Scipeáil chuig ábhar

8ú haois AD

Paiteana Airgid Dhoire na bhFlann

Amhail Cailís Dhoire na bhFlann, is mar chuid de thaisce de shoithí altóra é an plaiteana seo a fuarthas i nDoire na bhFlann, Co. Thiobraid Árann.

Is mar chuid de thaisce de shoithí altóra é an plaiteana seo ina raibh cailís airgid agus síothlán cré-umha i bhfolach faoi bháisín cré-umha laistigh den mhainistir ársa, Doire na bhFlann, Co. Thiobraid Árann. Agus iad in úsáid le linn cheiliúradh an Aifrinn chun an Eocairist a choimeád, ba rud coitianta iad na paiteanaí níos déanaí sa saol Rómhánach, ach is beag samplaí a mhaireann ó Éire na Meánaoise Luaithe.

Is de thógáil an-chasta é paiteana Dhoire na bhFlann, atá curtha le chéile ó níos mó ná 300 píosa. As airgead buailte atá an mhias déanta atá sádráilte agus fuaite le sreang le himeall cré-umha. Tá dhá phainéal d'fhíolagrán óir agus stoda maisiúil sa lár ar gach ceann den dá fhráma dhéag cré-umha óraithe agus cuartha ar an imeall. Tá na frámaí seo ceangailte le chéile le seamanna cré-umha, agus tá na cinn i bhfolach faoi dhá stoda dhéag gloine agus cruain. Tá patrúin theibí ar roinnt de na painéil d'fhíolagrán, agus tá móitífeanna daonna agus ainmhí le feiceáil freisin. Léiríonn líon painéal péirí d'fhir agus iad ar a nglúine agus droim le droim.

Tagann an paiteana ón tréimhse chéanna le Cailís Ardach, agus dar ndóigh tugtar le tuiscint leis an úsáid chomhchosúil d'fhíolagrán, sreang chniotáilte, mogall agus cruain ar an dá réad, go bhfuil seans ann gur rinneadh sa cheardlann chéanna iad.

Suíomh:


Paiteana Airgid Dhoire na bhFlann suite ag:
Archaeology


An déantán roimhe seo:

Cailís Dhoire na bhFlann


An chéad déantán eile:

Trumpa Loch na Séad


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions