Scipeáil chuig ábhar

Tús an 9ú haois AD

Cailís Dhoire na bhFlann

Tagann an chailís seo ón gcuid luath den 9ú haois AD agus thangthas uirthi sa sa bhliain 1980 ar láithreán mainistreach i nDoire na bhFlann, Co. Thiobraid Árann.

Is mar chuid de thaisce de shoithí altóra é an chailís seo a aimsíodh in 1980 ar láithreán mainistreach i nDoire na bhFlann, Co. Thiobraid Árann. Trí thochailt a rinne foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann thángthas ar chodanna de na réada maisithe a bhí ar iarraidh, ar nós painéil d’fhíolagrán óir, gléasanna stampláilte le dísle agus seamanna.Tá an chailís airgid inchomparáide le Cailís Ardach cé go gceaptar nach bhfuil sé chomh galánta leis. Tá a maisiúchán níos simplí, agus níl an fíolagrán déanta chomh mín sin. Seans gur dáta níos déanaí atá aici ná Cailís Ardach. As airgead buailte deilsnasta atá an babhla cailíse déanta. Tá stoc agus cos an bhabhla ceangailte le pionna mór a ghlasálann ar ghreimphláta ar an taobh thíos den chos. Tá cuasa sa dá chluas atá ar an mbabhla, a bhfuil painéil d'fhíolagrán óir fuaite isteach iontu. Tá stodaí ómra ar na cluasa freisin mar mhaisiúchán agus tá bearnaí eatarthu agus iad curtha ar feadh an bhanda maisiúcháin d'fhíolagrán atá timpeall an bhabhla.

Suíomh:


Cailís Dhoire na bhFlann suite ag:
Archaeology


An déantán roimhe seo:

Cros Conga


An chéad déantán eile:

Paiteana Airgid Dhoire na bhFlann


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions