Scipeáil chuig ábhar

Stiúideo & Stát

Four of the signatories to the Anglo-Irish Treaty

Seolann Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath agus an Tánaiste Taispeántas Nua Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath/Dhánlann Hugh Lane a dhéanann Ceiliúradh ar Chéad Bliain ó Síníodh an Conradh Angla-Éireannach

Taispeántas comhchoimeádta é ‘Stiúideo & Stát: Na Laverys agus an Comhaontú Angla-Éireannach’ idir Dánlann Hugh Lane agus Ard-Mhúsaem na hÉireann

Tá portráidí mhuintir Lavery sa taispeántas chomh maith le déantáin, an peann san áireamh a d’úsáid Mícheál Ó Coileáin leis an gConradh Angla-Éireannach a shíniú


 
Le scaoileadh láithreach: An 23 Samhain 2021: Sheol Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Alison Gilliland, agus an Tánaiste Leo Varadkar Stiúideo & Stát: Na Laverys agus an Comhaontú Angla-Éireannach (Studio & State: The Laverys and the Anglo-Irish Treaty) inniu. Déantar an taispeántas a chomhchoimeád idir Dánlann Hugh Lane agus Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ceadaíonn an comhoibriú uathúil seo bailiúcháin faoi seach na bhforas a thabhairt le chéile le scéal idirbheartaíocht an Chonartha a insint trí phictiúir agus déantáin.

Fiosraíonn an taispeántas imeachtaí a tharla idir Iúil 1921, nuair a comhaontaíodh leis an Sos Cogaidh i mBaile Átha Cliath, agus Eanáir 1922, nuair a daingníodh an Conradh Angla-Éireannach, ar éigean, i nDáil Éireann,  

Taispeántar pictiúir a rinne Sir John Lavery ó Dhánlann Hugh Lane den chéad uair taobh le déantáin ó bhailiúchán Ard-Mhúsaem na hÉireann leis an scéal casta seo a insint agus lena scrúdú conas a rinne muintir Lavery idirbheartaíocht ar an ngaol casta idir ealaín, polaitíocht, agus stair.

I measc na ndéantán suntasach, tá an peann tobair a deirtear a d’úsáid Mícheál Ó Coileáin le buncháipéis an Chonartha, cóip de cháipéis an Chonartha a shínigh seachtar den dáréag sínitheoirí, agus oibreacha bolscaireachta ar thaobh agus in aghaidh an Chonartha.
 
Scrúdaíonn Stiúideo & Stát sínitheoirí an Chonartha, idir thoscairí na hÉireann agus na Breataine, a shuigh i stiúideo Lavery, 5 Cromwell Place, i rith na hidirbheartaíochta i bhfómhar 1921. Agus amhlaidh á dhéanamh aige, ghlac John Lavery le ról ealaíontóra-taidhleora agus chaith sé lena stiúideo mar áit neodrach don dá pháirtí. Tríd an taispeántas seo a chur i láthair le cáipéisí agus grianghraif stairiúla an Mhúsaeim, tugtar chun solais castachtaí na tréimhse seo chomh le héagsúlacht na ndaoine a bhí bainteach san idirbheartaíocht.


Dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Alison Gilliland, “Cúis mhór bhróid dom a bheith anseo inniu i gcuideachta an Tánaiste leis an taispeántas seo a oscailt, taispeántas eile a chuireann go mór leis an gcomóradh éagsúil atá mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán. Trí scéal Idirbheartaíocht an Chonartha a insint trí thaispeántais nuálacha agus uathúla, cosúil leo seo, is féidir linn leanúint le machnamh a dhéanamh ar chastacht ár staire agus comhoibriú agus comhar a chur chun cinn don ghlúin amach anseo. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus Dánlann Hugh Lane as comhoibriú ar a raibh an oiread sin ratha.”
 
Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar, “Is pribhléid dom an taispeántas seo a oscailt inniu i dteannta an Ard-Mhéara. Chruthaigh Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán deiseanna do dhaoine de gach traidisiún machnamh a dhéanamh ar chastachtaí imeachtaí na tréimhse seo agus ar na téamaí éagsúla gaolmhara agus tá ról tábhachtach ag ár bhForais Chultúir Náisiúnta leis seo a bhaint amach. Tá súil agam go léireoidh an taispeántas seo leagáid thábhachtach an Chonartha agus go léireoidh sé an tráth cinniúnach seo i stair na hÉireann ar bhealach an-láidir agus ceangailte.”

 
Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, “B’iontach a bheith in ann oibriú le Dánlann Hugh Lane le taispeántas chomh hollmhór seo. Chruthaigh Deich mBliana na gCuimhneachán deiseanna tábhachtacha chun súil a chaitheamh ar ár stair trí pheirspictíochtaí nua agus trí dhisciplíní iolracha éagsúla. Tá sé ríthábhachtach go leanaimid leis an am a chaitheamh le machnamh a dhéanamh ar na himeachtaí agus ar eispéiris saoil iad siúd atá bainteach sna garspriocanna seo lena mbaineann stair pholaitíochta. Ní bhaineann ach idirbheartaíocht pholaitiúil le scéal na n-earraí agus bportráidí seo, ach daonnacht agus comhoibriú comhroinnte. Trí mheanma an chomhoibrithe seo, tá súil agam go ndéanfaidh an taispeántas seo stair bhríoch den stair do gach duine, ar bhealach a thacaíonn le plé faoi na himeachtaí claochlaithe seo.”

Dúirt Barbara Dawson, Stiúrthóir Dhánlann Hugh Lane, “Tá gliondar croí ar Dhánlann Hugh Lane oibriú leis an Ard-Mhúsaem maidir leis an taispeántas uathúil seo. Tugann sé dhá bhailiúchán náisiúnta le chéile a insíonn scéal na n-imeachtaí olltábhachtacha a mhúnlaigh tosach Éire na linne seo.

“Anuas ar pheirspictíocht uathúil a chur i láthair i leith na tréimhse seo d’idirbheartaíocht pholaitiúil, leagtar béim i bportráidí mothaitheacha Lavery de na fir seo den Bhreatain agus d’Éirinn agus sna hearraí a bhaineann leo ar dhaonnacht na ndaoine atá bainteach agus ar thábhacht na n-imeachtaí a thit amach. Cuireann an taispeántas seo dearcadh nua ar fáil dúinn céad bliain ina dhiaidh ónar féidir linn machnamh a dhéanamh ar na tréimhsí seo agus gluaiseacht chun cinn agus meanma chomhair agus tuiscint againn ar stair chomhroinnte.”

Fiosraítear, ina theannta sin, i gcatalóg shaincheaptha thaispeántais ina bhfuil aistí a scríobh staraithe, staraithe ealaíne agus ealaíontóirí imeachtaí stairiúla na tréimhse seo agus ról mhuintir Lavery in idirbheartaíocht an Chonartha. Beidh sé ar díol ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin agus sa siopa ar líne.

 
Beidh an taispeántas ar fáil le hamharc air go dtí Nollaig 2022. Tá cead isteach saor in aisce.
 
CRÍOCH
 
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
 
Grianghrafadóireacht  
Iarrataí ar eolas breise / agallaimh: Q4 Public Relations  
Eolas faoi Ard-Mhúsaem na hÉireann
Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann príomhfhoras cultúrtha an náisiúin agus is ann atá na bailiúcháin is mó d’oidhreacht, de chultúr agus de stair na hÉireann. Tá cead isteach saor in aisce.
 
Tá 4 shuíomh agus Taisclann Bhailiúchán ag Ard-Mhúsaem na hÉireann: 
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe (Páirc an Turlaigh, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo)
  • An tIonad Acmhainní Bailiúchán (Sord(Níl seo ar oscailt don phobal)
 
Láithreán gréasáin: www.museum.ie
Facebook:  https://www.facebook.com/NationalMuseumofIreland
Twitter: https://twitter.com/NMIreland
Instagram:  @nationalmuseumofireland
 
Eolas faoi Dhánlann Hugh Lane
 
Tá ceann de phríomh-mhúsaeim ealaín na hÉireann agus idirnáisiúnta in Éirinn suite i nDánlann Hugh Lane. Is é dánlann ealaíne Chathair Bhaile Átha Cliath agus bhunaigh Sir Hugh Lane é i 1908. Cuirtear tús le bailiúchán cáiliúil na dánlainne le healaín ón Eoraip ón 19ú haois, ina leagtar béim ar phéintéireacht tírdhreacha ón bhFrainc agus pictiúir Impriseanaíocha ón bhFrainc, a fhaide le cleachtas ealaíne comhaimseartha.
 
Tá bailiúchán fairsing ealaín na hÉireann ann freisin agus leanann sé ag tacú le healaín chomhaimseartha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Tá stiúideo agus bailiúchán Francis Bacon ar taispeáint go buan agus déantar ceiliúradh ar Sheán Scully, an t-ealaíontóir comhaimseartha a rugadh i mBaile Átha Cliath, agus tá seomra ann atá tiomnaithe go hiomlán dá ealaín. Tá taispeántais stairiúla agus chomhaimseartha sa dánlann agus eagraítear cláir dhinimiciúla rannpháirtíochta ann i measc phobail éagsúla na cathrach chomh maith le tionscadail oideachais ealaíne sa dánlann.
 
 
 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions