Scipeáil chuig ábhar

8ú-9ú haois AD agus circa AD 1100

Clog Phádraig agus a Chumhdach

Tagann Clog Phádraig agus a Chumhdach ón 8ú - 9ú haois AD agus circa AD 1100 faoi seach.

Deirtear gur le gur le Naomh Pádraig féin an cloigín. Tá an cloigín déanta de dhá leathán iarainn atá seamaithe le chéile agus clúdaithe le cré-umha. Luaitear an cloigín seo go minic i bhfoinsí scríofa mar cheann de phríomhthaisí na hÉireann.

Tugann inscríbhinn ar a dhromchla le fios fur rinneadh an cumhdach don chloigín thart ar AD 1100. Tá cruth traipéasóideach air, amhail cruth an chloigín a bhí á chlúdach aige. Déanta de shraith de phlátaí cré-umha nasctha ag na ciumhaiseanna ag greamáin fheadánacha, ag barr an chumhdaigh tá suaitheantas cuartha a chlúdaíonn hanla an chloigín. Tá aghaidh an chumhdaigh clúdaithe le fráma d'airgead óraithe ina mbíodh tríocha painéal d'fhíolagrán óióir ar dtús. Tá siad seo socraithe i gcruth croise le fáinne.

Tá taobhanna an chumhdaigh maisithe le painéil gréasoscailte a léiríonn ainmhithe fadaithe nasctha le nathrach nimhe. Tá cúl an chumhdaigh níos simplí agus níos cothroime, agus é maisithe le pláta airgid gréasoscailte ina bhfuil crosanna nasctha.

San inscríbhinn ar chiumhais an phláta cúil tá ainm an cheardaithe agus a mhic a tinne an cumhdach, agus Domhnall Ua Lochlainn, Rí na hÉireann idir AD 1094 agus 1121, a d'ordaigh an cumhdach; luaitear Cathalan Ua Maelchallain, coimeádaí an chloigín freisin. Iontas na n-iontas, d'fhan an cumhdach i seilbh na clainne seo go dtí deireadh na 19ú haois.

Suíomh:


Clog Phádraig agus a Chumhdach suite ag:
Archaeology


An déantán roimhe seo:

Cailís Ardach


An chéad déantán eile:

Muince Bhrú Íochtair


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions