Scipeáil chuig ábhar

8ú hAois AD

Cailís Ardach

Baineadh úsáid an gcailís airgid seo, a aimsíodh ar dtús ag an Riaráiste, Ardach. Co. Luimní chun an fíon Eocairisteach a dháileadh amach le linn an Aifrinn.

Tá Cailís Ardach ar cheann de na seoda is mó in Eaglais Luath na hÉireann. Is cuid é de bhailúchán réada a aimsíodh sa 19ú haoois ag garsún óg a bhí ag baint prátaí gar do Ardach, Co. Luimnigh. Baineadh úsáid as chun an fíon Eocairisteach a dháileadh amach le linn an Aifrinn. Cuireann cruth na cailíse earraí boird Rómhánacha déanaí i gcuimhne, ach tá an modh déanta Éireannach.

As airgead casmhúnlaithe atá babhla agus cos na cailíse déanta. Tá taobh amuigh an bhabhla maisithe le hornáid churtha d'ór, airgead, gloine, ómra agus cruan. Tá an taobh thíos maisithe go mór freisin agus tá clochchriostal snasta sa lár.

Tá an babhla greamaithe leis an ngas agus leis an gcos le pionna cré-umha. Faoi bhun an bhanda d'fhíolagrán óióir agus stodaí mórthimpeall an bhabhla, tá ainmneacha aon asal déag agus Naomh Pól inscríofa. Tá na litreacha le feiceáil ar chúlra mionbhreactha. Is féidir maisiúchán ainmhithe greanta a fheiceáil freisin faoi dhá scéithín hanla, atá greanta leis stodaí casta gloine agus painéil d'fhíolagrán.

Léiriú is ea Cailís Ardach ar bhuaicphointe i gceardaíocht na meánaoise luath agus is féidir é a chur i gcomparáid mar sin le Dealg na Teamhrach agus Paiteana Dhoire na bhFlann.

Suíomh:


Cailís Ardach suite ag:
On Display


An déantán roimhe seo:

Trumpa Loch na Séad


An chéad déantán eile:

Clog Phádraig agus a Chumhdach


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions