Scipeáil chuig ábhar

07 mí na Nollag 2020: Foilsíonn Ard-Mhúsaem na hÉireann an staidéar is údarásaí a rinneadh riamh ar chloig láimhe meánaoiseacha

Déanann Cormac Bourke, an t-údar, sainstaidéar ar an luath-Chríostaíocht oileánach agus bhí sé ina choimeádaí ar Sheaniarsmaí Meánaoiseacha ag Músaem Uladh i mBéal Feirste ar feadh 26 bliana
Seoladh Early Medieval Hand-Bells of Ireland and Britain, an chéad cheann i sraith nua foilseachán ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, inniu. Sa leabhar seo leis an údar Cormac Bourke tugtar le chéile den chéad uair na cloig láimhe go léir atá ann nó ar eol go raibh siad in Éirinn agus sa Bhreatain i gcatalóg uileghabhálach a mbainfidh idir saineolaithe agus amaitéaracha araon sult as. De bharr fairsinge an taighde a rinneadh, agus an leibhéal neamhghnách mionsonraí agus tuairiscithe a cuireadh ar fáil sa phíosa oibre seo, is é an staidéar is údarásaí a rinneadh riamh ar chloig láimhe na meánaoiseanna.
Tá níos mó ná 700 leathanach ar fad sa leabhar, agus déantar catalógú ann ar thart ar 300 clog láimhe eaglasta ó Éirinn agus ón mBreatain, lena n-áirítear cloig chaillte agus sé chlog de chineál oileánach ón mBriotáin agus ón mBaváir. Moirfeolaíocht, táirgeadh agus dáileadh na gclog atá faoi chaibidil sa chéad chuid, agus tugtar comhthéacsanna seandálaíochta agus staire agus cuntas ar thábhacht mharthanach na gclog ag deireadh na meánaoiseanna. Is é atá sa dara cuid ná catalóg de na cloig atá ann agus a taifeadadh, trína dtairgtear tuairiscí fisiciúla agus stair cásanna aonair.
Is as Baile Átha Cliath Cormac Bourke, údar an leabhair,  agus bhí sé ina choimeádaí ar Sheaniarsmaí Meánaoiseacha ag Músaem Uladh i mBéal Feirste ar feadh 26 bliana. Déanann sé sainstaidéar ar an luath-Chríostaíocht oileánach agus tá neart ábhar foilsithe aige ar mhiotalóireacht mheánaoiseach agus ar sheandálaíocht na naomh agus a dtaisí.
As na déantúsáin atá tagtha anuas chugainn ó na Meánaoiseanna Luatha in Éirinn agus sa Bhreatain, is iad cloig láimhe na déantúsáin mhiotail de charachtar eaglasta is iomadúla agus is fairsinge ó thaobh a ndáilte. Tá na samplaí íocónacha seo de mhiotalóireacht oileánach ina gcomhartha den luath-Chríostaíocht in Éirinn, in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Idir an cúigiú agus an dara haois déag a rinneadh iad, agus tá líon mór tagtha slán chugainn. Úsáideadh iad ar dtús chun am a rialáil sna mainistreacha agus chun an liotúirge a phoncú. Cuirtear roinnt acu i leith naomh ar leith - lena n-áirítear Pádraig agus Columba (Colum Cille) in Éirinn, Kentigern (Mungo) in Albain agus Dáithí sa Bhreatain Bheag.
Cloig cheathairuilleacha den chuid is mó atá san fhoilseachán, agus baineann siad leis na Meánaoiseanna luatha, idir an cúigiú nó an séú haois agus tús an dara haois déag. Tá cloig láimhe cheathairuilleacha ina gcomharthaí den eaglais luath oileánach agus den adhradh a tugadh do naoimh oileánacha. Cuimsíonn an leabhar scrínte freisin, a bhaineann go hiomlán nó go páirteach leis na Meánaoiseanna déanacha; líon beag clog de chónaisc chruinne ón meánaois luath; dhá chlog de chónaisc chruinne ón meánaois dhéanach a chuirtear i leith naoimh ainmnithe agus a d’fhéadfadh a ghabh áit réamhtheachtaithe ceathairuilleacha; agus clog amháin de dháta neamhchinntithe agus de chineál neamh-oileánach atá mar chuid den ghrúpa Briotánach.
Dúirt Cormac Bourke, údar an fhoilseacháin: “Táthar ar aon fhocal cé gur focal neamhráite é go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cloig, go bhfuil iarracht den naofacht ag gabháil leo ag éirí as a bhfeidhm, agus gur fiú go mór iad a chosaint agus a thabhairt ar láimh. Tá cloigíní i measc na rudaí is sine a thugtar ar aghaidh go leanúnach ó ghlúin go glúin. Bhí baint ag idir 45 agus 60 glúin i gcáil coimeádaí le tabhairt ar aghaidh na gclog is sine. Próiseas leanúnach é ar ndóigh cloig a chosaint agus a thabhairt anuas, agus is sainchúram gairmiúil den chuid is mó é anois. Tá súil agam go gcuirfidh an leabhar seo, ráiteas cuntais in 2020, lena bhuanú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hArd-Mhúsaem na hÉireann as a dtacaíocht agus a bhformhuiniú; murach iad ní bheifí in ann The Early Medieval Hand-Bells of Ireland and Britain a fhoilsiú .“
Dúirt Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, Lynn Scarff; “Is mór an onóir d’Ard-Mhúsaem na hÉireann táirgeadh an fhoilseacháin ghleoite fhíorthábhachtaigh seo a éascú. Ó mo thaobhsa de, braithim go bhfuil an dlúthchaidreamh idir an déantúsán agus lámh an duine ar cheann de na tionchair is buaine a bhíonn ag baint le heolas a chur ar an iliomad earraí inár mBailiúchán Náisiúnta. Is fianaise iad na cloig láimhe meánaoiseacha atá san fhoilseachán seo ar an dlúthnasc seo. Bhí siad mar chuid de shaol na mainistreach ó lá go lá, ina bponcú ar uaireanta urnaí, oibre agus cothaithe lena gclingíní sonda. Tugann na grianghraif agus na léarscáileanna iontacha a ghabhann leis an téacs mionsonraithe san fhoilseachán seo léargas iontach ar a n-úsáid bhunaidh, rud a fhágann gurb é an leabhar seo an staidéar is údarásaí a rinneadh riamh ar na samplaí íocónacha seo de mhiotalóireacht oileánach. “
I gcomhráiteas, dúirt an Dr Audrey Whitty, Ceann na mBailiúchán agus na Foghlama, agus Maeve Sikora, Coimeádaí Seaniarsmaí na hÉireann ag Ard-Mhúsaem na hÉireann; “Is éacht iontach é an foilseachán údarásach seo le Cormac Bourke go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ó thaobh fairsinge an taighde agus na mionsonraí suimiúla; an t-údarás de facto ar an ábhar go gceann na mblianta. Is mór an onóir é gurb é an scothleabhar seo an chéad cheann i sraith nua foilseachán ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, a chuirfidh ár mBailiúcháin Náisiúnta iontacha i gcroílár gach a ndéanaimid.”
Is féidir Early Medieval Hand-Bells of Ireland and Britain a cheannach ar €50 ó XXX nó ar líne ó XXX
ENDS //
 
Press Eye Photography a eiseoidh na grianghraif
Teagmhálaithe Meán:
Q4 Caidreamh Poiblí Sinead McGovern sinead@q4pr.ie 087 6411725 // Deirdre Geraghty deirdre@q4pr.ie 086 6031969
 
Nótaí d’Eagarthóirí:  
I dTAOBH ARD-MHÚSAEM NA hÉIREANN:
Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann dúnta faoi láthair de bharr ghéarchéim an choróinvíris. Gheofar tuilleadh eolais ag: Ceithre láthair atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, mar aon le Taisce Bailiúchán: 
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht (Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Stair an Dúlra (Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Ealaíona Maisiúla & Stair (Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath)
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
  • Ionad Acmhainne na mBailiúchán (Sord) (Níl sé ar oscailt don phobal)

Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions