Scipeáil chuig ábhar

AD 1100

Bachall Lios Mór

Thángthas ar Bhachall Lios Mór i ndoras blocáilte ac Caisleán Lios Mór, i mblianta tosaigh na 19ú haoise.

Thángthas ar Bhachall Lios Mór i ndoras blocáilte ac Caisleán Lios Mór, i mblianta tosaigh na 19ú haois. Amhail formhór bhachaill na meánaoise Éireannacha, tá sé déanta de stoc adhmaid maisithe le cré-umha, cnobaí spáis, agus le crúca de chóimhiotal copair múnlaithe ar an mbarr. Tá an crúca teilgthe in aon phíosa amháin agus tá sé toll ach amháin do chumhdach beag a cuireadh isteach sa titim Tá dhá thaobh an chrúca maisithe le stodaí cruinne de ghloine ghorm atá inleactha le millefiori dearga agus bána. Ar chirín na bachaille tá trí ainmhí le gialla oscailte, a chríochnaíonn le cloigeann aihmní le súle gorma gloine. In inscríbbhinn an bun an chrúca tá ainm Neachtain, an ceardaí a rinne an bhachall, in éineacht le hEaspag Lios Mór, a d'ordaigh é.Comharthaí cumhachta agus údaráis ab ea bachalla dá leithéid. Baineann neart acu le tréimhse ina raibh suaitehadh polaitiúil, nuair a bhí leasú á dhéanamh ar an Eaglais in Éirinn Mar thoradh ar an leasú seo bhí iomaíocht idir na mainistreacha móra agus iad ag iarraidh a bheith ina n-ionaid deoise nua. Ordaíodh seoda saibhre eaglaise ar nós bachalla agus cumhdaigh ag an am seo, i bpáirt chun tacú le héilimh na n-ionad mainistreach ar leith agus a bpátrún tuata.

Suíomh:


Bachall Lios Mór suite ag:
Archaeology


An déantán roimhe seo:

Saltair an Fheadáin Mhóir


An chéad déantán eile:

Dealg na Teamhrach


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions