Scipeáil chuig ábhar

1ú haois BC

Muince Bhrú Íochtair

Aimsíodh an mhuince óir is aoibhne d'Iarannaois na hÉireann i dtaisce réad óir cóngarach do chladach ársa Loch Feabhail ag Brú Íochtair, Co. Dhoire.

Tá teirminéil mhaolánacha ag an ornáid mhuince fheadánach mhór agus tá sí maisithe ar an bhfáinne le maisiúchán ardaithe agus greanta. Tá móitífeanna stílithe d'éin agus capaill ar fáil ar an maisiúchán ardaithe atá níos suantasaí leis na stuanna greanta agus comhlárnacha sa chúlra. Ar na teirminéil tá gléas moirtíse agus tionúir a dhaingnigh an mhuince le chéile.

Tá baint ar leith ag na muincí le ríthe agus déithe Ceilteacha. Bhí baint ag an rí mara Manannán mac Lir le Loch Feabhail agus b'fhéidir go raibh tábhacht ar leith ann do rí áitiúil, mar dhia cosantach nó mar shinsear diaga, b'fhéidir. Tagann an logainm Broighter ón ainm Gaelach Brú Íochtair. Sa mhiotaseolaíocht luath-Éireannach ba theach cónaithe dé é brú agus ciallaíonn an téarma íochtair ‘lower’. Dá bhrí sin b'fhéidir gur tagairt d'áit chónaithe faoi uisce Mhanannán mac Lir é an logainm. Bheadh an capall fíorstílithe ar an muince feiliúnach toisc gurbh é an capall a bhí fíorthábhachtach mar ainmhí don dia mara.

Suíomh:


Muince Bhrú Íochtair suite ag:
Archaeology


An déantán roimhe seo:

Clog Phádraig agus a Chumhdach


An chéad déantán eile:

Saltair an Fheadáin Mhóir


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions