Scipeáil chuig ábhar

Ionad ar cíos agus imeachtaí corparáideacha

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe suite i dtailte áille Pháirc Thurlaigh agus tá roinnt spásanna uathúla ann le haghaidh imeachtaí agus ócáidí corparáideacha.

Is spásanna den scoth iad spásanna an Mhúsaeim le haghaidh imeachtaí a reáchtáil amhail seimineáir, comhdhálacha, fáiltithe, ceadail, cruinnithe agus seoltaí.

Tá an Músaem suite i dtailte Eastát Pháirc Thurlaigh agus tá céad teach an Eastáit ann, a tógadh sa Stíl Ghotach Ard-Victeoiriach, chomh maith le gailearaí taispeántais saintógtha, nua-aimseartha. Chomh maith leis sin tá loch saorga agus láithreán caisleáin a théann siar go dtí tréimhse na nAngla-Normannach suite sna tailte fairsinge. 

Leis na taispeántáin nuálacha atá ar taispeáint ag an Músaem insítear scéal shaol na tuaithe in Éirinn idir 1850 agus 1950 agus cuirtear béim ar leith ar na nithe a leanas: an saol sa bhaile, talmhaíocht, iascaireacht agus sealgaireacht, éadaí agus teicstílí, troscán agus feistithe, ceirdeanna agus ceardaíocht, iompar, fóillíocht agus reiligiún. 

Níl Páirc Thurlaigh suite ach cúpla nóiméad sa charr i bhfad ó Chaisleán an Bharraigh, agus gan ach 20 nóiméad i bhfad ó bhaile Chathair na Mart. Tá páirceáil fhairsing saor in aisce ar fáil ag an Músaem. 

Tá rochtain ag cathaoireacha rothaí ar Fhorhalla an Ghailearaí agus ar an gClosamharclann. 

Seol ríomhphost chuig tpark@museum.ie chun bróisiúr agus praghsanna a iarraidh. 

 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Páirc Thurlaigh

Páirc Thurlaigh,
Caisleán an Bharraigh,
Co Mhaigh Eo,
F23 HY31

+353 94 903 1755