Scipeáil chuig ábhar

Seo cuireadh ó Ard-Mhúsaem na hÉireann chun ‘Machnamh a Dhéanamh ar an Athléimneacht’

'A New Skin' by Alison Lowry, in collaboration with Úna Burke - one of the objects featured in the new online gallery 'Reflections on Resilience'
  • I ngailearaí nua ar líne gheofar raon éicléictiúil déantán agus eiseamal, a roghnaíodh chun ionspioráid agus athdhearbhú a chur ar fáil le linn ghéarchéim an choróinvíris

  • Tugann Ard-Mhúsaem na hÉireann cuireadh don phobal machnamh a dhéanamh ar nithe ina saol féin a chuireann an athléimneacht in iúl

 

For immediate release April 23, 2020: Is gailearaí nua ar líne é ‘Machnamh ar an Athléimneacht’, agus tá sé á chur i dtoll a chéile ag Ard-Mhúsaem na hÉireann mar fhreagairt ar ghéarchéim an choróinvíris.  
 
Tá an gailearaí ar líne ar fáil anois ar shuíomh gréasáin nuachóirithe an Mhúsaeim ag www.museum.ie  mar a bhfeicfear raon leathan déantán agus eiseamal ó bhailiúcháin an Mhúsaeim, idir nithe stairiúla agus nithe comhaimseartha, a léiríonn an athléimneacht a chleachtaimid nuair a bhíonn dúshlán romhainn, bíodh sé ina dhúshlán náisiúnta nó idirnáisiúnta.
 
Is é Ard-Mhúsaem na hÉireann an institiúid chultúrtha is mó in Éirinn agus tá ceithre láthair an Mhúsaeim dúnta anois mar chuid d’iarracht an Rialtais chun an coróinvíreas a cheansú. De bhrí nach bhfuil taispeántais an Mhúsaeim ar oscailt faoi láthair, chrom an fhoireann bailiúchán ag an Músaem ar ghailearaí ar líne a chur ar fáil, dar teideal ‘Machnamh ar an Athléimneacht’, ionas gur féidir leis an bpobal bheith i dteagmháil i gcónaí leis an mbailiúchán náisiunta agus solás agus ionspioráid a fháil ó scéalta na ndéantán seo de réir mar a théann géarchéim an choróinvíris ar aghaidh.
 
Gabhann stádas íocónach le cuid de na déantáin agus na heiseamail sa ghailearaí ar líne, leithéidí Forógra na Poblachta agus bratach ‘Phoblacht na hÉireann’ a bhí ar foluain os cionn Ard-Oifig an Phoist i 1916. Níl cuid de na nithe eile chomh so-aitheanta céanna, ach fós féin, is léiriú iad ar a athléimní a bhí muintir na tíre seo riamh. I measc na samplaí a roghnaíodh tá an Gaiste Éisc Mheisiliteach a bhí in úsáid ag na daoine ba thúisce a tháinig chun na tíre seo, agus albam grianghraf a thaispeánann saol Albert Sutton, fear as Baile Átha Cliath a thug seirbhís san Aerfhórsa Ríoga.
 
Mar chomhartha dlúthpháirtíochta agus mar mheabhrúchán go bhfuil naisc idir gach cuid den saol, tá roinnt déantán sa ghailearaí ar líne a bhfuil baint acu le tíortha atá buailte go dona ag an ngéarchéim seo. Ina measc tá Vása Fonthill, an mhír phoircealláin Shínigh is luaithe a tugadh chun na hEorpa, de réir na ndoiciméad, mír a mheastar an-tábhacht idirnáisiúnta a bheith léi.
Tá roinnt samplaí ann, leis, ó na laethanta deireanacha. Ina measc tá an gúna a chaith Panti Bliss nuair a thug sé an óráid Gairm chun Onóra, meirg chniotáilte aisghairthe a thaispeánann obair ealaíne Maser, an t-ealaíontóir sráide, a rinneadh mar chuid den Fheachtas ‘Tá’ aimsir reifreann Bhealtaine 2018 ar cibé an ndéanfaí an tOchtú Leasú ar Acht Chun an Bunreacht Do Leasú 1983 a Aisghairm.
 
I measc na nithe eile sa ghailearaí ar líne tá:

  • Smugairle róin agus spúinsí mara, atá ar an domhan le 500 milliún bliain, i bhfad ó bhí díneasáir ag fánaíocht ar fud an phláinéid;

  • An t-iolar mara, an t-iolar fíréan agus an fabhchún gorm, agus éin eile a bhí i mbaol a gcaillte uair amháin;

  • Taithí luachmhar ar nós Chlog Phádraig agus a Scrín, ón tréimhse thart ar 1100 AD, ar bhain an dara ceann le Naomh Pádraig, deirtear;

  • Déantáin ón gCré-Umhaois ar nós Thaisce Chagála Beag – ór ón tréimhse 2300-2000 R.Ch.;

  • Leabhar na hAiséirghe, atá ar cheann de na saothair amharcealaíne is suntasaí ón Athbheochan Cheilteach san fhichiú haois;

  • Clár adhmaid le graifítí long Lochlannach agus coileach gaoithe, a tháinig slán cé nach mbeifí ag súil leis;

  • ‘Craiceann Úr’ a rinne Alison Lowry, ealaíóntóir gloine a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, i gcomhar le hÚna Burke, mar ráiteas mar gheall ar an tráma a leanann ionsaí gnéasach;

  • Agus an bodhrán, nach mbíonn meas ceart air i gcónaí agus a dtugtar ‘Ruagaire Reatha na nUirlisí Traidisiúnta Éireannacha’ air, ach atá tar éis áit a bhaint amach dó féin, ar deireadh thiar, i measc mhór-uirlisí traidisiúnta na hÉireann.

 
Ina theannta sin, tá an músaem ag iarraidh ar an bpobal a gcuid machnaimh a dhéanamh ar rudaí atá acu ina dtithe nó ina saoil féin a bhféachann siad orthu mar chomhartha athléimneachta, agus grianghraf den rud féin a phostáil ar Twitter leis an heaischlib #ReflectionsonResilience. Beidh an tionscnamh ar siúl le linn straitéis chomhaimseartha bailithe Ard-Mhúsaem na hÉireann trína bhféachtar le cultúr ábhair d’imeachtaí suntasacha ábhair sna blianta deireanacha ó bhí 2000 ann a bhailiú.
 
Dúirt Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann: “Mar shochaí, mar theaghlaigh, agus mar dhaoine aonair, tá orainn leas a bhaint as gach tobar athléimneachta atá againn le linn na géarchéime coróinvíris seo. Tá an athléimneacht chomh sean leis an gcine daonna agus tar éis scrúdú a dhéanamh ar ár mbailiúchán féin i bhfianaise na réaltachta nua, tá rogha déantán agus eiseamal tugtha le chéile againn a bheidh mar áis mhachnaimh do dhaoine ar an athléimneacht, ní amháin mar dhaoine agus mar náisiún amháin, ach mar phobal domhanda, leis.
  
Dúirt an Dr. Audrey Whitty, Ceann na mBailiúchán agus na Foghlama: “Is nós le daoine, agus le gach neach beo, iad a féin a chur in oiriúint don timpeallacht ina bhfuil siad trí fhoghlaim conas maireachtáil ann – díreach mar atá á dhéanamh againn inniu le linn ghéarchéim an choróinvíris. Tá samplaí as cuimse de seo i ngach cuid den bhailiúchán agus tá dóchas againn go dtabharfaidh ‘Machnamh ar an Athléimneacht’ lón smaoinimh do dhaoine sna hamanna dúshlánacha seo. Mar thír, agus mar phláinéad, tá dúshláin mhóra sáraithe againn roimhe seo agus is amhlaidh a bheidh arís.”
 
Tá cuid de na míreanna a fheicfear in ‘Machnamh ar an Athléimneacht” ar www.museum.ie ar taispeáint in Ard-Mhúsaem na hÉireann, ach tógadh cuid acu as na cúlbhailiúcháin mhóra nach mbíonn ar oscailt don phobal i gcoitinne. Beifear ag cur déantáin agus eiseamail bhreise leis an ngailearaí ar líne fad a bheith na srianta Covid-19 i bhfeidhm agus doirse Ard-Mhúsaem na hÉireann dúnta don phobal.
 
ENDS
 
Teagmhálaithe Meán:
Q4 Caidreamh Poiblí Sinead McGovern sinead@q4pr.ie 087 6411725 // Deirdre Geraghty deirdre@q4pr.ie 086 6031969
 
 
Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Cliceáil anseo go bhfeice tú gailearaí iomlán ‘Machnamh ar Athléimneacht’.

  • Cliceáil anseo chun dul chuig íomhánna ardghléine de na déantáin agus de na heiseamail atá ar taispeáint in ‘Machnamh ar Athléimneacht’.

I dTAOBH ARD-MHÚSAEM NA hÉIREANN:
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann dúnta faoi láthair de bharr ghéarchéim an choróinvíris. Gheofar tuilleadh eolais ag:

Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán: 

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

  • Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions