Scipeáil chuig ábhar

Moneolaíocht

Tá 10,000 píosa sa bhailiúchán seo. Is boinn Éireannacha atá sa chuid is mó den bhailiúchán a dhátaíonn ó ré na Lochlannach go dtí an lá atá inniu ann. Ansin tá sé seo roinnte in dhá chuid; bailiúchán córasach croineolaíoch agus cnuasach ábhar ó thaiscí. Déantar taiscí (cibé an ábhar Éireannach nó eachtrach atá iontu) a bhailiú i gcónaí, ach amháin mura bhfuil ach píosaí fíor-choitianta iontu, sa chás sin d’fhéadfaí rogha a dhéanamh iad a thaifeadadh seachas iad a fháil.

Méadaítear an bailiúchán croineolaíoch Éireannach de réir ainmníochta, stíle agus cúige díreach mar a dhéantar leis an mbailiúchán airgid.

Tá roinnt mhaith bonn Rómhánach, Sasanach, Eorpach agus Áiseach ann chomh maith, a mbaintear úsáid astu uaireanta chun contrárthacht a léiriú nó chun comparáid a dhéanamh.

Tá raon leathan bonn Éireannach ann, 3,700 in iomlán, a chlúdaíonn ábhair mar stair, cúrsaí polaitíochta, talmhaíocht, spórt agus oideachas, chomh maith le ceadchomharthaí, nótaí bainc agus ábhar moneolaíochta eile.


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions