Scipeáil chuig ábhar

AD 1123

Cros Conga

Rinneadh Cros Chonga in 1123 chun blogh den Fhíor-Chros a tugadh go hÉirinn a chumdach agus cuireadh ar taispeáint é in áiteanna difriúla ar fud na tíre. Tugtar é seo ar an gcros toisc go gcoimeádtaí é sa Mhainistir Agaistíneach ag Cong, Co. Mhaigh Eo, ar feadh na céadta bliain.

Léiriú is ea Cros Chonga ar an deireadh le traidisiún fada d’eachtaí miotalóireachta a bhain go sainiúil leis an Eaglais in Éirinn. Tá sí maisithe le réimse suntasach stíleanna agus is féidir breathnú uirthi mar cheann de na seoda is mó ón re.

Rinneadh í mar scrín do bhlogh den Fhíor-Chros a fuair Toirrdelbach Ua Conchobair Ard-Rí Éireann sa bhliain AD 1122, mar is eol ó fhoinsí scríofa. Lena húsáid i ndeasghnátha a ceapadh í cé gur ró-dhócha gur mar chros altóra is mó a úsáideadh í. Tá lár dara uirthi atá clúdaithe le plátaí de chré-umha teilgthe. Bhí clochchriostal mór leabaithe i lár an trasnáin mar chosaint don tais, nach maireann. Ta an clochchriostal leabaithe i bhfeiste chónúil ata timpeallaithe ag feire ata maisithe le híolagrán óir, niello agus bocóidí de ghloine ghorm agus bhán. Ta na plátaí cré-umha ar dhromchlaí na croise déanta le teilgeadh gréasoscailte agus iad maisithe le hainmhithe nasctha sa stíl Urnes ón Scandanáiv.

Ainmníonn an inscríbhinn ar thaobhanna na croise Toirrdelbach Ua Conchobair mar phatrún agus Máel Ísú mac Bratáin Uí Echach mar cheardaí. Luaitear beirt eaglaiseach mhóra freisin. Tá an inscríbhinn, atá as Gaeilge, frámaithe ag dhá líne mar an gcéanna sa Laidin a deir ‘leis an gcros seo clúdaítear an chros as a d'fhulaing cruthaitheoir na cruinne’.

Suíomh:


Cros Conga suite ag:
Archaeology


An chéad déantán eile:

Cailís Dhoire na bhFlann


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions