Scipeáil chuig ábhar

I dtaobh an Mhúsaeim

Is san Ard-Mhúsaem - Seandálaíocht a choinnítear seoda neamhghnácha ríluachmhara ar nós Chailís Ardach, Dealg na Teamhrach agus Taisce Dhoire na bhFlann.

Is féidir le cuairteoirí súil a chaitheamh ar dhéantáin seandálaíochta ó Éirinn Réamhstairiúil amach go dtí Ré Ársa na hÉigipte, ó idir 7000 R.Ch. suas go dtí an 20ú haois. Saorchead isteach.

Áirítear ar na seoda is tábhachtaí na 'coirp phortaigh' a bhfuil cáil orthu ar fud an domhain, taispeántas d'ór Éireannach réamhstairiúil, agus an roinn den taispeántas ina ndírítear ar shaltair Éireannach ón mheánaois luath ar a dtugtar Saltair an Fheadáin Mhóir.

Cuireann an músaem clár ceardlann, cainteanna agus turas ar fáil ó cheann ceannn na bliana, don uile aoisghrúpa, mar aon le clár taispeántas sealadach ar théamaí stairiúla agus comhaimseartha.

Tá caifé agus siopa bronntanas ar fáil sa mhúsaem seo.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions

Seandálaíocht

Seandálaíocht,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2,
D02 F627

+353 1 677 7444