Scipeáil chuig ábhar

21 Iúil 2020: Dhá shuíomh ard-Mhúsaem na hÉireann atá fágtha ar oscailt don phobal

Catherine Heaney, Cathaoirleach Ard-Mhúsaem na hÉireann, Catherine Martin, Aire na Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt & na Gaeltachta & Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann

D’athoscail Ard-Mhúsaem na hÉireann an dá cheann eile dá láithreacha don phobal inniu.  Is féidir leis an bpobal cuairt a thabhairt anois ar aon cheann dá cheithre láthair:

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe,  Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann

“Tá áthas mór orainn cuairteoirí a fheiceáil anseo arís.  Tá bearta éagsúla déanta againn chun go mbeidh cuairteoirí agus an fhoireann slán sábháilte. Molaimid do chuairteoirí féachaint ar ár suíomh gréasáin www.museum.ie roimh ré go bhfeice siad na socruithe nua."


Seo cuid de na socruithe sin:
  • Tá treoirínte sábháilteachta do chuairteoirí i bhfeidhm ar gach láithreán poiblí.
  • Tá stáisiúin díghalraithe lámh ar fáil do chuairteoirí agus don fhoireann.
  • Mhéadaíomar ár ngnásanna glantacháin, a bhí dian go leor roimhe seo.
  • Bainisteoimid líon na gcuairteoirí de réir na dtreoirlínte sláinte agus sábháilteachta poiblí.
  • Tá córas ticéad saor in aisce i bhfeidhm in dhá láthair:
    • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath
    • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
Dúirt Catherine Heaney, Cathaoirleach Ard-Mhúsaem na hÉireann “Anois agus gach ceann de láithreacha an Ard-Mhúsaeim ar oscailt arís, an t-aon deacracht ná nach bhfuil an oiread céanna slí againn do chuairteoirí agus a bhíodh. Ní bheimid ag iarraidh a thuilleadh na sluaite cuairteoirí a mhealladh isteach. Le linn na tréímhse dúnta, d’fhéachamar ar cad a d’fhéadfaimis a dhéanamh chun seirbhís phoiblí a thabhairt agus rudaí mar atá. Shocraíomar go bhféachfaimis, fad a bheadh scaradh sóisialta i bhfeidhm, leis na pobail is mó faoi bhuntáiste agus is minic a fhágtar as an áireamh a mhealladh go dtí Ard-Mhúsaem na hÉireann. Ba mhaith linn cabhrú le daoine dul i dtaithí ar shrianta Covid-19 agus glacadh leo, agus téarnamh, má bhí an galar orthu.”
https://www.museum.ie/en-IE/Museums/Decorative-Arts-History/Visitor-Information/Rediscover-your-Museum-Phased-reopening-of-the-Nat
Dúirt Catherine Martin TD, Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, agus í i láthair nuair a osclaíodh Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht  “Tá áthas mór orm a bheith ar an gcéad chuairteoir ar ais sa Mhúsaem Seandálaíochta iontach inniu. Is mór an faoiseamh gur féidir le daoine taitneamh a bhaint as an ionad seo agus an mbailiúchán iontach náisiúnta ann uair amháin eile. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach, Catherine Heaney, leis an Stiúrthóir, Lynn Scarff agus le bainisteoirí agus foireann an Mhúsaeim as an obair mhór atá déanta acu agus an saol chomh dúshlánach agus atá. Táim ag tnúth le cuairteanna eile a thabhairt ar an Músaem.”
ENDS
GHEOFAR TUILLEADH EOLAIS Ó:
Ann Daly, An Ceann Margaíochta, An Rannóg Margaíochta, Ard-Mhúsaem na hÉireann
T: 01 648 6457 | FP: 087 2368067| R: adaly@museum.ie
 
An Oifig Preasa agus Eolais
Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta
Department of Media, Tourism, Arts, Culture, Sport and the Gaeltacht
Tel: 087 6737338 / 087 7374427
Ríomhphost: press.office@chg.gov.ie
 
I dTAOBH ARD-MHÚSAEM NA hÉIREANN:
Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán: 
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
  •  Tá saorchead isteach in Ard-Mhúsaem na hÉireann Tá siopa agus caifé sa mhúsaem. Féach www.museum.ie .
    Uaireanta oscailt an Mhúsaeim:
    Dé Máirt – Dé Sathairn 10.00 am – 5.00 pm
    Dé Domhnaigh agus Dé Luain 1.00 pm - 5.00 pm
     Oscail www.museum.ie/en/homepage.aspx  chun sonraí imeachtaí /gníomhaíochtaí a fháil.
  • Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
  • Twitter: https://twitter.com/NMIreland
  • Instagram:  @nationalmuseumofireland

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions