Scipeáil chuig ábhar

17th/18th century

Fallaing Shagart Daoist

Nuair a fuair Ard-Mhúsaem na hÉireann an fhallaing seo in 1932 creideadh gur fhallaing de Shagart Láma a bhí ann a dhátaíonn go réimeas Kangxi (1662-1722), agus a bhain le hAb den phríomhtheampall Búdaíoch Tibéadach sa tSín, an YongHeGong sa Bhéisin.

Anois tá sé aitheanta i gceart mar fhallaing de shagart Daoist den chéad ghrád.

Cad is brí leis an Daochas?

Murab ionann agus an Búdachas, bhí bunús an Daochais laistigh den tSín amháin mar fhealsúnacht timpeall500 RCh. I mbealaí áirithe tá na teampaill Daoist agus Búdaíocha agus a ndéantáin, ar nós dóirí túise agus dealbha, cosúil lena chéile, agus is féidir leis seo cur isteach ar an sainaithint.

Cad is brí leis na siombailí ar an bhfallaing?

An aidhm a bhí ag na móitífeanna maisiúla ar éide Daoist ná ord neamhaí a chur ar fáil trí siombailí réaltacha a chur isteach a cheanglaíonn an domhan leis an gcosmas. Ar chúl na fallainge seo tá siombailí don ghrian, don ghealach agus do na réaltaí timpeall ar Neamh, atá léirithe mar thúr ilurláir ina bhfuil dioscaí óir ag dul timpeall uirthi a léiríonn na réaltaí.

Níos faide síos tá ceithre struchtúr cosúil le geataí a léiríonn na ceithre phointe cairdinéil (treonna) den domhan. I measc na dtonnta ag an mbun tá ainmhithe a bhaineann leis an Daochas ina bhfuil fianna, grúis, toirtísí, nathracha, olléisc (ao) agus dragain.

Bhíodh an sagart a chaitheadh an fhallaing seo mar fhócas lárnach de dheasghnáth, agus creideadh gur chuir sé seo caidreamh sítheach chun cinn le neamh agus leis an gcobhsaíocht sa domhan.

Suíomh:


Fallaing Shagart Daoist suite ag:
Decorative Arts & History


An déantán roimhe seo:

Cloigeann Bodhisattava


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions