Tá sé dhéantán is fiche nár cuireadh ar taispeáint riamh cheana le feiceáil sa taispeántas seo. Thug an taighde a rinneadh ar na déantáin seo léargas dúinn ar shaol na ndaoine san áit speisialta seo, ina measc bhí lucht cumhachta agus an chosmhuintir a thaistil mar oilithrigh nó a mhair i nGleann Dá Loch. De thaisme a thángthas ar chuid de na déantáin seo, fuarthas cuid eile i dtochailtí seandálaíochta a pleanáladh go cúramach. Is furasta scéalta a shamhlú le déantáin áirithe, leithéidí bróg leathair mná a cailleadh i bportach i nGleann Dá Loch agus biorán maisithe de chuid easpaig san 11ú haois, a rinne a chuid paidreoireachta ar thaobh an tsléibhe gaothshéidte.
Oibreacha feabhsúcháin faoi láthair i gceantar an Rotunda chun cur leis an eispéireas a bheidh agat sa mhúsaem .
Lean na comharthaí atá marcáilte go soiléir i dtreo na slí isteach
Is oth linn go bhfuil cuid dár ngailearaithe faoin Stair Mhíleata ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath 7, dúnta ar bhonn sealadach
It is no longer necessary to pre-book your visit to NMI - Natural History but numbers are still very limited. Visitors should be prepared to wait in a line outside.