fraxinus excelsior). 

Rinne baill Chumann Staire Bhaile Coimín i gContae Chill Mhantáin taighde ar a stair áitiúil de chairéalú eibhir, lena n-áirítear an úsáid a bhaintí as eibhear Bhaile an Chnocáin i go leor de na foirgnimh agus séadchomharthaí is cáiliúla i mBaile Átha Cliath. 

I gContae na Gaillimhe, rinne Grúpa Oidhreachta Mhóta agus Seandálaíocht Phobail na Gaillimhe iniúchadh ar naisc fhéideartha idir corra coiteanna (Grus grus) a bhíodh ina gcónaí in Éirinn agus halbaird a aimsíodh go háitiúil, déantáin a bhfuil cuma ghob na coirre orthu. 

Rinne Grúpa Oidhreachta Chill Chaoide i gContae an Chláir scrúdú ar phobal dúchasach de phéine Bhoirne (Pinus sylvestris) a athaimsíodh le déanaí - an t-aon speiceas amháin de bhuaircíneach dúchasach in Éirinn - agus an léargas neamhchoitianta a thugtar leis ar choillearnach ársa na hÉireann san am atá caite. 

Agus í ag déanamh a machnaimh ar an tionscadal, mhínigh Hazel Morrison, Grúpa Oidhreachta Mhaigh Cuilinn: 

Leis an tionscadal seo, tugadh deis dár ngrúpaí áitiúla iniúchadh agus ceiliúradh a dhéanamh ar stair an dúlra atá díreach in aice láimhe, agus scileanna taighde á bhforbairt, eolas á fháil agus obair á déanamh i gcomhar le daoine eile ag an am céanna. Trí na scéalta sin a thabhairt isteach sa mhúsaem anois, nasctar guthanna ár bpobal le lucht spéise náisiúnta, rud a chruthaíonn comhpháirtíocht láidir ar mhaithe leis an músaem agus leis na pobail.” 

Agus é ag labhairt faoi sheoladh an taispeántais, dúirt Paolo Viscardi, Coimeádaí Stair an Dúlra, Ard-Mhúsaem na hÉireann: 

Tá an-áthas orm an taispeántas seo ó iCAN a fheiceáil agus é suiteáilte i Saotharlann an Zú Mhairbh. Beidh sé seo ina chéad cheann de neart comhpháirtíochtaí a bhainfidh leas as ár mbailiúcháin eolaíochta chun scéalta níos leithne agus níos ionchuimsithí a insint agus aschur cruthaitheach a spreagadh. Taispeántar leis an taighde a rinne comhpháirtithe pobail iCAN conas is féidir léargas a thabhairt ar naisc idir daoine agus áiteanna trí bhailiúcháin.” 

Rinne Adriana Ballinger, Comhalta Taighde Iarchéime ag an Ard-Mhúsaem, an tionscadal Stair Dhúlra na hÉireann dár gCuid a thionscnamh agus a fhorbairt. Ag seoladh an taispeántais, dúirt Adriana:  

Ar feadh beagnach sé mhí, rinne ocht ngrúpa iCAN taighde ar a naisc le speicis dhúchasacha. Ba léir de réir a chéile an tiomantas a bhí ag baill an phobail dá gcuid taighde de réir mar a d’aimsigh siad snáitheanna spéise nua le tabhairt fúthu, idir oidis anraith neantóige agus ealaín scoláirí atá dírithe ar an dúlra. Tá mé lán-sásta a fheiceáil go bhfuil na scéalta agus traidisiúin áitiúla sin curtha san áireamh i Saotharlann an Zú Mhairbh. Tá a fhios agam go mbainfidh cuairteoirí sult as dul i ngleic leis na hinsintí, leis an amharc-ealaín, le físeáin, le filíocht agus startha béil atá coimeádta ag na pobail don taispeántas seo.”   

Is iad grúpaí rannpháirteacha iCAN: 

  • Grúpa Oidhreachta agus Fiadhúlra Dhroichead an Chláir agus Bhaile Uí Aodha, Co. an Chláir   
  • Grúpa Oidhreachta Mhóta, Co. na Gaillimhe / Seandálaíocht Phobail na Gaillimhe  

  • Grúpa Oidhreachta Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe   

  • Cumann Staire Bhaile Coimín, Co. Chill Mhantáin   

  • Grúpa Oidhreachta Chluain Cearbán-an Chillín, Co. Mhaigh Eo   

  • Grúpa Oidhreachta Chill Chaoide, Co. an Chláir   

  • Fóram Oidhreachta Ghleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin   

  • Grúpa Oidhreachta Bhaile an Mhuilinn, i gcomhar le Scoil Náisiúnta Bhaile an Mhuilinn agus Scoil Náisiúnta Belmont, Co. na Gaillimhe. 

Tá Stair Dhúlra na hÉireann dár gCuid ar taispeáint anois ag Saotharlann an Zú Mhairbh ag Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7. Tá saorchead isteach. Féach museum.ie le haghaidh sonraí breise. 
 
--- Críoch --- 
 
Ceisteanna breise ó na meáin le cur chuig: Frances Toner, Feidhmeannach Margaíochta, Ard-Mhúsaem na hÉireann | +353 94 90 31773 / +353 87 7987439 | ftoner@museum.ie 
 
Maidir le Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN) 
Is é Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN) an phríomheagraíocht a throideann ar son cartlanna pobail digiteacha in Éirinn, agus a thacaíonn leo. Agus cuid mhór d’oidhreacht chultúrtha ábhartha agus doláimhsithe na hÉireann faoi chúram agus faoi úinéireacht a saoránach sa tír agus thar lear, tá iCAN ag cumasú pobal áitiúil chun a gcuid staire, oidhreachta agus cultúir féin a dhoiciméadú agus a chomhroinnt ar ardáin dhigiteacha. 
 
Is tionscnamh de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann é iCAN agus cuirtear ar fáil é i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta, le húdaráis áitiúla rannpháirteacha agus le grúpaí pobail ar fud na hÉireann. Chun faisnéis bhreise a fháil maidir le iCAN, tabhair cuairt ar www.ouririshheritage.org.  
 
Maidir le Saotharlann an Zú Mhairbh 
Cruthaíodh Saotharlann an Zú Mhairbh ag Dún Uí Choileáin chun a chinntiú go mbeidh an deis fós ag an bpobal roinnt de na heiseamail is mó a thaitníonn le daoine a fheiceáil ó bhailiúchán stair an dúlra fad agus a bheidh an tArd-Mhúsaem ar Shráid Mhuirfean dúnta le haghaidh oibreacha. Ag am áirithe ar bith beidh timpeall 1,300 réad ar taispeáint phoiblí lena gcuimsítear feithideolaíocht, geolaíocht, mamaigh, éin, amfaibiaigh agus reiptílí, mar aon le héagsúlacht leathan de bheathra muirí. 
  
Eolas faoi Ard-Mhúsaem na hÉireann 
Caomhnaíonn Ard-Mhúsaem na hÉireann oidhreacht na hÉireann agus spreagann sé suim san oidhreacht sin ar fud an oileáin agus ar fud an domhain. Cuireann sé le comhchuimhne agus le féiniúlacht na ndaoine uile a bhfuil naisc acu le hÉirinn, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, trí Bhailiúcháin agus trí chláir Náisiúnta na hÉireann. Cuireann an tArd-Mhúsaem fáilte roimh níos mó ná aon mhilliún cuairteoir gach bliain chuig ceithre mhúsaem, mar a dtugtar ábhar machnaimh, deiseanna rannpháirtíochta agus eolas dóibh trí imeachtaí ionchuimsitheacha inrochtana agus trí chláir phoiblí. Seo a leanas suíomhanna na gceithre mhúsaem: 
 
•   Ard-Mhúsaem na hÉireann - Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 
•   Ard-Mhúsaem na hÉireann - Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7 
•   Ard-Mhúsaem na hÉireann - Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo 
•   Ard-Mhúsaem na hÉireann, Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 (dúnta le haghaidh oibreacha) 
 
Tá saorchead isteach chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann agus a chuid taispeántas. 
Féach www.museum.ie le haghaidh tuilleadh eolais 
Facebook:    https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland 
X: https://twitter.com/NMIreland 
Instagram: @nationalmuseumofireland 
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions