Scipeáil chuig ábhar

31 Bealtaine, 2023: Tá an Chomhairle Oidhreachta ag dul i gcomhar le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus le húdaráis áitiúla rannpháirteacha chun digitiú chartlanna pobail na hÉireann a mhaoiniú, trí iCAN

  • Cruthaíodh os cionn 30 cartlann phobail dhigiteacha go dtí seo – agus tacófar le 80 faoi 2028
  • Tugtar cuireadh don phobal eolas a chur ar Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN), ábhar a chur leis agus a bheith páirteach ann

Le heisiúínt láithreach: 31 Bealtaine, 2023: Tá imeacht á reáchtáil i gCill Mhantáin inniu chun caibidil nua i scéal Líonra Cartlainne Pobail (iCAN) a bhfuil duaiseanna buaite aige, a chomóradh. Is é iCAN an phríomheagraíocht a thacaíonn le cartlanna pobail in Éirinn.

Ó 2009 i leith, thacaigh iCAN le cruthú 33 chartlann dhigiteacha ar líne sa Chlár, i gCorcaigh, i nGaillimh, i Maigh Eo agus Cill Mhantáin, agus tá trí cinn eile á bhforbairt faoi láthair. Tá os cionn 180 oibrí deonach ag bainistiú agus ag tacú leis na cartlanna pobail atá ann cheana féin.
 
Bhunaigh Ard-Mhúsaem na hÉireann iCAN agus forbraíodh é i gcomhpháirtíocht le hOifigigh Oidhreachta na n-údarás áitiúil rannpháirteach agus le tacaíocht ó Éire Chruthaitheach*. Inniu, tá an Chomhairle Oidhreachta ag teacht chun bheith ina comhpháirtí maoinithe nua ag iCAN, rud a éascóidh leathnú an tionscnaimh agus fhoireann iCAN. Le chéile, tá uaillmhianta acu chun tacú le forbairt ar a laghad 80 cartlann dhigiteach ar fud na hÉireann faoi 2028.
 
Is í Comhairle Contae Chorcaí an t-údarás áitiúil is déanaí le dul i gcomhpháirtíocht le iCAN. Chuaigh an t-údarás seo isteach sa líonra anuraidh agus tar éis oiliúint a fháil le cúpla mí anuas, nochtfar tairseach nua do Chontae Chorcaí inniu. Beidh ceithre chartlann phobail dhigiteacha ar fáil ar www.heritagecork.org le tacaíocht ó iCAN - Grúpa Tionscadal an Oileáin Mhóir, Grúpa Oidhreachta Chill Mhuire, Cumann Oidhreachta Chill Seanaigh agus Cartlanna Pobail Eochaill.
 
Is láithreáin ghréasáin rannpháirteacha iad cartlainne pobail iCAN, rud a chiallaíonn gur féidir le duine ar bith, áit ar bith ar domhan, grianghraif, léarscáileanna, litreacha, taifid, scéalta agus doiciméid a chur leis chun an bailiúchán a mhéadú. Chomh maith le heolas a dhoiciméadú faoi shuíomhanna oidhreachta áitiúla, faoi thraidisiúin agus faoi dhaoine aitheanta áitiúla, is foinse luachmhar iad na cartlanna freisin do thionscadail ghinealais agus sinsearachta.
 
Áirítear le go leor de na cartlanna stair bhéil agus físeáin agus acmhainní luachmhara mar dhoiciméid áitiúla ‘daonáirimh’ ó aimsir an Ghorta Mhóir, agus is féidir le cuairteoirí rochtain a fháil ar chartlanna digiteacha agus inchuardaithe a bhaineann le reiligí, bailte fearainn, agus fiú tithe ar leith – rud a thugann léargas luachmhar ar leith ar thaifid teaghlaigh.  Tugtar ‘Cé a chónaigh i mo theachsa’ ar thionscnamh amháin, atá mar chuid de chartlann Dhroichead an Chláir & Bhaile Uí Aodha, agus arb é an t-aon cheann dá shórt in Éirinn sa mhéid is go bhfuil ‘leabhair chealaithe’ nó taifid oifig luachála digitithe ann – rud a thugann deis do chuairteoirí cuardach a dhéanamh ar na daoine a raibh cónaí orthu i dtithe ar fud na 49 baile fearainn i nDroichead an Chláir, Contae an Chláir, idir 1855 agus 1970.
 
Úsáideann an diaspóra cartlanna pobail iCAN chun nascadh le grúpaí áitiúla, a chuidíonn lena bhfiosrúcháin faoi stair a dteaghlaigh. Is minic, tar éis nasc a dhéanamh leis an ngrúpa áitiúil ag a bhfuil eolas ar a baile acu, a thugann daoine cuairteanna ar Éirinn, ar thithe agus uaigheanna a sinsear, agus go n- athcheanglaítear iad le baill teaghlaigh nach raibh aithne acu orthu roimhe seo nó ar cailleadh an ceangal eatarthu
 
Tá oibrithe deonacha páirteach in go leor de na cartlanna freisin, agus iad ina gcónaí thar lear i dtíortha mar SAM agus an Astráil. Tugadh 2,244,000 cuairt ó 215 tír, nó 16,000 cathair, ar fud an domhain, ar líonra iCAN  go dtí seo – táthar tar éis féachaint ar os cionn 5,750,000 leathanach d’ábhar oidhreachta na hÉireann.
 
Tá baill de líonra iCAN ó gach cearn den tír ag teacht le chéile in Ionad Acmhainní na Brocaí i Láithreach, Co. Chill Mhantáin inniu chun leathnú leanúnach an líonra agus seoladh Oidhreacht Chorcaí a cheiliúradh. Cloisfidh siad freisin ón bpríomhchainteoir, an t-údar agus an staraí béil, Tomás Mac Conmara.
 
Dúirt stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, Lynn Scarff: 

Tá cuimsitheacht agus comhoibriú i gcroílár iCAN, trí chó-úinéireacht a aithint agus trí chumhacht a thabhairt do phobail áitiúla a stair, a n-oidhreacht agus a gcultúr féin a dhoiciméadú ar ardáin dhigiteacha. Táimid uaillmhianach chun tacú le fás iCAN ar fud na tíre mar tá an deis tuillte ag gach pobal a gcartlann dhigiteach féin a thógáil trína n-aithnítear luach ar leith na n-acmhainní seo don phobal agus do staraithe araon amach anseo. Tá go leor den ábhar seo i dtithe daoine, i gcuimhní cinn nó in acmhainní atá ag an bpobal sin amháin – mar sin níl aon duine eile ach iad a d’fhéadfadh iad a thaifeadadh agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.”

 
Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan:

Is minic a bhíonn cartlannaithe deonacha ina laochra ciúine ina bpobail féin, agus iad ag déanamh obair dochreidte chun eolas, bailiúcháin, scéalta agus stair áitiúil a chosaint. Tá an t-eolas a bhailíonn agus a chaomhnaíonn siad ríthábhachtach chun tuiscint níos leithne a thabhairt do dhaoine orthu féin agus ar an áit as a dtagann siad, agus tá an Chomhairle Oidhreachta bródúil as a bheith in ann cur leis an obair thábhachtach seo.”

 
Dúirt Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Danny Collins: 

Tá Comhairle Contae Chorcaí thar a bheith bródúil as ár dtairseach nua Oidhreachta Chorcaí a sheoladh inniu. Beidh an suíomh Gréasáin seo ina bhaile ag na ceithre chartlann phobail dhigiteacha i gCorcaigh atá mar chuid de líonra iCAN a sholáthraíonn ní hamháin láithreacht ar líne atá slán agus buan ach a thugann an t-aitheantas atá ag dul do na grúpaí seo as an obair iontach atá á déanamh acu chun a n-oidhreacht áitiúil a dhoiciméadú agus a chaomhnú. Is iontach an oiliúint agus an tacaíocht a chuireann iCAN ar fáil agus tá an-áthas orainn dul i gcomhpháirtíocht leo ar an tionscnamh tábhachtach seo.”

Dúirt Lorna Elms, Oifigeach Forbartha iCAN: 

Cuireann iCAN oiliúint phraiticiúil agus theicniúil ar fáil d’oibrithe deonacha chun tacú leo agus iad ag bunú cartlann dhigiteach dá bpobal áitiúil. Tá an obair atá á déanamh ag oibrithe deonacha ar fud na tíre chun na stórtha saibhir seo a chruthú agus a chothabháil thar a bheith luachmhar. Tá stair agus oidhreacht áitiúil á ndoiciméadú acu ar bhealach speisialta a thugann daoine ó gach glúin le chéile chun a stair chomhroinnte a cheiliúradh, a thaifeadadh agus a chaomhnú, agus chun taitneamh a bhaint as mórtas áite i dteannta a chéile.”

 
In 2020, bronnadh ‘An Gradam don Líonra Cartlann is Fearr’ ar iCAN ag Dámhachtainí Bliantúla an Ghrúpa Oidhreachta agus Chartlainne Phobail sa RA agus in Éirinn (CAHG), comórtas a gcuireann an-chuid grúpaí isteach air. Fuair ​​baill aonair de líonra iCAN duaiseanna contae, náisiúnta agus idirnáisiúnta as a gcuid oibre agus tionscadal oidhreachta.
 
Tugtar cuireadh don phobal cuairt a thabhairt ar na cartlanna digiteacha i Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN), ábhar a chur leo agus obair dheonach a dhéanamh dóibh, más féidir. Tá liosta iomlán na gcartlann ar fáil ag www.ouririshheritage.org
 
Ends//
 
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:
Teagmhálaithe Meán: Q4 Caidreamh Poiblí Sinéad McGovern, sinead@q4pr.ie 087 6411725
Sabrina D’Angelo sabrina@q4pr.ie 086 0323397
 
Grianghrafadóireacht: Eiseoidh Julien Behal Photography íomhánna ón imeacht i gCill Mhantáin inniu julienbehalphotography@gmail.com
 
Seo a leanas roinnt ráiteas ó bhaill líonra iCAN, a bheidh le feiceáil ar fhíseán nua faoin líonra a nochtfar ag an imeacht i gCill Mhantáin inniu. Tá an físeán ar fáil anseo agus tá grianghraif de gach ceann díobh sin a luaitear anseo ar fáil freisin ach iad a iarraidh.
 

Mary O’Malley, Oidhreacht Chluain Cearbán-An Chillín, Co. Mhaigh Eo

“Ba é príomhaidhm ár ngrúpa stair ár gceantar áitiúil, Cluain Cearbán agus An Cillín, a thaifeadadh, a chur i gcartlann agus a chur ar taispeáint. Tá an oiread sin traidisiún atá imithe in éag inár bpobal, agus theastaigh uainn oideachas a chur orainn féin faoi na traidisiúin seo a chuaigh thart. Tá sé chomh tábhachtach go mbeadh a fhios againn cad as a dtáinig muid agus cad a rinne ár sinsir. Ciallaíonn suíomh Gréasáin rochtana oscailte gur féidir le gach duine ábhar a chur leis, agus é a roinnt le daoine eile. Má tá smaoineamh faoi thionscadal ag duine ar bith, is féidir leo teacht chugainn leis.”
“Is mór an phribhléid é an obair seo a dhéanamh ar bhonn deonach. Tugann sé sásamh dom i gcónaí bheith ag obair i mo mhuintir féin agus ag cur aithne orthu, ag déanamh taighde agus ag cur agallamh ar dhaoine.”
 

Helen Riddell, Grúpa Tionscadal an Oileáin Mhóir, Co Chorcaí

“Agus sinn ar oileán, is féidir linn a bheith scoite ó thaobh na tíreolaíochta de, ach anois táimid mar chuid de líonra níos mó agus is iontach an rud é ár scéalta agus ár stair a roinnt. Ba iontach an deis do Ghrúpa Tionscadal an Oileáin Mhóir dul isteach i Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann, is féidir linn stair agus oidhreacht an oileáin a scaipeadh ar fud an domhain. Is cuid mhór díot féin é suíomh Gréasáin iCAN agus is cuid de do stair agus d’oidhreacht féin é. Eispéireas iontach a bhí ann agus mholfainn do ghrúpaí eile dul isteach in iCAN.”
 

Hazel Morrison, Oidhreacht Mhaigh Cuilinn, Co na Gaillimhe

Tá sé mar aidhm againn stair agus oidhreacht Mhaigh Cuilinn a fháil amach, a thaifeadadh, a chaomhnú agus a roinnt. Léirigh ár suíomh Gréasáin dúinn nach gá duit a bheith i bpobal le bheith mar chuid de thionscadail dhomhain phobail. Thaispeáin an taithí atá againn mar chuid de iCAN i Maigh Cuilinn gur féidir linn níos mó a bhaint amach ná mar a cheapamar.”
 

Karen Allison, Grúpa Staire Dhún Ard Ó Máil, Co. Chill Mhantáin

“D'aon duine amuigh ansin a bhfuil suim acu sa stair áitiúil, ina bpobal féin, tá iCAN iontach agus tá an tacaíocht iontach. Táimid ag foghlaim go leor faoinár gceantar, agus tá cartlann againn anois ina bhfuil an stair á coinneáil go deo agus sin an rud is tábhachtaí.”
 

Olive Carey, Timpeall na Sionainne, Co. an Chláir

“Is é an obair atá idir lámha againn ár stair áitiúil a chaomhnú agus a chur chun cinn. Bhíomar an-sásta go deo leis an oiliúint agus an tacaíocht a fuaireamar ó iCAN. Ar cheann de na tionscadail a bhfuil baint againn leis tá athchóiriú iomlán ar theach feirme ón 19ú haois.Bíonn cainteanna rialta againn do ghrúpaí, go háirithe do ghrúpaí scoile, agus insíonn muid dóibh scéal na slite beatha sa cheantar sular fhás an baile nua-aimseartha. Faighim an-sásamh go deo as daoine a fheiceáil ag foghlaim rud éigin nua faoin gceantar.”
 
Tuilleadh eolais faoi Líonra Cartlainne Pobail na hÉireann - iCAN
 
Is éard is Cartlanna Pobail ann ná bailiúcháin a léiríonn stair, féiniúlacht, taithí nó suim atá i bpáirt ag daoine. Is pobal a chruthaíonn iad agus is leis an bpobal iad. Is é príomhaidhm iCAN grúpaí deonacha a spreagadh agus a thacú chun stair agus oidhreacht a bpobail a bhailiú, a dhigitiú agus a roinnt ar líne.
 
*Cuireann múnla comhpháirtíochta na n-údarás áitiúil maoiniú, treoir agus acmhainní ar fáil ag an leibhéal áitiúil agus tháinig sé chun buaice in 2014 nuair a bunaíodh Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Mar thoradh air sin bunaíodh an chéad chartlann dhátheangach de chuid iCAN agus an chéad ardán cartlainne digití ilsuíomh contae-bhunaithe, ar ghlac Comhairlí Contae eile ar fud na tíre leis an tsamhail sin ó shin. Idir 2019 agus 2020, thacaigh an Clár Éire Chruthaitheach le iCAN.
 
I mbliana, mar chloch mhíle forbartha, tá an Chomhairle Oidhreachta ag teacht le chéile le hArd-Mhúsaem na hÉireann mar chomhpháirtí maoinithe – a leathnóidh an raon saineolais atá ar fáil do ghrúpaí tríd an Líonra, a éascóidh méadú ar fhoireann iCAN agus a sholáthróidh buntáistí breise don phobal agus do chomhpháirtithe na húdaráis áitiúla.
 
Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil anois do bhaill iCAN:
 

  • A suíomh gréasáin cartlainne pobail féin
  • Oiliúint, treoir agus tacaíochtaí ábhartha
  • Tacaíocht theicniúil agus acmhainní
  • Cruinnithe, cainteanna agus ceardlanna don líonra
  • Scileanna piaraí agus comhroinnt eolais
  • Rochtain ar líonra mór oibrithe deonacha staire agus oidhreachta, gairmithe agus eagraíochtaí
  • Fóram na mBall, Féilire Gníomhaíochtaí, agus Leabharlann Acmhainní
  • Deiseanna chun páirt a ghlacadh in obair chomhpháirteach agus i dtionscadail líonra
  • Ciste Pobail nua iCAN chun tacú le tionscadail agus gníomhaíochtaí gaolmhara  

 
 

 

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions